Tionscadal OPW um Athchóiriú Theach Tom Johnson mar chuid den Phlean Náisiúnta um Téarnamh agus Teacht Aniar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) sásta go bhfuil ceann dá mórthionscadail chaipitil mar chuid den Phlean Náisiúnta um Téarnamh agus Teacht Aniar 2021 (PNTTA) a d’fhógair an Rialtas inné. Ag Teach Tom Johnson (Tor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath 4), déanfar athchóiriú suntasach ar áras oifige (cúig urlár agus íoslach) a tógadh timpeall 1975. Beidh an tionscadal seo um thíosacht fuinnimh ina eiseamlár mar thionscadal ‘iarfheistithe doimhin’ agus léireoidh sé OPW mar cheannródaí um aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní.
Déanfar uasghrádú suntasach ar chreat teirmeach an fhoirgnimh, a ardóidh an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) ó rátáil C3 go rátáil A2, rud a thabharfaidh laghdú 75% in úsáid bhliantúil fuinnimh.
Coimeádfar an struchtúr atá ann cheana ó na 1970idí agus bainfear buntáiste ón struchtúr coincréithe agus an tosach bricí lasmuigh. Sa chaoi seo beidh laghdú suntasach ar lorg carbóin an fhoirgnimh. Athrófar an leagan amach laistigh chuig plean oscailte agus beidh folús láir urláir chun solas lae agus aerú nádúrtha a fheabhsú.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Sa Phlean Náisiúnta um Téarnamh agus Teacht Aniar a d’fhoilsigh an Rialtas inné, léirítear an t-athrú glas mar ardtosaíocht agus tugtar maoiniú suntasach le haghaidh tionscadail um dhíothú carbóin – mar shampla, iarfheistiú ar oifigí poiblí. Tá OPW geallta um réitigh inbhuanaithe a mhaolaíonn ar athrú aeráide trí thionscadail a thabharfaidh chun cinn treoirlínte maidir le hathchóiriú doimhin fuinnimh ar réadmhaoine stairiúla san earnáil phoiblí.”
Ar chríochnú don obair athchóirithe, is ann a bheidh ardoifig nua ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; faoi láthair tá an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais agus Suirbhé Géolaíochta Éireann lonnaithe ann.
CRÍOCH
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Thug an Rialtas an Plean Téarnaimh agus Teacht Aniar 2021 chun cinn ionas gur féidir leis an tír seo maoiniú a fháil faoi Áis Téarnaimh agus Teacht Aniar an AE. Táthar ag súil go bhfaighidh Éire €915 mhilliún de dheontais faoin Áis in 2021 and 2022. Cionroinnfear sraith eile deontas in 2023, ag tabhairt aird ar chúrsaí eacnamaíocha idir seo agus sin.
Is í an Áis Téarnaimh agus Teacht Aniar an chomhpháirt is mó de NextGenerationEU, freagairt an Aontais Eorpaigh dar luach €750 billiún ar an bpaindéim dhomhanda. Is aidhm dó cuidiú um an díobháil práinneach eacnamaíoch agus sóisialta de dheasca na paindéime a dheisiú agus ullmhú don Eoraip iar-Covid a bheidh níos glaise, níos digití, níos fearr um theacht aniar agus oiriúnach um aghaidh a thabhairt ar an saol atá romhainn.