Ráiteas ón Aire faoi sheoladh an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí áthas orm seoladh a dhéanamh [nasc seachtrach https://www.gov.ie/en/publication/60e57-national-marine-planning-framework/ | ar an Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí (CNPM)] agus ar an mBille atá maille leis taobh leis an Taoiseach agus leis an Aire Darragh O’Brien TD, agus an Aire Peter Burke TD ar maidin inniu. Leis an mBille Aeráide agus an mBille um Thithíocht Incheannaithe, tá sé seo ar na píosaí reachtaíochta is tábhachtaí a thabharfaimid isteach mar rialtas.
I limistéar muirí na hÉireann tá cónaí ar éagsúIacht iontach de bheatha mhuirí. Mar gheall ar ár n-áiseanna gaoithe eischósta tá deis iontach againn briseadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise agus ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach. Leis an Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí athrófar an dóigh a ndéanaimid bainistiú ar fhorbairt inmharthana agus iomlánaíoch limistéar muirí na hÉireann, agus san am céanna cinnteofar go ndéanfar bithéagsúlacht agus an timpeallacht a chosaint.
Tá freagracht ar an Roinn Comhshaoil Aeráide agus Cumarsáide as éagsúlacht mhór de réimsí beartais a thiteann faoin gCreat lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite eischósta agus beart ar aeráid, tarchur gáis, agus teileachumarsáid. Bhí dlúthbhaint ag an Roinn s’agam le forbairt an chreata seo agus na reachtaíochta a bhaineann leis, rud a chruthóidh córas pleanála agus toilithe cuíchóirithe.
Beidh an CNPM ina áisitheoir ríthábhachtach chun fuinneamh slán, sábháilte glan a sholáthar agus cabhrú le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise. Beidh sé ina chuidiú mór freisin lena chinntiú go mbeidh nascacht fhomhuirí teileacumarsáide idirnáisiúnta ann d’Éirinn faoi láthair agus sa todhchaí.
Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an Bille i bhfeidhm gan mhoill le go seachadfar mar is ceart roinnt de ghealltanais Chlár an Rialtais, ag tacú le dícharbónú ár ngeilleagair agus soláthar iontaofa d’fhuinneamh slán, sábháilte, glan a sheachadadh. Chomh maith leis sin tabharfaidh sé an fothaca agus an tsolúbthacht reachtach a chuirfidh ar chumas na hÉireann bogadh ón chóras reatha chuig córas atá níos láraithe, pleanbhunaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite eischósta.
Ní féidir na spriocanna fuinnimh in-athnuaite eischósta atá againn a bhaint amach ach má tá córas ceadúnaithe agus rialála daingean oiriúnach don fheidhm mar bhunchloch againn, rud a ghnóthóidh an reachtaíocht seo. Cuirim fáilte roimh MARA - the Maritime Area Regulatory Authority (an tÚdarás Rialála um Limistéar Muirí) a mhaoirseoidh an córas seo.
Tá sé riachtanach go ndéanfar dul chun cinn tráthúil ar phíblíne de thograí fuinnimh in-athnuaite le gur féidir ár spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach. Rinneadh foráil sa Bhille chun ligean dár Roinn iarratais MAC a iarraidh maidir le fuinneamh in-athnuaite eischósta a chomhlíonann na critéir a bunaíodh faoin bPrótacal Aistrithe, le linn tréimhse shonraithe roimh bhunú MARA.
Tá mo Roinn ag cur oibre chun cinn freisin sna réimsí forbairt gréasáin, forbairt polasaí agus bealach chun an mhargaidh. Tá earnáil an fhuinnimh in-athnuaite eischósta ríthábhachtach má táthar leis an sprioc neodrachta aeráide 2050 a bhaint amach agus ginfidh sí infheistiú suntasach in Éirinn, agus dá bharr sin poist fhadtéarmacha ardluacha. Táimid tiomanta plé leis na páirtithe leasmhara uile agus a chinntiú go mbeidh a oiread daoine páirteach le linn dúinn a bheith ar tí ár n-earnáil fuinnimh in-athnuaite eischósta a fhorbairt agus ár spriocanna aeráide a bhaint amach.
Ní áirítear taiscéalaíocht agus táirgeadh peitriliaim i scóip an Bhille Petroleum atá ag teacht go hiomlán leis an ghealltanas atá i gClár an Rialtais, agus leis an éifeacht reachtach atáimid a thabhairt don ghealltanas sin tríd [nasc inmheánach 90097 | an mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. ]
Agus ní stopfaimid anseo. Beidh reachtaíocht bhreise atá le teacht ar Limistéir Mhurí faoi Chosaint ríthábhachtach lena chinntiú go gcosnaímid ár limistéir mhuirí agus a mbithéagsúlacht de réir mar a fhorbraímid. Chomh maith leis sin tá an [nasc inmheánach 74766 | clár ObSERVE, ] a chabhraíonn linn gníomhaíochtaí agus forbairt muirí a phleanáil, gan bagairt ar éiceachórais leochaileacha muirí. Tá comh-mhaoiniú ag an gClár ó mo Roinn féin, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ). An mhí seo caite chuir cuibhreannas idirnáisiúnta faoi cheannas Éireannach tús le haershuirbhéireacht fhorleathan ar beagnach 500,000km2 de limistéar muirí na hÉireann. Cabhróidh Aershuirbhéireacht ObSERVE 2 le cur leis an tuiscint ar speicis mhuirí na hÉireann agus ar na gnáthóga atá de dhíth orthu le maireachtáil agus le bláthú.
Tá mé buíoch dár n-oifigigh, chomh maith lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíocha, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, as a gcomhoibriú sa saothar an-tábhachtach seo.
Mar náisiún oileáin tá an t-ádh dearg orainn. Tá ár limistéar farraige ar tí cabhrú linn ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus bláthú mar náisiún agus caithfimid a chinntiú le linn dúinn a bheith á dhéanamh sin go gcosnaímid ár limistéir mhuirí do na glúnta atá le teacht.
CRÍOCH