Seolann an tAire Ryan comhairliúchán poiblí ar Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, comhairliúchán poiblí ar Straitéis Fhadtéarmach reatha na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú.
Foilsíodh an Straitéis reatha an 28 Aibreán 2023, tar éis don rialtas í a cheadú, agus leagtar amach inti na conairí táscacha a leanfar tar éis na bliana 2030 ar mhaithe le haeráidneodracht a bhaint amach d’Éirinn faoin mbliain 2050. Leis an Straitéis, cuirtear leis na conairí dícharbónaithe a leagadh síos leis na Buiséid Charbóin, leis na hUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála agus leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2023 agus sainaithnítear bearta breise agus beartais bhreise lena mbrúfar dícharbónú níos doimhne chun cinn tar éis na bliana 2030. Buntaca leis an Straitéis is ea anailís a rinneadh ar na roghanna aistrithe atá ar fáil ar fud gach príomhearnála den gheilleagar. Tá sí bunaithe ar chomhairliúchán poiblí fairsing a seoladh sa bhliain 2019 agus ar ionchur trasrannach freisin.
I bhfianaise na bhforbairtí tábhachtacha beartais aeráide a thit amach ó seoladh an comhairliúchán sa bhliain 2019, tá comhairliúchán poiblí eile ar siúl anois chun straitéis nuashonraithe a ullmhú faoi dheireadh na bliana (mar atá geallta san Iarscríbhinn Gníomhartha a ghabhann leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2023). Comhlíonfar leis an Straitéis nuashonraithe ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh agus ceanglais an dlí náisiúnta araon. Mar sin, beidh sé ar an gcéad straitéis riamh um astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a ullmhófar ar aon dul leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015-2021. Soláthrófar leis an Straitéis nuashonraithe nasc ríthábhachtach idir spriocanna aeráide na hÉireann don bhliain 2030 agus an sprioc fhadtéarmach a leagadh síos le 'Cuspóir Náisiúnta Aeráide' na hÉireann agus leis an Dlí Aeráide Eorpach.
Ag labhairt dó faoi sheoladh an chomhairliúcháin ar Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann, dúirt an tAire Ryan:
"Ar aon dul le spriocanna (teochta) Chomhaontú Pháras, táimid tiomanta do gheilleagar aeráidneodrach a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050. Bunaíodh an tiomantas sin i ndlí na hÉireann faoinár nAcht náisiúnta Aeráide, rud atá ag teacht le dlí aeráide an Aontais Eorpaigh. Leis an Straitéis Fhadtéarmach uainn um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú, leagfar amach an chonair a leanfar thar an gcéad 30 bliain eile ar mhaithe le haeráidneodracht a bhaint amach.
"D’eisigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) 'rabhadh deiridh' i mí an Mhárta 2023, agus é ag rá gurb amhlaidh, toisc go bhfuil téamh domhanda 1.1°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha cheana féin, atá an t-athrú aeráide ag cruthú caillteanais agus damáistí atá forleathan agus a bhíonn ag éirí níos do-aisiompaithe. Cuireadh leis an rabhadh sin an tseachtain seo nuair a foilsíodh an tuarascáil is déanaí ón Eagraíocht Mheitéareolaíoch Dhomhanda. Tá againn seans a bhíonn ag éirí níos lú go tapa chun todhchaí inchónaithe agus inbhuanaithe do chách a choinneáil ar bun.
"Ní bheidh sé éasca na hathruithe riachtanacha a dhéanamh. Creidim, áfach, gur féidir le hÉirinn, agus go n-éireoidh léi, gníomhú ar son na haeráide ar shlí a gcosnóidh sinn ar an gcéad ásc ar thionchar an athraithe aeráide atá i réim anseo cheana féin, cosúil le tuile agus teas foircneach, agus ar shlí a gcinnteoidh gur féidir linn leanúint le bláthú mar gheilleagar agus mar shochaí. Ar an tslí sin, déanfar tithe níos teo agus níos éifeachtúla trí fhoinsí nua fuinnimh ghlais a úsáid, cruthófar poist nua agus cinnteofar go mbeidh ár n-earnáil talmhaíochta inmharthana agus inbhuanaithe, i measc nithe eile.
"Ní mór rannpháirtíocht saoránach a bheith i gcroílár na hoibre sin. Cé go bhfuil an straitéis reatha bunaithe ar na freagraí a fuarthas ar chomhairliúchán poiblí fairsing a seoladh sa bhliain 2019, táim ag seoladh comhairliúchán poiblí eile anois mar bhonn do straitéis nuashonraithe a ullmhú i bhfianaise na bhforbairtí tábhachtacha beartais aeráide a thit amach ó shin i leith."
Léirítear leis an Straitéis Fhadtéarmach reatha um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú an uaillmhian bhreisithe a tháinig as Clár an Rialtais 2020. Áirítear na nithe seo a leanas leis an uaillmhian bhreisithe sin:
Tá an comhairliúchán poiblí ar an Straitéis Fhadtéarmach um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú ar oscailt anois agus glacfar le haighneachtaí go dtí an 30 Meitheamh 2023. Téigh go suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun tuilleadh faisnéise a fháil.
CRÍOCH
Leis an Straitéis Fhadtéarmach um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú, atá le nuashonrú gach cúig bliana faoinár nAcht Aeráide, leagtar amach na coigeartuithe fadtéarmacha earnála a bheidh ag teastáil faoin mbliain 2050 agus ina diaidh. Trí na coigeartuithe sin a dhéanamh, cumasófar d’Éirinn na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara tuairimí maidir le Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú a chur in iúl faoi 5.30pm Dé hAoine an 30 Meitheamh 2023.
Iarrtar aiseolas ar na ceisteanna seo a leanas go háirithe:
1. Ag teacht sna sála ar an gcomhairliúchán a seoladh sa bhliain 2019, an bhfuil aon ní nua nó incriminteach ann ba cheart, dar leat, a chur ar áireamh i Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann?
2. An sainaithnítear sa Straitéis Fhadtéarmach reatha conairí réalaíocha i dtreo astaíochtaí a laghdú tar éis na bliana 2030 nó an bhfuil aon chonairí malartacha nó comhlántacha ann ar fiú tuilleadh breithniúcháin a dhéanamh orthu?
3. Ós rud é go dteastaíonn athrú sistéamach ón aistriú i dtreo aeráidneodrachta agus go bhfuil sé ríthábhachtach breithniú a dhéanamh ar na tosca a d’fhéadfadh rannchuidiú le haistriú den sórt sin nó bac a chur air, an bhfuil, dar leat, aon dálaí cumasúcháin ann ar gá tuilleadh dírithe a leagan orthu chun tacú leis an aistriú agus, má tá, cad iad na dálaí sin?
4. Ar mian leat aon tuairimí nó aon bharúlacha eile a chur in iúl maidir le Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann?
Ba cheart 'Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú' a bheith marcáilte ar aighneachtaí, agus is féidir iad a sheoladh le ríomhphost chuig longtermstrategy@decc.gov.ie nó iad a sheoladh mar chruachóip le casadh an phoist chuig: Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú, Seomra 3.01, An Rannán um Aercháilíocht, Gnóthaí AE, Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, D02 X285
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an chéad phlean riamh a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gnímh don Aeráid a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat an Plean Gnímh don Aeráid 2023 agus an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis a rochtain ag www.gov.ie/climateaction.