Clár Safe to Create ag réiteach an bhealaigh le deireadh a chur le gnásanna dochracha in earnáil na n-ealaíon chun tairbhe gach oibrí ealaíne
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, inniu go bhfuil sraith tacaíochtaí le seoladh a chuideoidh le healaíontóirí agus le hoibrithe ealaíon in Éirinn mar chuid de Safe to Create, clár i gcomhar lena bhféachtar leis an gcultúr agus na cleachtais san ionad oibre a athrú ó bhonn agus coinníollacha oibre sábháilteachta agus measúla a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag obair in earnáil na n-ealaíon.
Is éard a bhí le rá ag an Aire Martin ag an seoladh in Ionad Ealaíon Project:
“Is lá an-dearfach é seo do na hEalaíona in Éirinn. Ó sheol mé Tuarascáil “Speak Up: A Call for Change” i nDeireadh Fómhair 2021, tá mo chuid oifigeach agus mé féin ag obair go dlúth le hInstitiúid Amharclannaíochta na hÉireann, chomh maith le Fís Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus “Minding Creative Minds” a bhfuil obair den scoth déanta acu chun muid a chur sa riocht ina bhfuil muid inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a ndíograis agus as an obair mhór atá déanta acu, agus €500,000 eile faighte acu i mbuiséad 2023 don chlár “Safe to Create”, agus táim ag tnúth le bheith ag obair leo amach seo.
Tá an clár “Safe to Create” bunaithe ar fad ar thorthaí agus ar mholtaí atá sa tuarascáil “Speak Up”, agus is í an tuarascáil sin a rinne eolas dó, agus dá réir sin, is gá an buíochas is mó ar fad a ghabháil le gach duine beo a thug freagra ar chéad suirbhé SPEAK UP. Ba iad guth agus taithí phearsanta s’agaibhse a chuir bonn faoin lá inniu agus beidh timpeallacht oibre níos sábháilte agus níos measúla do gach duine mar thoradh air sin. Tá athrú dearfach tarlaithe in earnáil na n-ealaíon a bhuíochas dá misneach agus gabhaim buíochas ó chroí libh as sin.”
Is freagairt ar shraith moltaí a tháinig chun cinn i dtuarascáil SPEAK UP an clár “Safe to Create” agus is í Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann (ITI) i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, Fís Éireann agus Minding Creative Minds a rinne an tuarascáil a chomhordú.
Áireofar ar na tacaíochtaí atá beartaithe:
Sna míonna amach romhainn, beidh ITI agus oifigigh na Roinne ag obair lena gcuid comhpháirtithe chun na tacaíochtaí seo a chur i bhfeidhm agus iad a chur chun cinn, d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart a glacadh agus chun dul i gcomhar le gníomhaíochtaí cuí chun meicníochtaí éifeachtacha monatóireachta, cuntasachta agus maoirseachta maidir le hiompar dochrach san ionad oibre in earnáil na n-ealaíon in Éirinn a fhorbairt.