Fógraíonn an tAire O’Gorman breis agus €2.2 milliún i maoiniú deontais chaipitil do sheirbhísí óige agus d’eagraíochtaí óige
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’ Gorman TD, €2.2 milliún inniu i ndeontais chaipitil chun tacú le heagraíochtaí náisiúnta óige, agus seirbhísí agus clubanna óige áitiúla ar fud na tíre.
Le fógra an lae inniu soláthrófar 470 deontas do sheirbhísí agus do chlubanna óige ar fud 14 limistéar Boird Oideachais agus Oiliúna agus 24 Eagraíocht Náisiúnta Óige, lena n-áirítear NYCI, Foróige, Crosscare, YWI, agus Gaisce.
Tá na deontais chaipitil atá á dámhadh inniu ag tacú le seirbhísí agus clubanna le hoibreacha uasghrádaithe, ceannach trealaimh nua, TFC le haghaidh soláthar seirbhíse ar líne, feabhsúcháin ar aeráil, agus oiriúnuithe ar spásanna lasmuigh chun seirbhísí óige a éascú chun gníomhaíochtaí lasmuigh a reáchtáil. Tá thart ar 24 Eagraíocht Náisiúnta Óige ag baint leasa as os cionn €500,000 i ndeontais chaipitil chun tacú lena gcuid oibre ar fud na tíre i réimse TFC, mionoibreacha agus trealaimh.
Dúirt an tAire:
“Tá ríméad orm maoiniú caipitil os cionn €2.2 milliún a cheadú chun tacú le gníomhaíochtaí ar líne, pearsanta agus lasmuigh i seirbhísí agus i gclubanna óige. Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí óige inár bpobail, ag soláthar tacaíochta agus treorach do dhaoine óga, agus á gcumhachtú a lánacmhainneacht a bhaint amach. Bhí siad ar thús cadhnaíochta cabhrú le daoine óga ar fud na paindéime seo, ag cabhrú le scoiteacht shóisialta a mhaolú, trí spás a thairiscint dóibh go pearsanta nó ar líne, chun bualadh lena bpiaraí, agus dúshláin Covid-19 a phróiseáil."
"Tá a fhios agam go bhfuil clubanna agus seirbhísí óige ag obair go crua chun folláine daoine óga a fheabhsú, agus trí dheiseanna a sholáthar d’fhorbairt phearsanta, tá siad ag cabhrú le daoine óga torthaí sóisialta níos fearr a bhaint amach agus tuiscint níos fearr a fháil ar an domhan timpeall orthu. Níl aon amhras orm ach go dtacóidh an maoiniú seo le seirbhísí chun tairbhí réadacha a sholáthar do shaol daoine óga agus iad ag déanamh a mbealach trí na dúshláin leanúnacha a chruthaíonn Covid-19."
CRÍOCH
Bord Oideachais agus Oiliúna | Leithdháiltí deontais ar BOO arna gcomhaontú ag an Aire (Deontais <€5,000) | Deontais os cionn €5,000 ceadaithe ag an Aire. | Leithdháileadh maoinithe caipitil don BOO |
An Cabhán Muineachán | €37,958.56 | €15,068.94 | €53,027.50 |
Corcaigh | €27,244.00 | €130,500.00 | €157,744.00 |
Cathair Bhaile Átha Cliath | €52,525.00 | €418,575.00 | €471,100.00 |
Baile Átha Cliath Dún Laoghaire | €17,049.66 | €184,754.51 | €201,804.17 |
Gaillimh Ros Comáin | €57,866.00 | €81,011.00 | €138,877.00 |
Ciarraí | €23,705.00 | €24,428.00 | €48,133.00 |
Cill Dara Cill Mhantáin | €31,348.50 | €56,318.00 | €87,666.50 |
Cill Chainnigh Ceatharlach | €8,699.00 | €55,196.82 | €63,895.82 |
Luimneach An Clár | €39,402.27 | €155,564.45 | €194,966.72 |
Laois Uíbh Fhailí | €15,315.79 | €16,986.44 | €32,302.23 |
An Longfort An Iarmhí | €11,450.00 | €43,090.00 | €54,540.00 |
Maigh Eo Sligeach Liatroim | €32,075.00 | €47,358.00 | €79,433.00 |
Tiobraid Árann | €26,431.76 | €26,217.59 | €52,649.35 |
Port Láirge Loch Garman | €40,960.69 | €52,120.25 | €93,080.94 |
Iomlán | €422,031.23 | €1,307,189 | €1,729,220.23 |
Eagraíocht Náisiúnta Óige | Deontas Caipitil Ceadaithe |
Belong To | €17,145.12 |
Catholic Guides of Ireland | €28,033.70 |
Church Of Ireland Youth Department | €19,617 |
Crosscare | €48,010.66 |
Experiment in International Living | €3,249.53 |
ECO - Clubanna UNESCO | €14,016 |
Feachtas | €8,191.40 |
Foróige | €48,737.42 |
Gaisce - Gradam an Uachtaráin | €41,215.17 |
Girls Friendly Society | €3,305.86 |
Involve | €25,547.16 |
Irish Girl Guides | €43,890.00 |
Irish Methodist | €3,417.00 |
Junior Chamber Ireland | €1.945.00 |
Localise Youth and Community Service Ltd | €14,786.00 |
Macra na Feirme | €50,000 |
Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann | €39,435.27 |
Ógras | €21,392.00 |
Daltaí Ord Mhálta | €5,114.00 |
SpunOut | €11,012.69 |
Scouting Ireland | €50,000.00 |
Voluntary Services International | €9,261 |
Young Irish Film Makers | €6,711 |
Obair d'Ógra Éireann | €50,000 |
IOMLÁN | €564,032.98 |