An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn de chuid an Ghrúpa Forfheidhmithe Bithgheilleagair curtha faoi bhráid an Rialtais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. inniu roimh fhoilsiú Chéad Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Ghrúpa Forfheidhmithe Bithgheilleagair don Rialtas ina leagtar béim ar an obair a ndeachthas ina bun le bliain anuas le dul i ngleic leis na gníomhartha agus na dúshláin mar a leagadh amach sa Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar.
Cumhdaítear gach earnáil agus córas a bhíonn ag brath ar acmhainní bitheolaíochta sa bhithgheilleagar (ainmhithe, plandaí, miocrorgánaigh agus bithmhais dhíorthaithe, lena n-áirítear dramhaíl orgánach). Déanann sé nasc idir an táirgeadh príomhúil a dtugtar faoi i gcúrsaí talmhaíochta, foraoiseachta, iascaigh agus dobharshaothraithe agus réimse d'earnálacha eacnamaíocha agus tionscail chun bia, beatha, táirgí bithbhunaithe, fuinneamh agus seirbhísí a tháirgeadh. Dá bhrí sin, cuirtear deis ar leith ar fáil chun luach níos mó a fháil ar tháirgeadh agus ar phróiseáil, go háirithe trí úsáid a bhaint as fotháirgí agus sruthanna dramhaíola, chun go mbaintear an toradh is fearr amach do gach páirtí sa slabhra breisluacha. Cuirtear deiseanna tábhachtacha ar fáil chomh maith chun táirgí a ghintear ón timpeallacht nádúrtha a chur in áit táirgí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise mar bhia, beatha, plaistigh bhithbhunaithe, ceimicí nádúrtha agus ábhair. Le go n-éireoidh leis, ní mór d'inmharthanacht agus ciorclaíocht a bheith ag croílár an bhithgheilleagair.
Dúirt an tAire, "Cuireann cúrsaí Talmhaíochta, Foraoiseachta & Mara agus an Earnáil Bia go mór leis an uaillmhian bhithgheilleagrach náisiúnta. I measc na dtiomantas atá ann tá tiomantas chun cleachtais nuálacha, próisis agus slabhraí breisluacha a fhorbairt atá ábalta feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar athúsáid acmhainní i gcórais talmhaíochta, foraoiseachta agus mara mar a léiríodh sa ghníomhaíocht bithscaglann glas ar scála beag faoi threoir feirmeoirí i gcomhar le Comharchumann Chairbreach agus Bharraí Rua. Áirítear ann chomh maith comhtháthú na bithphróiseála agus an bhithscagtha chun táirgí bia agus beatha a tháirgeadh chomh maith le táirgí eile bithbhunaithe a chur in áit táirgí ard-tuímithe carbóin mar choincréit, cruach, plaistigh, ceimicí agus fuinneamh agus táirgí nua a tháirgeadh."
Tagann na moltaí sa tuarascáil seo go maith leis an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide chun Dul i nGleic le Cliseadh Aeráide agus le gníomhaíochtaí a aithníodh roimhe seo sa Chreat Náisiúnta Pleanála, Tionscadal Éireann 2040, Future Jobs Ireland, agus forbairt na Straitéisí Réigiúnacha Spáis agus Eacnamaíochta. Beidh forbairt an bhithgheilleagair ina príomhábhar i gcomhairliúcháin CAP agus EMFF na Roinne agus beidh sí ina príomhábhar chomh maith sa straitéis forbartha don earnáil agraibhia go dtí an bhliain 2030.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed, "D'fhéadfaí a bheith chun cinn i ndáil le poist ghlasa ar ardchaighdeán a chruthú i gceantair faoin tuath, leis an gcósta agus i gceantair uirbeacha má dhéantar an earnáil agraibhia a athnuachan agus a neartú trí bhithscagadh ar scála beag, ar bhonn píolótach agus ar scála mór a ghlacadh, a mhéadú agus a thráchtálú. Mar shampla, tá Glanbia ag cur le bithscaglann chomhtháite, an chéad cheann dá leithéid acu ar domhan, sa Lisín i gCo. Thiobraid Árann chun foshruthanna déiríochta a athrú go dtí ceimicí bithbhunaithe, mianraí do chothú an duine agus leasú bithbhunaithe ar ardluach. Ina theannta sin, i Loch Éigis i gCo. Mhuineacháin, tá an chéad bhithscaglann mara phíolótach san Eoraip tógtha ag BioMarine Ingredients chun próitéin, ola agus cailciam ar ardluach a dhéanamh as an bhfaoitín gorm. De bharr go bhfuil an earnáil agraibhia ag féachaint le nuálaíocht a mbeidh toradh dearfach aici ar an aeráide agus ar an timpeallacht a chur i bhfeidhm, agus de bharr go bhfuil éiginnteacht mhór le sárú ag an earnáil de bharr an Bhreatimeachta, is deis atá ann don earnáil agraibhia an bithgheilleagar a fhás chun an baol atá roimpi a athrú agus a laghdú.
Nótaí don eagarthóir
I Márta 2018 a foilsíodh an Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar: https://www.gov.ie/en/policy-information/e551fa-the-bioeconomy/
Is féidir teacht ar an Tuarascáil Forfheidhmithe Bithgheilleagair don Rialtas ag:
Tuarascáil na Roinne Gnó, Fiontar & Nuálaíochta (Iúil 2019): Realising the opportunities for enterprise in the bioeconomy and circular economy in Ireland
Is é Biorefinery Glas an chéad léiriú ar bhithscaglann ar scála beag in Éirinn. Tacaíonn sé le múnlaí gnó nua a fhorbairt chomh maith le héagsúlú feirmeoirí isteach sa bhithgheilleagar ciorclach. Is é Biorefinery Glas an chéad chéim i dtreo an ról atá ag feirmeoirí sa bhithgheilleagar a athrú, ó sholáthróirí bithmhaise go dtí táirgeoirí táirgí críochnaithe agus leathchríochnaithe.
Tá an AgriChemWhey project ag aistriú taobhsruthanna déiríochta go dtí táirgí ar ardluach – Aigéad lachtach-L, pola-aigéad lachtach, mianraí do chothú an duine agus leasú bithbhunaithe go sonrach - chun margaí domhanda a fhás. Leis an bpróiseas seo, déanfar treoirphlean a fhorbairt le haghaidh múnla inmharthana geilleagrach a bheifear ábalta a úsáid ar fud na hEorpa.
Cuideachta bhithgheilleagrach mara í Bio-marine Ingredients Ireland (BII) atá lonnaithe i gCo. Mhuineacháin. Táirgeann BII comhábhair mhara den chaighdeán is airde ag úsáid an líon mór faoitín gorm atá le fáil gar do chósta na hÉireann. Iascairí iad na príomhpháirtithe leasmhara i BII agus is acu atá na cuótaí chomh maith ar a bhfuil an chuid is mó den amhábhar a chuirtear ar fáil do shaoráid BII bunaithe.
Tá an LIBRE Horizon 2020 projectfaoi stiúir Ollscoil Luimnigh ag forbairt ábhar ilchodach bithbhunaithe nua ag baint úsáid as lignin atá cumaiscthe le bithpholaiméirí mar réamhtheachtaí chun snáithíní carbóin a tháirgeadh lena n-úsáid in earnálacha úsáideora deiridh mar iompar, mar fhuinneamh inathnuaite ag EireComposites Teo agus san earnáil tógála.
CRÍOCH