Creed Launches Climate Action Consultation for Agriculture ga
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán poiblí seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. maidir le “Ag-Climatise”, Plean Oibre Náisiúnta Aeir & Aeráide don Earnáil Talmhaíochta go dtí an bhliain 2030 agus ina dhiaidh.
Dúirt an tAire, “Léiríodh an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sa Phlean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide 2019 ina bhfuil uaillmhian shoiléir leagtha amach d'Éirinn”. Dúirt an tAire freisin “Déanfaidh an earnáil talmhaíochta a cuid féin chun aistriú chuig geilleagar agus sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide, agus ag an am céanna, leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil mar gheall ar an dúshlán seo”.
Tá sprioc i dtaobh astaíochtaí talmhaíochta a laghdú idir 10% agus 15% mar chuid de Phlean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide, trína dtabharfar astaíochtaí idir 17.5 agus 19 Mt in 2030. Chomh maith leis sin, cuideoidh an earnáil chun 26.8Mt CO2 a bhaint as an atmaisféar trí fhoraoisiú agus trí bhealaí nua chun talamh a bhainistiú. Agus úsáid á baint as na spriocanna seo mar chreat uileghabhálach, is é Ag-Climatise an plean oibre don earnáil agraibhia.
Tá roinnt gníomhartha agus spriocanna uaillmhianacha agus dúshlánacha beartaithe sa doiciméad comhairliúcháin a mbeidh iarracht leanúnach agus comhaontaithe ag teastáil ina leith, mar aon le dlús a chur le gníomhaíocht ar fud na hearnála ar fad ón mbuntáirgeoir go dtí an próiseálaí. Baineann an dúshlán le treocht na n-astaíochtaí ó thalmhaíocht a athrú ionas go laghdófar an t-áireamh astaíochtaí iomlán.
Onnmhairíonn Éire 90% den bhia a tháirgtear sa tír agus díoltar bia le 178 tír ar fud an domhain, anuas air sin ní raibh tomhaltóirí riamh chomh heolach ar an lorg comhshaoil a bhaineann leis an mbia a cheannaíonn siad. Dúirt an tAire “Tá talmhaíocht na hÉireann anois ar cheann de na táirgeoirí mairteola agus déiríochta is éifeachtúla san Eoraip ó thaobh carbóin de agus faoin meirge Origin Green, atá aitheanta go forleathan, is féidir linn déanamh níos fearr agus ní mór dúinn déanamh níos fearr. Más féidir le feirmeoirí, an tionscal agus an Roinn oibriú le chéile, táim muiníneach go mbeidh páirt mhór ag an earnáil Agraibhia le go mbeidh Éire in ann a ghealltanais i leith na haeráide a bhaint amach.”
Baineann trí ghné le struchtúr an phlean oibre:
Tá próiseas comhairliúcháin ar oscailt anois, agus dúirt an tAire mar fhocal scoir “Chuirfinn fáilte mhór roimh thuairimí ó fheirmeoirí maidir leis an bplean seo a fhorbairt. Tabharfaimid cluas d'fheirmeoirí agus glacfaimid lena gcuid tuairimí de réir mar a thabharfaimid an plean oibre chun críche sna míonna amach romhainn. Trí oibriú le chéile agus athruithe praiticiúla a chur i bhfeidhm ar fheirmeacha, is féidir linn an fheirm teaghlaigh a chosaint do na glúnta atá le teacht.’’
Nótaí d'Eagarthóirí
Dé hAoine an 10 Eanáir 2020 an dáta a mbeidh deiridh leis an gcomhairliúchán.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán:
thart ar 35 nóiméad an suirbhé a chur i gcrích.
Cuirtear fáilte chomh maith roimh thuairimí i scríbhinn chuig agclimatise@agriculture.gov.ie agus sa phost chuig:
Comhairliúchán maidir le Plean Oibre Aeráide & Aeir
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
An Rannán Beartas um Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh
Ionad Gnó Grattan
Bóthar Bhaile Átha Cliath
Port Laoise
Co. Laoise
Éire
R32 K857
Is féidir an Plean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide a fháil anseo.
Chomh maith leis sin, tá an tionscnamh Ag-Climatise ag teacht le cuspóirí Future Jobs Ireland – Bonn a Chur Inniu faoi Gheilleagar na Todhchaí, go háirithe Colún 5 – Ag Triall ar Gheilleagar Ísealcharbóin.
CRÍOCH