D’fhógair an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú de €52,558 ceadaithe faoin Scéim Mionoibreacha um Mhaolú Tuilte agus Cosaint an Chósta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil na hiarratais ó na Comhairlí Contae seo a leanas ceadaithe faoin Scéim Mionoibreacha um Mhaolú Tuilte agus Cosaint an Chósta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí:
• Comhairle Chontae an Chláir - €22,000 – chun staidéar hidreolaíoch a dhéanamh ag Cúirt Victoria agus Céide Gordon, Inis, Co. an Chláir
• Comhairle Chontae na Gaillimhe - €12,600 – draein a shuiteáil chun na draenacha atá ann cheana a chur ar atreo chuig an abhainn ag Cluain Caoin Cairill, Baile Uí Chlúmháin, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe
• Comhairle Chontae Liatroma - €12,122 – maoiniú breise chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar Abhainn na Buannaide, Droim Dhá Thiar, Co Liatroma
• Comhairle Chontae Shligigh - €5,836 – maoiniú breise chun Staidéar ar Chreimeadh Cósta agus ar Bhainistiú Riosca Tuile a dhéanamh ag an Leathros agus Bóthar an Chósta, Iascaigh, (Cuan Shligigh), Sligeach.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works