Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 14 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 41 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
Tá 406 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail 1pm Dé Máirt an 14 Aibreán, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi na cásanna seo a leanas:
Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 11,479 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Amhail meán oíche Dé Luain an 13 Aibreán, tá 90,646 tástáil curtha i gcrích.
As na tástálacha sin:
Le seachtain anuas, rinneadh 20,468 tástáil i saotharlanna in Éirinn agus astu sin bhí 4,233 dearfach, rud a thug ráta dearfachta 21%.
Dúirt an Dr. Cillian De Gascun, Cathaoirleach Shainghrúpa Comhairleach NPHET:
"Tar éis cúpla seachtain dhúshlánach a bhaint amach, tá an cumas tástála neartaithe againn go suntasach agus leanfaimid orainn ag déanamh amhlaidh sa tseachtain amach romhainn, ionas go mbeidh sé de chumas orainn an víreas a aithint agus a chur faoi chois."
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 12 Aibreán (10,385 cás):
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Dé Máirt an 14 Aibreán) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann ar COVID-19.
Pléadh ag cruinniú an lae inniu:
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá imní orainn i gcónaí faoi leitheadúlacht COVID-19 i dtithe altranais agus i suíomhanna cúraim chónaithe.
“Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí sna saoráidí seo agus leanann sí ag cur tacaíochtaí agus gníomhartha chun cinn nuair is gá.
“Ón tús, bhí a fhios againn go bhfuil grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine scothaosta, i mbaol níos mó ón víreas seo. Leanfaidh na grúpaí seo de bheith mar thosaíocht againn."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Nílimid ag feiceáil méadú suntasach ar líon na gcásanna dearfacha COVID-19 inár n-ospidéil nó inár ICUanna le roinnt laethanta anuas, a bhuíochas sin d'iarrachtaí gach duine a lean na comhairle fanacht óna chéile agus scaipeadh an víris a mhoilliú. Tá an tseirbhís sláinte buíoch do gach duine atá ag glacadh páirte. "
CRÍOCH
Líon iomlán na gcásanna | 10385 |
Líon iomlán san ospidéal | 1903 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 275 |
Líon iomlán na mbásanna | 395 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 2707 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 408 |
Aois airmheánach | 48 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán
Inscne | Líon | mar % den Iomlán |
Baineann | 5629 | 54.3 |
Fireann | 4617 | 44.5 |
Anaithnid | 139 | 1.3 |
Iomlán | 10385 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 22 | 0.2 |
1 - 4 | 34 | 0.3 |
5 - 14 | 81 | 0.8 |
15 - 24 | 674 | 6.5 |
25 - 34 | 1805 | 17.4 |
35 - 44 | 1927 | 18.6 |
45 - 54 | 1983 | 19.1 |
55 - 64 | 1522 | 14.7 |
65+ | 2316 | 22.3 |
Anaithnid | 21 | 0.2 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.
Tarchur pobail | 66% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 27% |
Taisteal Thar Lear | 7% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 12 | 0.6 |
5 - 14 | 5 | 0.3 |
15 - 24 | 43 | 2.3 |
25 - 34 | 127 | 6.7 |
35 - 44 | 154 | 8.1 |
45 - 54 | 278 | 14.6 |
55 - 64 | 293 | 15.4 |
65+ | 989 | 52 |
Anaithnid | 2 | 0.1 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.
Ceatharlach | 44 | 0.4% |
An Cabhán | 245 | 2.4% |
An Clár | 106 | 1% |
Corcaigh | 780 | 7.5% |
Dún na nGall | 264 | 2.5% |
Baile Átha Cliath | 5438 | 52.4% |
Gaillimh | 220 | 2.1% |
Ciarraí | 219 | 2.1% |
Cill Dara | 443 | 4.3% |
Cill Chainnigh | 144 | 1.4% |
Laois | 101 | 1% |
Liatroim | 36 | 0.3% |
Luimneach | 265 | 2.6% |
Longfort | 58 | 0.6% |
Lú | 208 | 2% |
Maigh Eo | 198 | 1.9% |
An Mhí | 342 | 3.3% |
Muineachán | 123 | 1.2% |
Uíbh Fhailí | 144 | 1.4% |
Ros Comáin | 48 | 0.5% |
Sligeach | 52 | 0.5% |
Tiobraid Árann | 219 | 2.1% |
Port Láirge | 81 | 0.8% |
An Iarmhí | 234 | 2.3% |
Loch Garman | 56 | 0.5% |
Cill Mhantáin | 317 | 3.1% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.