Tagann an tAire O’Donovan chuig cruinniú de Ghrúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Faoiseamh Tuile, i láthair ag cruinniú de Ghrúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne ar an Déardaoin 25 Marta. Bhí na Gníomhaireachtaí Stáit a phléann leis An tSionainn i láthair agus pléadh réimse leathan ceisteanna maidir le bainistiú priacal tuile in abhantrach na Sionainne.
Tugadh uasdhátú ar dhul chun cinn na scéimeanna um fhaoiseamh tuile in Abhantrach na Sionainne a thabharfaidh cosaint ar réadmhaoine atá faoi phriacal i gcoinne ócáid tuile 1 sa 100 bliain. Tá 11 phobal in Abhantrach na Sionainne atá ag fáil sochair ó scéimeanna um fhaoiseamh tuile a chosnaíonn daoine agus réadmhaoine ó phriacal tuile. Tá 38 scéim breise um fhaoiseamh tuile i limistéár na Sionainne a thabharfar chun críche faoi infheistíocht €1bn an Rialtais i mbearta um fhaoiseamh tuile le linn saolré an Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm go bhfuil na scéimeanna um fhaoiseamh tuile in Inis agus i mBaile Átha Luain ar chéim chun tosaigh anois agus táthar ag súil lena gcríochnú go luath. Tá cead pleanála tugtha don scéim i nGort na Tiobraide i gContae an Chláir agus tosófar ar obair na scéime seo ins na míonna atá romhainn. Tá iarratas déanta freisin chuig An Bord Pleanála maidir le mórscéim um fhaoiseamh tuile ag Oileán an Rí i gCathair luimnigh”.
Tá Clár Oibre le haghaidh 2021 críochnaithe agus foilsithe ag an nGrúpa. Cuimsítear ann réimse leathan gníomhaíochtaí mar chabhair um bainistiú priacal tuile in abhantrach na Sionainne. Éascaíonn an Clár Oibre comhordú réamhghníomhach idir na Gníomhaireachtaí Stáit chun priacal tuile in abhantrach na Sionainne a bhainistiú i gcomhar le chéile.
Tá clár infheistíochta €7m ag an nGrúpa chun clár straitéiseach comhordaithe gníomhaíochta cothabhála in abhantrach na Sionainne a fheidhmiú agus srianta ins Na Calaí a scaoileadh. Cuirfidh na hoibreacha seo atá molta moill ar thuiliú agus rachaidh siad chun sochair freisin don loingseoireacht agus don talmhaíocht.
Dúirt an tAire:
“Tá Uiscebhealaí Éireann ag cur na bearta seo chun cinn agus táthar ag súil go dtosófar ag obair ar chuid acu níos déanaí i mbliana. Beidh measúnaithe comhshaoil agus cead pleanála riachtanach maidir le cuid de na bearta atá níos casta; tá obair ar bun um ullmhú na n-iarratas ar na ceadanna atá riachtanach.”
Leanann an Grúpa ag cuardach bearta breise um priacal tuile a fhéadfadh a bheith tairbheach. Tá scéim phíolótach ar bun maidir le leibhéil an locha ar Loch Aillionn a ísliú agus tá cothabháil dírithe déanta i gcúig áit. Scrúdaigh an Grúpa cúis, ráta agus céim teorannaithe le imeacht aimsire ar an Sionainn Íochtarach; tá obair ar bun chun bearta dóchúla, sochair agus costais taispeántacha na roghanna éagsúla a thaighde.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Bhunaigh an Rialtas Grúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne in Eanáir 2016 chun comhoibriú leanúnach a neartú idir na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann leis an tSionainn. Bhí an chéad chruinniú ar 1 Feabhra 2016 agus bhí 14 chruinniú ó shin.
Ballraíocht
Is iad comhaltaí an Ghrúpa Príomhoifigigh Feidhmiúcháin nó a chomhionann ó na Gníomhaireachtaí Stáit seo a leanas:
• Oifig na nOibreacha Poiblí
• Údaráis Áitiúla, dá n-ionadú ag an Cumann Bainistíochta Contae & Cathrach
• Uiscebhealaí Éireann
• Bord Soláthair an Leictreachais
• Iascaigh Intíre Éireann
• An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta
• An Roinn Talmhaíochta, Bia & na Mara
• Bord na Móna
• An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
• Uisce Éireann
Tá téarmaí tagartha an Ghrúpa ar fáil ag opw.ie
Cruinnithe an Ghrúpa
Tá Clár Oibre, Miontuairiscí agus ábhar eile a bhaineann le gach cruinniú den Ghrúpa ar fáil ag opw.ie