Ceiliúrann an tAire Harris agus an tAire Byrne an Lá Domhanda gan Tobac agus foilsíonn siad an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2018 maidir leis an doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac: Plean Gníomhaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, an Lá Domhanda gan Tobac a cheiliúradh inniu (Dé hAoine) trí fháilte a chur roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2018 maidir leis an doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac: Plean Gníomhaíochta.
Seoladh an doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac faoin gcreat Éire Shláintiúil sa bhliain 2013. Leagtar sprioc síos ann go mbeidh Éire saor ó thobac (is é sin, go mbeidh ráta leitheadúlachta caitheamh tobac faoi bhun 5% aici) faoin mbliain 2025.
Foilsíodh plean gníomhaíochta ardleibhéil don doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac i mí an Mhárta 2015. Ceanglaítear le ceann amháin de na gníomhartha ar an Roinn Sláinte tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme an phlean.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris,
"Leanann Éire le ról réamhghníomhach a imirt sa chomhrac domhanda in aghaidh ualach na húsáide tobac. Agus aitheantas á thabhairt don ról sin, roghnaíodh Éire chun óstáil a dhéanamh ar an gcéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an Tobac nó an tSláinte sa bhliain 2021, rud arb é an phríomhchomhdháil ar shaincheisteanna tobac é.
"Ceann de na láidreachtaí a bhaineann leis an mbeartas Éire atá Saor ó Thobac is ea an cur chuige comhoibríoch a ghlactar ann ar fud earnálacha rialtais agus neamhrialtais araon chun dul i ngleic le húsáid tobac. Tá torthaí an chomhair sin le feiceáil sa dul chun cinn a rinneadh ar gach ceann de na moltaí atá sa doiciméad beartais.
"Cé go leanaimid le dul chun cinn seasta a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh úsáid tobac, tá cuid mhór oibre le déanamh againn go fóill. Trína bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe Eorpacha, creidim go gcabhrófar go mór leis an obair sin agus go gcumasófar dúinn fíorathrú substainteach a dhéanamh ar shláinte agus folláine mhuintir na tíre seo."
Dúirt an tAire Byrne;
"Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh sa bhliain 2018 ar na moltaí atá sa doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac a chur chun feidhme. D’éirigh thart ar 80,000 duine sa tír seo as an tobac sna trí bliana seo a chuaigh thart, agus is mórúdar misnigh é sin.
"Tá comhpháirtíocht den scoth ar bun idir an Rialtas, gníomhaireachtaí reachtúla agus eagraíochtaí pobail faoin gcreat Éire Shláintiúil agus tá gach ceann díobh ag obair chun gnásanna sóisialta ó thaobh caitheamh tobac de a athrú agus chun aird a tharraingt ar na tairbhí sláinte a bhaineann le héirí as an tobac. Imríonn tionscadail phobalbhunaithe ról tábhachtach ar leith maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine éirí as an tobac agus tá siad le moladh as an rannchuidiú a rinne siad maidir leis an laghdú leanúnach ar rátaí caitheamh tobac."
Pléitear sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2018 le roinnt éachtaí tábhachtacha a baineadh amach sa bhliain 2018, lenar áiríodh iad seo a leanas:
• an tairiscint rathúil a cuireadh isteach chun an Chomhdháil Dhomhanda ar an Tobac nó an tSláinte a óstáil sa bhliain 2021,
• an ról réamhghníomhach a imríodh maidir lena chinntiú nár athnuadh an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí idir an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus an tionscal tobac,
• an grúpa ildisciplíneach um fhorbairt treoirlínte a bunaíodh chun treoirlínte náisiúnta cleachtais chliniciúil a cheapadh le haghaidh andúil i dtobac a dhiagnóisiú agus a chóireáil,
• an teagmháil a rinneadh leis an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le ceist ar chaitheamh tobac a áireamh i nDaonáireamh 2021, agus
• an méadú ar an bpraghas agus an dleacht mháil íosta ar tháirgí tobac, rud a leagadh síos i mBuiséad 2019.
CRÍOCH