Impíonn an tAire O’Donovan ar chuairteoirí chuig Faiche Stiabhna meas a léiriú ar an láthair tábhachtach oidhreachta seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Impíonn Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), ar chuairteoirí chuig Faiche Stiabhna meas a thaispeáint ar an suíomh stairiúil tábhachtach oidhreachta seo. D’eisigh an tAire an t-achainí seo tar éis imeachtaí inné nuair a chuaigh dream daoine ar an seastán banna Victeoireach; chuir OPW claíocha cosanta anseo dhá lá roimhe sin ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta, i ndiaidh imeachtaí iompair míshóisialta le cúpla lá anuas.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Mar phobal, chuireamar suas le cuid mhór le míonna anuas agus tuigim gur mian linn bheith amuigh faoin spéir anois agus laethe breátha tagtha. Ach níl cúis ar bith go ndéanfaí díobháil do struchtúir stairiúla agus go mbeadh drochiompar mar a tharla le cúpla lá anuas ag an seastán banna i bhFaiche Stiabhna. Tá Covid-19 fós imeasc an phobail agus chun an dul ar aghaidh atá déanta againn a chosaint is gá sluaite lasmuigh a sheachaint agus scaradh sóisialta a chleachtadh. Is mian linn go mbainfeadh cuairteoirí taitneamh as an bpáirc um deireadh seachtaine, ach impímid ar an bpobal meas a léiriú ar an suíomh, aird a thabhairt ar chuairteoirí eile agus meas a thaispeáint ar fhoireann OPW. Is áit suaimhnis i lár na cathrach í Faiche Stiabhna agus iarraimid ort cuidiú linn an áit a choimeád mar sin ar mhaithe le pléisiúr chuile duine.”
Is é ról OPW oidhreacht náisiúnta na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú. Séadchomhartha Náisiúnta faoi chúram againn is ea Faiche Stiabhna, ina bhfuil dealbha agus gnéithe atá stairiúil agus tábhachtach, an seastan banna álainn Victeoireach ina measc. Tógadh é in 1887; tá sé nach mór 150 bliain d’aois agus leochaileach, agus de ghnáth níl rochtain ag cuairteoirí air. Ní raibh aon cheist faoi seo cheana agus thuig daoine go raibh sé ann le haghaidh imeachtaí ceoil sa samhradh.
Le seachtain anuas, tháinig grúpaí le chéile anseo agus ag dul isteach ann, gan aird ar threoirlínte um shláinte an phobail ná ar scaradh sóisialta, agus á gcur féin agus daoine eile i mbaol trí dhreapadh ar cholúin a thacaíonn an díon. Um chosc timpistí agus um chosaint an struchtúir cinneadh claíocha a chur timpeall air. Tá an chuid eile den pháirc (22 acra) ar oscailt um thaitneamh an phobail.
Le linn na srianta choinnigh OPW na páirceanna agus na gairdíní faoin a stiúradh ar oscailt – Faiche Stiabhna san áireamh – mar áiseanna tábhachtacha ar mhaithe leis an bpobal. Le bogadh cúramach na srianta de réir a chéile ó mhí Aibreáin anuas, d’oscail OPW tuilleadh láithreacha stairiúla oidhreachta agus cuireadh táillí iontrála ar ceal chun an pobal a spreagadh um taitneamh a bhaint astu. Táimid ag obair leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Ealaíona chun coirmeacha ceoil a thástáil in dhá pháirc de chuid OPW i mí Mheithimh; tá imeachtaí agus taispeántais á bpleanáil againn chun samhradh slán taitneamhach a chothú le haghaidh cuairteoirí agus lucht cónaithe áitiúil araon.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland