Cuireann an tAire Martin síneadh ama leis an Scéim um Gheilleagar Oíche a Bhfuil Móréileamh uirthi
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (27/07/22), chuir an tAire Catherine Martin síneadh ama leis an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche le hinfheistíocht bhreise €1.4m, rud a fhágann gur €4m an t-iomlán a leithdháileadh ar an Scéim seo. Cuirfear síneadh ama leis an Scéim go 12 i.n. ar an 10 Lúnasa nó go dtí go n-ídítear an maoiniú, cibé acu is túisce.
Seoladh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche ar an 22 Meitheamh chun maoiniú €2.6 milliún do thithe tábhairne, clubanna oíche, caiféanna agus áitribh cheadúnaithe/neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile a sholáthar chun tacú le soláthar siamsaíochta le linn uaireanta seachbhuaice. Is é aidhm na scéime ná líon na ndaoine a théann isteach inár gcathracha, bailte agus sráidbhailte a mhéadú chomh maith le gigeanna táille a sholáthar d’ealaíontóirí agus tairiscint oíche níos ailtéarnaí, níos éagsúla agus níos cuimsithí a chur ar fáil do chustaiméirí.
Tacaíonn an tionscnamh seo le dhá mholadh i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche. Bhí an-tóir ar an Scéim i measc lucht na hearnála agus úinéirí ionaid ar mhaith leo borradh a chur faoin nGeilleagar Oíche ina gceantair agus tá an tAire Martin tar éis an maoiniú atá ar fáil a mhéadú agus an Scéim a oscailt arís.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
Tá lúcháir orainn a fheiceáil go bhfuil éileamh an-mhór ar an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche. Chuir go leor gnólachtaí agus ionad atá ag feidhmiú sa Gheilleagar Oíche tograí nuálacha spreagúla isteach chun borradh a chur faoin ngníomhaíocht oíche inár gcathracha, inár mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Tá a fhios agam go raibh díomá ar go leor acu nuair a dúnadh an Scéim ach tá ríméad orm anois a bheith in ann síneadh ama a chur leis an Scéim le €1.4 milliún breise. Gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí ionadaíocha earnála as a gcuid tacaíochta chun an Scéim seo a chur chun cinn”.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tugann an Scéim seo deis do ghnólachtaí agus d’ealaíontóirí oibriú le chéile chun triail a bhaint as rud éigin nua agus féachaint cad a oibríonn dóibh féin agus dá gcustaiméirí. Tá súil agam go gcabhróidh sé seo le tairiscint oíche níos inbhuanaithe a thógáil ar fud na tíre.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe iarratais ó 12 i.n. inniu. Ní gá d’aon duine a chuir iarratas iomlán isteach agus a fuair admháil iarratas a dhéanamh arís.
Tabharfar cuireadh d’iarratais faoi dhá snáithe ar leith:
Snáithe A: Áitribh cheadúnaithe – tithe tábhairne, bialanna agus beáir fíona, clubanna oíche agus áitribh cheadúnaithe oiriúnacha eile a fheidhmíonn sa Gheilleagar Tráthnóna agus Oíche, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) le linn uaireanta seachbhuaice ón Luan go Déardaoin (gan an deireadh seachtaine san áireamh) ó 6 i.n. ar aghaidh.
Snáithe B: Áitribh neamhcheadúnaithe – caiféanna, lena n-áirítear caiféanna a bhféadfadh a n-áitreabh a bheith acu in asraon miondíola, beáir gan alcól, gailearaithe áitiúla agus áitribh neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) níos déanaí sa tráthnóna nó oíche ó 6 i.n., agus gealltanas á thabhairt a bheith ar oscailt go 9 i.n. sa tráthnóna ar a laghad, ón Luan go Domhnach.
Caithfidh na himeachtaí siamsaíochta/cultúrtha a bheith rannpháirtíoch nó léiritheach agus is féidir na himeachtaí seo a leanas a bheith iontu i measc imeachtaí eile:
• ceol beo, lena n-áirítear ceol, taibhiú leictreonach
• oícheanta coiméide
• damhsa léirithe nó imeacht rannpháirteach
• oícheanta litríochta nó filíochta
• léiriúcháin nó drámaí amharclainne
• imeachtaí ceardaíochta
• taispeántais ealaíne/grianghrafadóireachta
Forbraíodh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche i gcomhairle le hionadaithe ó earnáil an gheilleagair oíche.
Nóta d’Eagarthóirí
Osclaíodh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche le aghaidh iarratas ar an 21 Meitheamh 2022 le leithdháileadh maoinithe €2.6m. Dúnadh an Scéim ar an 20 Iúil mar gheall ar líon ard iarratas agus tá sí athoscailte anois le €1.4m sa bhreis, rud a fhágann gurb é an t-iomlán a leithdháileadh ar an Scéim seo ná €4m.