Fógraíonn an tAire O’Gorman ‘Féile Foghlama’ Ar Líne maidir leis an téama Todhchaí Níos Cothroime
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lanpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD inniu sraith seimineár gréasáin ar líne atá dírithe ar an téama aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste. Arna fhorbairt faoin tionscnamh Cad a Oibríonn (What Works), is é seo an dara ‘Féile Foghlama’ agus díreofar ar thodhchaí níos cothroime a sholáthar do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh in Éirinn.
Cuirfidh na seimineáir ghréasáin béim ar phríomhthionscnaimh atá ag dul i ngleic le míbhuntáiste in Éirinn agus ar fud an domhain, chomh maith le díospóireachtaí a óstáil le lucht déanta beartas, cleachtóirí agus smaointeoirí ceannródaíocha atá i mbun oibre agus staidéir sa réimse seo. Cuirfidh sé béim ar ról an Stáit, ach taispeánfaidh sé freisin obair nuálach daoine ar leith agus eagraíochtaí lasmuigh den Rialtas, in Éirinn agus thar lear.
Tá ceithre sheimineár beartaithe ar:
(Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil)
Tá fáilte roimh gach duine a oibríonn in earnálacha a bhaineann le leanaí agus daoine óga a bheith i láthair, ach tá clárú ar líne roimh ré riachtanach.
Dúirt an tAire O'Gorman:
“Is príomhthosaíocht dom aghaidh a thabhairt ar thionchar an mhíbhuntáiste ar leanaí, daoine óga agus teaghlaigh. Tá áthas orm an tsraith seo de sheimineáir ghréasáin a fhógairt, a spreagfaidh an-phlé faoi ról an Rialtais agus na sochaí i ndul i ngleic leis an réimse ríthábhachtach seo. Tá a fhios agam go mbainfimid go léir leas as tuairimí saineolaithe idirnáisiúnta mór le rá, agus tuairimí ár lucht déanta beartas agus cleachtóirí féin atá ag déanamh beart de réir a mbriathar dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leo."
Tá an dara Féile Foghlama seo, dar teideal Todhchaí níos Cothroime, ar siúl mar chuid de Cad a Oibríonn, tionscnamh atá deartha ag an Roinn, agus arna mhaoiniú trí Chuntais Dhíomhaoine, chun tionchar an choisc agus na hidirghabhála luaithe a uasmhéadú d’fhonn feabhas a chur ar thorthaí do leanaí agus do dhaoine óga atá ina gcónaí in Éirinn. Tá tuilleadh sonraí faoi gach seimineár ar fáil ar shuíomh gréasáin shuíomh gréasáin What Works agus ba cheart do gach duine a bhfuil suim acu clárú ANSEO .
I measc na bpríomhchainteoirí idirnáisiúnta agus na rannpháirtithe ar na seisiúin tá an tAire Roderic O'Gorman, an tOllamh Kate Pickett (Ollscoil Eabhrac) (University of York), Olivier Thévenon (Ionad Folláine, Cuimsitheachta, Inbhuanaitheachta agus Comhdheiseanna OECD) (OECD Centre for Well-Being, Inclusion, Sustainability and Equal Opportunity), an tOllamh Mark Brown (Ionad Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach ag DCU) (National Digital Learning Centre, DCU) agus Massimiliano Mascherini (Eurofound).
Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste don tsochaí uile, agus beidh an ócáid seo ina ábhar spéise dóibh siúd sa Rialtas agus lasmuigh den Rialtas ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoin misean tábhachtach seo. Beidh an ócáid suáilceach, comhráiteach agus bríomhar. Beidh Áine Kerr mar mhodhnóir. Is í Áine Kerr eagarthóir, léachtóir, feidhmeannach ardáin, cóitseálaí feidhmeannach , craoltóir agus fiontraí, a bhfuil go leor taithí aici, a chuir ‘Reignite’ i láthair ar Raidió 1 agus 'The Business' ar RTÉ.
CRÍOCH
Cad a Oibríonn (What Works) Is tionscnamh é atá deartha ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige , arna mhaoiniú trí Chuntais Dhíomhaoine, lena chinntiú go dtógfaidh na daoine atá ag obair le leanaí, le daoine óga agus lena dteaghlaigh ar an gcorpas fianaise atá ann cheana a léiríonn tionchar na gcur chuige, na samhlacha agus na gcleachtas um luath-idirghabháil agus cosc ar thorthaí do leanaí.
Le Cad a Oibríonn, cinntítear go bhfuil a fhios ag príomhghrúpaí cad a oibríonn, conas a oibríonn sé, agus go soláthróidh siad cur chuige fianaise-bhunaithe chun an obair seo a chur i bhfeidhm. Díríonn sé ar phríomhréimsí a fheabhsú de réir mar a bhaineann siad le seirbhísí leanaí agus daoine óga, agus é mar aidhm aige úsáid agus infhaighteacht sonraí agus fianaise a fheabhsú; tacú le foghlaim agus forbairt; agus cáilíocht a chinntiú ar leibhéil an bheartais, na seirbhíse agus an tsoláthair.
Féachann an tionscnamh le toradh a fháil ar an infheistíocht agus an tionchar i réimse an choisc agus na luath-idirghabhála in Éirinn le deich mbliana anuas. Bainfidh sé é seo amach trí acmhainní a chur ar fáil do phríomhréimsí ionas go dtacófar leo siúd atá ag obair le leanaí, le daoine óga agus lena dteaghlaigh na rudaí cearta a dhéanamh, ar an mbealach ceart agus ag an am ceart.