Faigheann an tAire Donnelly Ceadú ón Rialtas chun an Bille um Scéim Ghinearálta Sláinte (Deireadh a chur le Táillí d’Othair Chónaithe Phoiblí) 2023 a Fhoilsiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, cead ón Rialtas inniu (Dé Máirt an 24 Eanáir 2023) an Bille um Scéim Ghinearálta Sláinte (Deireadh a chur le Táillí d’Othair Chónaithe Phoiblí) 2023 a fhoilsiú.
Bainfidh an Bille, nuair a achtófar é, an géartháille d’othair chónaithe phoiblí de €80 in aghaidh an lae, suas le huasmhéid €800 in aghaidh na bliana (lena n-áirítear táillí cáis lae), do dhaoine a fhaigheann rochtain ar chúram mar othar poiblí i ngach ospidéal poiblí.
Ag fógairt fhoilsiú na reachtaíochta nua dó, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm ceadú an Rialtais a fháil chun Scéim Ghinearálta an Bhille thábhachtaigh seo a fhoilsiú.
Bainfidh an dréachtreachtaíocht seo, nuair a thabharfar chun críche í agus nuair a achtófar í, ualach airgeadais reatha na dtáillí d’othair chónaithe phoiblí agus rochtain á fáil acu ar chúram in ospidéal poiblí. Tógann an beart seo ar dheireadh a chur le táillí d’othair chónaithe phoiblí do leanaí, a thug mé isteach anuraidh, agus is céim shuntasach eile í chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine ar sheirbhísí cúram sláinte inacmhainne."
Cuirfear an Scéim Ghinearálta ar aghaidh anois chuig Oifig an Ard - Aighne le haghaidh dréachtú tosaíochta an Bhille. Tabharfar téacs an Bhille chun críche mar ábhar práinne agus tá sé beartaithe an reachtaíocht a chur chun cinn trí Thithe an Oireachtais mar thosaíocht sna míonna amach romhainn.
Foilseofar an Scéim Ghinearálta ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte go luath.
Faoi láthair tá othair phoiblí faoi réir táille reachtúil €80 in aghaidh na hoíche, suas le 10 n-oíche (€800) ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí. Tá díolúine ó na táillí seo ag sealbhóirí cárta leighis agus ag aicmí áirithe daoine eile. Tá gá le reachtaíocht phríomhúil chun na leasuithe reachtacha a theastaíonn ar an Acht Sláinte 1970 a leagan amach chun deireadh a chur leis an táille d’othair chónaithe phoiblí.
Cuireadh cistiú ar fáil i mBuiséad 2023 chun deireadh a chur leis an ngéartháille d'othair chónaithe phoiblí in ospidéil phoiblí. Tabharfaidh an Roinn Sláinte téacs an Bhille chun críche anois i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne a luaithe is féidir. Tá sé beartaithe ag an Aire Sláinte téacs an Bhille a fhoilsiú, nuair a thabharfar chun críche é, agus an reachtaíocht a chur chun cinn trí Thithe an Oireachtais mar thosaíocht sna míonna amach romhainn.
Cuireann an tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh.2) 2022, a achtaíodh anuraidh, deireadh leis an ngéartháille €80 in aghaidh an lae d'othair chónaithe phoiblí (lena n-áirítear táillí cás lae) i leith leanaí faoi 16 bliana d'aois i ngach ospidéal poiblí. Tháinig an beart seo i bhfeidhm ón 21 Meán Fómhair 2022.