Foilsíonn an tAire Humphreys agus an tAire McEntee tuairisc an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, tuairisc an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabáil Leanaí inniu.
Bhunaigh an rialtas an grúpa chun réimse fadbhanna a bhaineann le cothabáil léanaí in Éirinn a fhiosrú. Rinne iar-Bhreitheamh Cúirte Cuarda Catherine Murphy cathaoirleacht ar an ngrúpa, agus bhí gairmithe beartais, dlí agus acadúla mar chuid de.
Mar thoradh ar an tuairisc, d'aontaigh an rialtas an tseachtain seo tabhairt faoi bheartais chun tacaíocht láithreach a chur ar fáil do thuismitheoirí aonair.
I dtaca le déileáil Cothabhála Leanaí laistigh den chóras Leas Sóisialta:
I dtaca le Cothabáil Leanaí laistigh de Chóras na gCúirteanna:
Agus í ag fógairt na n-athhruithe inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialta Heather Humphreys:
“Is cúis áthais é dom, mar aon leis an Aire McEntee, foilsiú na tuairisce ar an nGrúpa Athbhreithnithe um Chothabáil Leanaí a fhógairt inniu.
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabhail leis an gCathaoirleach, Breitheamh Catherine Murphy, agus le baill eile an Ghrúpa as an mionobair atá déanta acu i dtaca leis na ceisteanna tábhachtacha agus casta seo.
“Mar thoradh ar an tuairisc seo, is cúis athais dom a rá gur cheadaigh an rialtas moltaí an ghrúpa ar fad a chur i bhfeidhm i dtaca le Cothabháíl Leanaí laistigh den Chóras a chur i bhfeidhm.
“Tabharfaidh an cinneadh chun íocaíochtaí Cothabhála Leanaí a chur as an áireamh sa Leas Sóisialta, tacaíocht do thuismitheoirí aonair agus sa mhéid sin, feicfidh cuid mhór tuismitheoirí a fhaigheann íocaíócht ar ráta laghdaithe faoi láthair, meadú ina n-íocaíocht.
“Mar chuid de na hathruithe, chuir mé deireadh leis an riachtanas do thuismitheoirí aonair chun cothabháil a iarraidh mar chuid den éileamh. Is minic go raibh orthu dul os comhair na cúirte, ach ní bheidh an strús breise seo ar thuismitheoirí aonair anois, roinnt acu a tháinig trí chliseadh caidrimh a raibh deacair orthu. Cabhróidh sé chun an t-ualach a laghdú ar ár gCóras Cúirteanna chomh maith.”
Agus í ag trácht ar na beartais Dlí Teaghlaigh a fógraíodh inniu, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee:
“Tá rún daingean agam leasú cleachtais an coráís dlí teaghlaigh ó bhonn, chun cinntiú go mbeidh córas cúirte teaghlaigh níos feidhmiúla agus níos sothuighte againn ina bhfuil an teaghlach agus páistí mar ghné lárnach dá chur chuige. Is príomhghealltanas é seo i mo Phlean Dlí agus Cirt 2022 agus is cor cinniunach atá ann inniu sa phroisias sin.”
Cuireadh de chúram ar an nGrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí moltaí a phlé agus comhairle a chur ar:
Mar chuid den obair seo, rinne an Ghrúpa mionchomhairliúchán poiblí agus scrúdaigh siad cleachtas idirnáisiúnta.
Leagtar moltaí an Ghrúpa amach sa Tuairisc, a cheadaigh an Rialtas a fhoilsiú an tseachtain seo.
I dtaca leis na hathruithe ar Leas Sóisialta, mhol an Grúpa:
Ghlac an rialtas leis na moltaí seo go léir agus tosóidh an tAire Coimirce Sóisalaí agus a Roinn ag obair ar an reachtaíocht riachtanach anois chun na moltaí a chur i bhfeidhm.
Níór tháinig an Grúpa ar chomhaontú ar bhunú Gníomhairíochta um Chothabháíl Leanaí:
Cheadaigh an rialtas mórleasú den chóras Cúirteanna Teaghlaigh in Éirinn. Mar chuid de na leasuithe a d'fhógair an tAire McEntee inniu, deánfaidh an Roinn Dlí agus Cirt athbreithniú ar Orduithe Cothbhála Leanaí le cinntiú go bhfuil siad feidhmiúil. Scrúdóidh an Roinn an fhéidearthacht ar threoirlínte a thabhairt isteach ar mhéideanna Cothabhála Leanaí.
Tá éilimh in Éirinn chun Seirbhís Cothabhála Leanaí a thabhairt isteach cosúil leis an tseirbhís atá i bhfeidhm sa RA agus i dTuaisceart Éireann.
Léiríodh i dtuairisc neamhspléach ón Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta sa RA le déanaí: