Fógraíonn an tAire Ryan ceapachán chuig An Ghníomhaíocht Chúltaca Ola Náisiúnta (GCON)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, tar éis an tUasal Rossa McCann a cheapadh ar bhord na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta (GCON) ar feadh tréimhse chúig bliana.
Tá GCON freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann Éire a cuid oibleagáidí faoi rialacha Reachtaíochta an AE agus na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh chun stoic ola 90 lá ar a laghad a choinneáil le húsáid i gcás ganntanas fisiceach soláthairtí. Tá sé freagrach freisin as Scéim Oibleagáide Bithbhreoslaí na hÉireann a riar.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá an-áthas orm an tUasal McCann a cheapadh. Cuirfidh a cheapachán go mór leis an saineolas atá ar fáil do bhord GCON, go háirithe, beidh a thaithí i róil éagsúla ceannaireachta agus a chumas comhairle a sholáthar ar straitéis agus ar bhainistíocht airgeadais an-tairbheach don Ghníomhaireacht. "
Rinneadh an ceapachán de réir na dTreoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit. Fógraíodh fógra maidir le seirbhís ar Bhord GCON ar an suíomh Gréasáin www.stateboards.ie i mBealtaine 2020.
CRÍOCH
Tá céimeanna ag Rossa McCann san innealtóireacht agus sa mhatamaitic agus d’oibrigh sé i róil airgeadais éagsúla le linn a ghairme. Bhí sé fostaithe ag CRH ar feadh 29 bliana i raon róil, lena n-áirítear ról Chisteoir an Ghrúpa agus an Cheannaire Airgeadais. Tá taithí aige ar an raon iomlán feidhmeanna airgeadais grúpa, lena n-áirítear cuntasaíocht, tuairisciú, bainistíocht iniúchta, éadáil/dífheistiú riosca, meastóireacht ar chaiteachas caipitil agus cúrsaí cánach agus cistíochta. Faoi láthair feidhmíonn sé mar chomhairleoir do CRH.
Rinneadh an ceapachán de réir na dTreoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit agus de bhun Alt 14 den Acht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (GCON), 2007.