Sé thionscadal geo-oidhreachta pobail le tairbhe a bhaint as maoiniú GSI
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI) tar éis deontais gheo-oidhreachta a bhronnadh ar shé thionscadal pobail ar fud na tíre. Tá na cistí, dar luach €10,000 an ceann, ar fáil faoin Scéim Deontais Geo-oidhreachta a ritheann an Clár Geo-oidhreachta i Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Tacaíonn siad le forbairt agus foilsiú ábhair oideachais agus for-rochtana i measc grúpaí áitiúla, láithreáin bhunaithe gheothurasóireachta, geopháirceanna ionchais agus Geopháirceanna Dhomhanda UNESCO. Is é aidhm an chiste insint scéal geolaíochta na hÉireann a spreagadh, an tuiscint ar an ngeo-eolaíocht a fheabhsú, agus plé le grúpaí ar fud na tíre.
Tá an gheolaíocht ina cuid d’oidhreacht na hÉireann agus ceiliúrtar í mar chuid dínn féin. Bíonn tionchar ag an tírdhreach agus na carraigeacha faoina bhun ar ár dtionscal turasóireachta, agus eascraíonn ár dtalmhaíocht agus ár mbia as na sainghnéithe geolaíochta agus tíreolaíocha sa tír, gan trácht ar ár logainmneacha agus traidisiúin. De bharr chomh héagsúil agus atá geolaíocht na hÉireann agus chomh deireanach agus a múnlaíodh an tírdhreach, tá sé d’acmhainn ag gach baile fearainn scéal spéisiúil geo-oidhreachta a insint. Ar dtús, níor cuireadh an ciste ar fáil ach do thrí Gheopháirc Dhomhanda UNESCO agus do na geopháirceanna ionchais, ach tá sé ar fáil do gach grúpa ó 2019 chun oideachas geo-éagsúlachta, geo-oidhreachta agus geo-eolaíochta a chur chun cinn trí phlé níos forleithne leis an bpobal.
Léiríonn na hiarratasóirí ar éirigh leo i mbliana chomh héagsúil agus atá geolaíocht na hÉireann, an ról atá aici in oidhreacht na hÉireann, agus a luach do thionscnaimh áitiúla. Leanann Geopháirceanna Domhanda UNESCO ag ceiliúradh a ngeolaíochta áitiúla agus i mbliana léireoidh Geopháirc Dhomhanda UNESCO Uaimheanna na hÁirse Marmair i bhFear Manach agus an Cabhán an gaol idir an fhilíocht agus an gheolaíocht i léarscáil filíochta Geopháirce ar líne. Cuirfidh Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair i bPort Láirge an t-eolas atá aici cheana féin ar fáil ar bhealaí níos éasca don phobal. Is féidir an gheolaíocht a thaispeáint i suíomhanna uirbeacha, tuaithe agus cósta, agus úsáidfidh tionscadail na bliana seo ó Shliabh Liag, Co. Dhún na nGall, Béal Tairbirt, Co. an Chabháin, Dairbhre, Co. Chiarraí agus Cathair Chorcaí na deontais gheo-oidhreachta ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann chun a stair gheolaíoch a chur ar shúile mhuintir na háite agus cuairteoirí.
Chuir Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, fáilte roimh an bhfógra agus dúirt:
“Tá Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann ag obair ar fud na tíre ó 1845 agus is bealach maith é seo le tabhairt ar ais do phobail, caidrimh mhaithe a chothú, agus daoine a spreagadh le hoibriú linn chun ár gcuid sonraí, léarscáileanna agus saineolais a úsáid chun acmhainní turasóireachta áitiúla agus oideachais a fhorbairt. Léiríonn tionscadail na bliana seo a fhairsinge is féidir an gheolaíocht agus an gheo-oidhreacht a úsáid don turasóireacht, oideachas agus mórtas cine. Tá áthas orm gur mheall an Scéim Deontais Geo-oidhreachta an oiread sin iarratas i mbliana agus táim ag súil le torthaí na gcomhoibrithe pobail sin.”
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais le fáil ó Oifig Phreasa na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar press.office@decc.gov.ie nó 01 678 2441.
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair | Co. Phort Láirge | Béim ar an oidhreacht gheolaíoch a mhéadú le taispeántas nuachóirithe atá níos mealltaí agus a bhfuil fáil ag an bpobal air |
PROJECT Belturbet | Co. an Chabháin | Scéal Geo-oidhreachta a thabhairt isteach sa Dreamscapes Trail mar atá le suiteán a bhaineann le geolaíocht |
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Uaimheanna na hÁirse Marmair | Co. an Chabháin | Léarscáil filíochta ar líne a fhorbairt, le dánta a spreagann geo-oidhreacht ar leith na láithreán geopháirce agus a léiríonn an gheo-oidhreacht sin |
Oideas Gael | Co. Dhún na nGall | Geo-oidhreacht agus geothurasóireacht a chur chun cinn trí chláir oideachais i gcomhthéacs saoire gníomhaíochta cultúrtha |
Valentia Island Geoheritage Association (VIGA) | Co. Chiarra | Gníomhaíochtaí praiticiúla, teagmhálacha a sholáthar le hábhar oideachais trí thurais gheolaíochta agus deiseanna grianghrafadóireachta |
Geology in the city | Co. Chorcaí | Nuálaíochtaí ar líne, conair gheolaíochta, taispeántas agus for-rochtain scoile a úsáid chun oidhreacht stairiúil Chathair Chorcaí a nascadh lena geolaíocht |