Maoiniú de €2.8m fógraithe do Chomhairle Contae an Chláir
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, agus an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke TD, go soláthrófar €2.8 milliún i 2022 do Chomhairle Contae an Chláir. Tá sé seo sa bhreis ar €2.5 milliún a leithdháileadh do 2021.
Tá an leithdháileadh seo chun caillteanais mar gheall ar fháltais rátaí laghdaithe ó stáisiún cumhachta Moneypoint, arbh ionann é roimh a scoir de réir a chéile, agus thart ar 25% den ioncam rátaí do Chomhairle Contae an Chláir.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD:
“Aithníonn an Rialtas obair thábhachtach na nÚdarás Áitiúil, agus an brú leanúnach a bhí orthu mar gheall ar phaindéim Covid-19.
Bhí brú breise le braith sa Chlár mar gheall ar dhíchoimisiúnú de réir a chéile agus caillteanas ioncaim ó Moneypoint, an t-íocóir rátaí is mó sa Chontae.
Is féidir liom maoiniú €2.8m a dhearbhú inniu do Chomhairle Contae an Chláir i 2022 mar aitheantas agus mar thacaíocht do na brúnna seo. Tá sé i gceist leis an maoiniú seo an caillteanas suntasach ioncam rátaí don bhliain atá le teacht a mhaolú.”