Fógraíonn an tAire Ryan méadú suntasach ar mhaoiniú do ENRanna comhshaol
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Ryan tar éis maoiniú suntasach de €1,764,000 a fhógairt do Líonra Comhshaoil na hÉireann agus a mbaill in 2021. Is méadú €704,000 é seo ar leibhéal an mhaoinithe a cuireadh ar fáil in 2020.
Tá Líonra Comhshaoil na hÉireann comhdhéanta de níos mó ná 30 grúpa comhshaoil ó fud fad na tíre lena n-áirítear An Taisce, BirdWatch Ireland, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, VOICE agus Cairde na Cruinne.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tuigim go maith an obair ríthábhachtach a dhéanann ball-eagraíochtaí Líonra Comhshaoil na hÉireann (IEN). Tá na ENRanna comhshaoil náisiúnta seo gníomhach ar raon leathan saincheisteanna comhshaoil, lena n-áirítear caomhnú fiadhúlra, bithéagsúlacht agus athrú aeráide.
"Tá go leor blianta fada caite agam ag obair go dlúth le baill an IEN agus bhuail mé leo roinnt uaireanta ó cheapadh mar Aire mé. Tuigim go maith na dúshláin airgeadais atá os comhair na hearnála le blianta beaga anuas agus an tionchar a bhí ag an bpaindéim Covid-19 ar na heagraíochtaí seo. Ní raibh a ról riamh níos ríthábhachtaí maidir leis an dóigh a dtugann muid aghaidh ar na dúshláin aeráide agus bithéagsúlachta atá romhainn.
"Mar sin de, tá áthas orm a bheith in inmhe an méadú suntasach seo ar a dtacaí airgeadais a sholáthar ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag tógáil ar a gcuid oibre iontach. Déanaim é seo mar aitheantas ar an rannchuidiú suntasach a thugann siad ar son streachailt na hÉireann i gcoinne athrú aeráide."
CRÍOCH