Fáiltíonn an tAire Feighan roimh fhoilsiú sonraí Náisiúnta Cóireála maidir le hAlcóil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine, agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan, roimh fhoilsiú sonraí an Chórais Náisiúnta Tuairiscithe um Chóireáil Drugaí maidir le Cóireáil Alcóil do 2021. Léirítear sa tuarascáil an gá leanúnach atá le freagairt sláinte poiblí d'fhonn aghaidh a thabhairt ar úsáid dhochrach alcóil chomh maith leis na tosca sóisialta a bhaineann le húsáid dhochrach alcóil.
Tugtar ar aird sa tuarascáil an laghdú ar chásanna nua a tháinig i láthair le haghaidh cóireála alcóil in 2021 (3,026) i gcomparáid le cásanna nua in 2020 (2,490) agus in 2019 (3,296), rud a léiríonn laghdú foriomlán 270 le trí bliana anuas. In 2021, b'ionann meánaois na gcásanna ar déileáladh leo agus 42 bliain d'aois, suas ó 41 i mblianta roimhe sin (43 bliain do mhná; 41 bliain d'fhir). Fir a bhí i bhformhór na gcásanna in 2021 (62.6%). B'ionann cion na gcásanna le heitneacht de chuid Lucht Siúil na hÉireann agus 2.4% in 2021, agus bhí cónaí ar 1 as 5 chás a raibh cóireáil á fáil acu le leanaí 17 mbliana d'aois nó níos óige.
Dúirt an tAire Feighan:
"Cé gur ábhar misnigh é laghdú a fheiceáil ar líon na gcásanna nua atá ag teacht i láthair do chóireáil alcóil, ní mór tacaíochtaí a chur ar fáil do leanaí ar féidir díobháil a dhéanamh dóibh ag gach aois nuair atá a dtuismitheoirí ag baint mí-úsáide as drugaí nó alcól. Ar an gcúis seo, bhunaigh FSS agus Tusla an tionscadal náisiúnta Hidden Harm chun pleanáil seirbhíse a threorú agus seirbhísí do leanaí sna cúinsí seo a fheabhsú."
Thug an tAire Feighan ar aird go bhfuil méadú seasta tagtha ar líon na gcásanna a cóiríodh i saoráidí d'othair sheachtracha le blianta beaga anuas; 4,183 cás in 2021, ar méadú 678 é i gcomparáid le 2020, agus suas le 90 cás i gcomparáid le 2019.
Dúirt an tAire Feighan:
"I mí na Nollag 2021, thug mé isteach an Ciste Feabhsúcháin Seirbhísí Pobail, le €2 mhilliún chun seirbhísí drugaí agus alcóil pobalbhunaithe a fheabhsú. Tá an ciste mar chuid den tosaíocht straitéiseach chun rochtain ar sheirbhísí sa phobal agus seachadadh seirbhísí sa phobal a fheabhsú. Ailíníonn sé seo leis an gclár athchóirithe Sláintecare a fheabhsóidh cúram pobail agus a aistreoidh cúram isteach sa phobal agus níos gaire do thithe daoine.
"Faoi Phobail Shláintiúla Sláintecare, tá Seirbhísí Comhtháite Alcóil á gcur i bhfeidhm i suíomhanna pobail chun tacaíocht a sholáthar do dhaoine a bhfuil úsáid dhíobhálach alcóil acu agus dá dteaghlaigh. Beidh ceathrar comhairleoirí, Altra agus Oibrí Tionscadail ar an bhfoireann pobalbhunaithe. Tá seirbhísí á gcur ar fáil i gCorcaigh agus i Luimneach. Oibreoidh na seirbhísí go dlúth le hAltraí Teagmhála Alcóil in ospidéil ionas go mbeidh cur chuige comhcheangailte ann maidir le seachadadh seirbhíse ar fud suíomhanna pobail agus ospidéil."
Dúirt an tAire Feighan:
"I mí Eanáir na bliana seo thug mé isteach íosphraghsáil aonaid ar alcól, a chuireann cosc ar alcól láidir a dhíol ar phraghsanna ísle agus a laghdaíonn díobháil a bhaineann le halcól, lena n-áirítear galair, básanna agus coireacht a bhaineann le húsáid alcóil agus úsáid na seirbhíse sláinte, tá sé seo mar chuid de raon beart faoin Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha a bhaineann le hól ar fhorais sláinte poiblí."
In 2021, soláthraíodh €2 mhilliún do sheirbhísí cóireála drugaí agus alcóil, do 475 eachtra breise de chóireáil chónaithe.
