Suirbhéireacht samplála ithreach déanta ar leath na tíre ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá 50% den mhapáil náisiúnta ar gheoiceimic ithreach, ar cuireadh tús leis thiar sa bhliain 2011, tugtha chun críche agus tá na sonraí anailíseacha is déanaí eisithe. Rinneadh an obair seo mar chuid de Thionscadal Tellus Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Tá na mílte samplaí ithreach bailithe agus tá anailís déanta orthu. Beidh na sonraí agus mapaí atá tagtha astu iontach tábhachtach chun tuiscint a fháil ar chomhdhéanamh ceimiceach na n-ithreacha agus chun tacú le bainistiú comhshaoil agus sláinte thalmhaíochta an talaimh.
Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
“Tá lúcháir orm go bhfuil an chloch mhíle thábhachtach seo bainte amach i suirbhéireacht samplála ithreach Tellus agus suirbhéireacht déanta ar 50% den tír. Leis na sonraí atá bailithe, beimid in ann tuiscint níos fearr a fháil ar na hithreacha atá againn go nádúrtha, rud atá riachtanach chun go mbeidh an earnáil talmhaíochta sláintiúil, éifeachtúil agus inbhuanaithe. Mar gheall ar chomhobair idir Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, Teagasc agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, beidh bunús eolaíochta níos fearr leis an gcomhairle agus treoir a thabharfar faoi shláinte ithreach agus fás barraí.”
Léiríonn na sonraí agus mapaí nua, atá ar fáil go réidh don phobal ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, go bhfuil scéal daonna agus ní scéal geolaíochta amháin ag baint leis na hithreacha. Mar gheall ar thionsclú, tá ardú tagtha ar an leibhéal mearcair, luaidhe agus copair thart timpeall ar chathracha. Tá leibhéal ard stáin, an dúil, in ithreacha i gcathracha agus i mbailte móra mar thoradh ar dhó breoslaí iontaise. Léiríonn na mapaí freisin tionchar na feirmeoireachta, agus tá fianaise ann ar thorthúlacht ithreach feabhsaithe mar gheall ar chur fosfair agus ábhar leasúcháin eile. Is féidir leis na sonraí nua a léiriú freisin cad iad na ceantair ina bhfuil easnamh de chothaithigh nó de dhúile ar leith atá tábhachtach chun barraí a chur ag fás agus do shláinte ainmhithe.
Léiríonn na sonraí na fachtóirí a bhaineann le foirmiú ithreach agus le cáilíocht na hithreach, lena n-áirítear an aeráid sa réigiún agus comhdhéanamh na bunchloiche. Léiríonn na mapaí freisin cén t-ábhar orgánach atá sna hithreacha, rud a chuireann lenár dtuiscint ar cheapadh carbóin in Éirinn, ar príomhchuspóir maolaithe aeráide é de chuid na hÉireann.
Is féidir na sonraí nua a úsáid freisin mar thaca le taiscéaladh mianraí, mar is comhartha é dúile áirithe a bheith san ithir – arsanaic, antamón, caidmiam, luaidhe agus sinc, mar shampla – gur féidir go bhfuil acmhainní mianracha inti.
Nuair a bhíonn faisnéis shonraithe eolaíochtúil againn faoi ithreacha na hÉireann, is féidir linn cinntí níos muiníní a dhéanamh faoina n-úsáid agus faoina gcosaint.
Tá Tellus maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá na sonraí agus mapaí go léir ar fáil don phobal saor in aisce ó https://www.gsi.ie/tellus .
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Preasoifig na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar press.office@decc.gov.ie nó 01 678 2441.