D’fhan Costais um Bailiú Dramhaíola ó áiteanna Cónaithe Cobhsaí i mí Dheireadh Fómhair
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sonraí Mhí Dheireadh Fómhair 2020 - Is beag athrú a tháinig ar na praghsanna a scrúdaíodh i mí Dheireadh Fómhair i gcomparáid leis an mhí roimhe sin. I raon iomlán na bpointí praghais a seiceáladh san anailís ba dhéanaí, sraith uimh. 34, ní raibh ach athrú amháin le sonrú.
Tá na sonraí bunaithe ar anailís a rinneadh ar rogha gnólachtaí ceadúnaithe um bailiú dramhaíola ó áiteanna cónaithe. Cuimsíonn sé seo 19 gcuideachta faoi leith, agus roinnt gnólachtaí a bhíonn ag feidhmiú i níos mó ná réimse amháin. Déantar monatóireacht ar 26 margadh san iomlán.
Mar ghnáthchleachtas, déantar teagmháil le gnólachtaí ar an bhfón agus déantar a suíomhanna Gréasáin a sheiceáil le haghaidh faisnéis phraghsála maidir le costais um bailiú dramhaíola ó áiteanna cónaithe.
Tá an-difríocht le feiceáil sna córais phraghsála do bhailiú dramhaíola ó áiteanna cónaithe.
Tairgeann tromlach na ngnólachtaí bailithe dramhaíola ó áiteanna cónaithe ilphacáistí bailithe dramhaíola ar fud na margaí a bhfuil ceadúnas acu oibriú laistigh díobh. Mar sin féin, bíonn an córas céanna ag formhór na ngnólachtaí; Muirear Seirbhíse Lena n-áirítear Liúntas meáchain Móide Muirear i leith gach KG os cionn an Liúntais sin.
I mí Dheireadh Fómhair, níor tháinig aon athrú ar líon iomlán na bpacáistí praghsanna a bhfuil 8 gcinn acu ann i gcónaí. San áireamh i measc samplaí de phacáistí praghsanna tá: Muirear seirbhíse móide muirear meáchain in aghaidh an kg; rChlibeanna agus roghanna eile. Is é 51 líon iomlán na bpacáistí praghsanna um bailiú dramhaíola ar fud na ngnólachtaí ar fad a ndéantar monatóireacht orthu; méadú de cheann amháin ar líon na míosa roimhe sin.
Dea-sheirbhís do chustaiméirí
Ó thaobh seirbhís ghinearálta do chustaiméirí, bhí dea-sheirbhís á sholáthar ag foirne na ngnólachtaí bailithe dramhaíola. Tá sé seo cosúil le torthaí na míosa roimhe sin.
Níor taifeadadh ach athrú praghais amháin i mí Dheireadh Fómhair:
1. Soláthraí Seirbhíse K - Laghdaíodh an muirear seirbhíse ó €24.16 go €22.50 (Muirear seirbhíse (agus liúntas meáchain san áireamh) móide muirear in aghaidh an kg os cionn an liúntais).
Is é cuspóir an Ghrúpa Faireacháin ná Praghsanna a mheas agus féachaint an athraíonn na praghsanna a íocann teaghlaigh as bailiú dramhaíola tí agus má athraíonn siad, fáil amach cé mhéid. Déantar é seo trí chur chuige siopadóireachta faoi rún a úsáid i leith cuid de ghnólachtaí ceadúnaithe um bailiú dramhaíola. Mar sin féin, ós rud é nach ndéantar monatóireacht ar phraghsanna ar bhonn an mhargaidh iomláin, níltear in ann ainmneacha na ngnólachtaí sin a ndéantar monatóireacht orthu a fhoilsiú.
Tá ionadaithe na dreamanna seo a leanas ar an ngrúpa:
Go dtí seo, tháinig an Grúpa Monatóireachta Praghsanna le chéile ar thrí ócáid is tríocha ar leithligh: 13 Meán Fómhair 2017, 11 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 12 Nollaig, 9 Eanáir 2018, 13 Feabhra, 13 Márta, 10 Aibreán, 14 Bealtaine, 20 Meitheamh, 17 Iúil, 14 Lúnasa, 11 Meán Fómhair, 16 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 11 Nollaig 2018, 15 Eanáir 2019, 12 Feabhra, 14 Márta, 9 Aibreán, 14 Bealtaine, 11 Meitheamh, 9 Iúil, 20 Lúnasa, 10 Meán Fómhair, 8 Deireadh Fómhair, 12 Samhain, 16 Nollaig 2019, 22 Eanáir 2020, 17 Feabhra, 10 Márta, 11 Lúnasa, 8 Meán Fómhair, 13 Deireadh Fómhair agus 10 Samhain 2020. (bhí briseadh 4 mhí i monatóireacht praghsanna de thoradh ráig Covid-19)
CRÍOCH
Aighneachtaí chuig: pricemonitoringgroup@decc.gov.ie
Tabhair faoi deara gur cuireadh an ríomhphost seo ar fáil chun seoladh isteach faisnéise faoi phraghsanna ábhartha chuig an nGrúpa a éascú. Breithneoidh an Grúpa gach aighneacht a chabhróidh chun iad a chur ar an eolas maidir leis na praghsanna a íocann úsáideoirí cónaithe as bailiú dramhaíola áiteanna cónaithe. Ar an drochuair, níl an Grúpa in ann freagra a thabhairt ar aighneachtaí aonair ag an am seo.