In 2022, cuireadh €4.2m ar fáil chun soláthar seirbhísí drugaí agus alcóil a leathnú, €1.7m do bhearta chun infhaighteacht seirbhísí drugaí agus alcóil FSS a mhéadú ar fud na tíre, lena n-áirítear seirbhísí do dhaoine le handúil in alcól, do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois, do theaghlaigh a bhfuil drugaí ag dul i bhfeidhm orthu, chomh maith le cláir athshlánúcháin agus aisghabhála. Ina theannta sin, fuarthas €487,000 chun soláthar a dhéanamh do Fhreagra Pobail Cliniciúil Leibhéal 2 ar Sheirbhís Alcóil i CHO 9.
Ba chóir d'aon duine a bhfuil imní orthu maidir le húsáid drugaí agus alcóil, nó úsáid drugaí ag baill teaghlaigh nó cara, tacaíocht a lorg ó dhochtúir teaghlaigh, ó sheirbhísí áitiúla nó teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach drugaí agus alcóil ar 1800 459 459. Cuireann an líne chabhrach tacaíocht, faisnéis agus treoir ar fáil d'aon duine a bhfuil imní orthu faoina n-úsáid drugaí nó alcóil féin, nó úsáid baill teaghlaigh nó carad.
Faoin Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí ní mór do gach seirbhís cóireála drugaí agus alcóil a mhaoinítear go poiblí sonraí a chur ar fáil faoi na cásanna atá ag teacht i láthair le haghaidh cóireála, lena n-áirítear seirbhísí d'othair chónaitheacha, d'othair sheachtracha, do dhochtúir teaghlaigh agus do phríosúnaigh. Ba cheart na sonraí a léirmhíniú i gcomhthéacs COVID 19 nuair a chuaigh srianta sláinte poiblí i bhfeidhm ar sheirbhísí agus ar thuairisceáin sonraí.
Mar chuid den tosaíocht straitéiseach chun seirbhísí pobalbhunaithe drugaí agus alcóil a fheabhsú, bunaíodh an ‘Ciste Feabhsaithe Seirbhísí Pobail' chun maoiniú €2m a sholáthar ar bhonn athfhillteach do sheirbhísí pobalbhunaithe drugaí agus alcóil. Leithdháilfear idir €200,000 agus €240,000 in aghaidh na bliana ar na naoi n-eagraíocht cúram sláinte pobail (CHOanna), a dhéanfaidh coimisiúnú ansin ar sheirbhísí pobalbhunaithe drugaí agus alcóil bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais an daonra.
Síníodh an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 isteach sa dlí an 17 Deireadh Fómhair 2018. Féachann an reachtaíocht seo le dul i ngleic leis na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag tomhaltas ar fhorais sláinte poiblí. Tá sé mar chuid de shraith beart atá ceaptha le tomhaltas alcóil a laghdú agus an damáiste do shláinte, do shochaí agus do gheilleagar an náisiúin a theorannú.
Is iad príomhchuspóirí beartais an Achta Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 ná:
I measc na mbeart a cuireadh chun feidhme go dtí seo tá scaradh struchtúrach, rialáil urraíocht spóirt agus srianta ar ghníomhaíochtaí promóisin áirithe. Le déanaí, tugadh isteach íosphraghsáil aonaid ar alcól i mí Eanáir 2022, rud a chuireann cosc ar alcól láidir a dhíol ar phraghsanna ísle agus a laghdaíonn dochar a bhaineann le halcól, lena n-áirítear galair a bhaineann le halcól, básanna, coireacht agus úsáid na seirbhíse sláinte. Tá obair ag dul ar aghaidh maidir le lipéadú sláinte a chur ar tháirgí ina bhfuil alcól agus srianta ar fhógraíocht agus ar mhargaíocht alcóil.
Tá sé mar aidhm ag Clár Alcóil FSS Éire níos sláintiúla agus níos sábháilte a bhaint amach trí oibriú chun úsáid alcóil agus neamhionannais sláinte an duine aonair agus an daonra a laghdú, agus trí leanaí, teaghlaigh agus pobail a chosaint ar dhíobháil a bhaineann le halcól. Is príomhghné den chlár é an láithreán gréasáin agus an feachtas ‘Ask About Alcohol' agus cuireann sé faisnéis fhíorasach ar fáil do dhaoine faoi na buntáistí a bhaineann le tomhaltas alcóil a laghdú dá sláinte fhisiciúil agus mheabhrach. Léiríonn sonraí R1 don bhliain seo gur thug breis agus 76,000 duine cuairt ar an láithreán gréasáin, méadú 35% ar an tréimhse chéanna anuraidh. Chríochnaigh 13,000 duine an uirlis féinmheasúnaithe ar an láithreán gréasáin chun cabhrú leo níos mó a thuiscint faoi cén cineál óltóra iad agus faoi thionchar a n-óil; ba mhéadú 30% é seo ar R1 2021.