Fógraíonn an tAire €325,000 faoin Tionscnamh um Dheontais Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2022
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Roderic O'Gorman, an tAire Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, sonraí an Tionscnaimh um Dheontais Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2022 a fhógairt. Tá maoiniú €325,000 faighte ag an Aire, a leithdháilfear ar Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí ar fud na tíre trí Choistí Cathrach/Contae i gCúram Leanaí (CCCanna) áitiúla. Ón lá inniu, tugtar cuireadh do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Tionscnamh seo trína CCC áitiúil.
I mbliana, tá dhá shruth maoinithe nua á dtabhairt isteach faoin Tionscnamh um Dheontais Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí:
• Ar an gcéad dul síos, tá maoiniú suas le €400 ar fáil chun Grúpaí Siúlóide Bugaí a bhunú agus a chur i bhfeidhm. Is siúlóidí sóisialta do thuismitheoirí/caomhnóirí agus do leanaí óga iad na Grúpaí Siúlóide Bugaí seo. Tá deontas suas le €400 ar fáil d'eagraíochtaí nó do ghrúpaí reatha nó nua ar mian leo sé shiúlóid eagraithe ar a laghad a thairiscint laistigh dá bpobal.
• Ar an dara dul síos, tá maoiniú suas le €400 ar fáil do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí nua nó reatha chun seisiún breise a chur ar fáil.
Chomh maith leis na sruthanna maoinithe nua seo, is féidir le Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i dtreo:
• Bréagáin, trealamh agus leabhair do ghníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh, sólaistí do leanaí
• Stóráil le haghaidh trealaimh
• Oiliúint do thuismitheoirí, m.sh. garchabhair phéidiatraiceach, scileanna coiste, cúrsaí tuismitheoireachta, seisiúin éascaithe
• Gníomhaíochtaí do leanaí, e.g. ealaíona agus ceardaíocht, ceol
• Beidh maoiniú teoranta ar fáil i gcomhair árachais, cíosa nó mion-athchóirithe
Ag labhairt dó ag seoladh an Tionscnaimh um Dheontais do Thuismitheoirí agus Leanaí 2022, dúirt an tAire O’Gorman:
“Le dhá bhliain anuas bhí cúrsaí dúshlánach dúinn go léir, go háirithe do leanaí agus do thuismitheoirí araon. Tá súil agam go spreagfaidh an Tionscnamh seo forbairt grúpaí nua Tuismitheoirí agus Leanaí, chomh maith le tacú le buanú agus leathnú na nGrúpaí atá ann cheana féin. Is áit iontach é do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí do thuismitheoirí/ caomhnóirí le leanaí óga bailiú le chéile chun a scíth a ligean, comhrá a dhéanamh i dtimpeallacht thacúil agus na leanaí ag súgradh ag an am céanna. Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú leo”.
Riarfaidh na CCCanna áitiúla an Tionscnamh seo thar ceann na Roinne Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais, lena n-áirítear treoirlínte mionsonraithe maidir le hiarratais, ar fáil anois ar láithreáin ghréasáin áitiúla an CCC. Moltar do ghrúpaí tuismitheoirí agus leanaí teagmháil a dhéanamh lena CCC áitiúil má bhíonn aon cheist acu faoin Tionscnamh agus faoin bpróiseas iarratais. Is féidir sonraí teagmhála agus naisc chuig láithreáin ghréasáin na CCCanna áitiúla go léir a fháil ar www.myccc.ie .
CRÍOCH