Ráiteas ón Roinn Oideachais maidir le Stoirm Eunice
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar gheall ar nádúr adhaimsire Stoirm Eunice agus an bhagairt a bhaineann le himeachtaí aimsire ilghuaise mar atá deimhnithe ag Met Éireann, tá an Roinn Oideachais ag moladh nach cóir do scoileanna i gcontaetha ina bhfuil rabhaidh gaoithe Stádas Dearg i bhfeidhm agus i gcontaetha ina bhfuil rabhaidh sneachta Stádas Oráiste i bhfeidhm oscailt amárach, 18 Feabhra. Áiríonn sé seo anois An Clár agus Port Láirge ar eisíodh rabhaidh gaoithe Stádas Dearg dóibh.
Ba chóir cianteagasc agus cianfhoghlaim a thosú más féidir, de réir phleananna cianteagaisc agus cianfhoghlama scoileanna.
Ba cheart do gach scoil coinneáil ar an eolas go dáta leis na rabhaidh aimsire reatha a bhíonn ar fáil ar gach scéal nuachta náisiúnta agus áitiúil agus go háirithe aon athruithe ar stádas an rabhaidh dá gceantar.
Tá Rabhadh Stádas Dearg eisithe anois ag Met Éireann maidir le gaoth anróiteach do chontaetha:
• Corcaigh
• Ciarraí
• Port Láirge
• An Clár
Tá Rabhadh Stádas Oráiste sneachta eisithe do chontaetha:
• Dún na nGall
• Maigh Eo
• Sligeach
• Liatroim
• Ros Comáin
Tá sé tugtha le fios ag Met Éireann gur imeacht ilghuaise é seo le gaoth agus sneachta trom. Tabharfaidh Stoirm Eunice flichshneachta agus sneachta trom a chruthóidh riochtaí síobtha sneachta in áiteanna le riochtaí tiomána thar a bheith contúirteach. Tuigtear gur le linn uaireanta taistil scoile is measa a bheidh an aimsir agus ciallaíonn sé seo go mbeidh sé thar a bheith contúirteach taisteal ar scoil ar maidin sna ceantair sin.
Is féidir le gach contae eile scoileanna a oscailt, ag brath ar chúinsí áitiúla. Ba chóir do scoileanna aird a thabhairt ar an treoir winterready.ie maidir le hoscailt go sábháilte.
Ba cheart do gach scoil coinneáil ar an eolas go dáta leis na rabhaidh aimsire reatha a bhíonn ar fáil ar gach scéal nuachta náisiúnta agus áitiúil agus go háirithe aon athruithe ar stádas an rabhaidh dá gceantar.
CRÍOCH