Seolann an tAire Oidhreachta, Malcolm Noonan TD, Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2023 dar luach €6 milliún
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit d'Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2023 inniu.
Infheisteofar €6 milliún i gCiste na Séadchomharthaí Pobail na bliana seo chugainn chun cuidiú le húinéirí agus caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo.
Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail den chéad uair mar chuid de Spreagadh Post mhí Iúil 2020 le hinfheistíocht de €1.15 milliún ag tacú le 71 tionscadal. Léiríonn an méadú suntasach seo ar mhaoiniú na scéime tionchar dearfach an Chiste le 3 bliana anuas. Meastar go dtacóidh an maoiniú do 2023 le thart ar 120 tionscadal ar fud na tíre.
Is iad príomhaidhmeanna Chiste na Séadchomharthaí Pobail ná séadchomharthaí áitiúla agus láithreáin stairiúla a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn. Tá maoiniú ar fáil ionas gur féidir oibreacha caomhantais a dhéanamh ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu. Is é an aidhm ná rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú, chomh maith lena n-athléimneacht a thógáil freisin le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh. Tacaíonn an ciste le deisiúcháin riachtanacha agus le hoibreacha caomhnaithe caipitil agus rochtana ar shéadchomharthaí seandálaíochta agus freisin le forbairt Pleananna Bainistíochta Caomhnaithe chun aon bhearta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun séadchomharthaí a chaomhnú a aithint. Tá deontais ar fáil freisin chun bonneagar rochtana poiblí agus léirmhíniú ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú.
Agus é ag labhairt inniu, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Noonan:
“Tá lúcháir orm Ciste na Séadchomharthaí Pobail dar luach €6 milliún a fhógairt do 2023. Le comhpháirtíocht chomhoibríoch den scoth idir Údaráis Áitiúla agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta dár gcuid, tháirg Ciste 2022 leibhéal iontach rannpháirtíochta pobail, deiseanna scileanna traidisiúnta, agus cosaint ár n-oidhreachta. Tá an-áthas orainn go bhfuilimid in ann an tacaíocht seo a mhéadú in 2023 chun tacú le breis agus 120 tionscadal. Is aitheantas é an cúnamh deontais a thugtar d’údaráis áitiúla, d’úinéirí príobháideacha agus do phobail maidir le séadchomharthaí áitiúla agus láithreáin stairiúla atá faoi úinéireacht phríobháideach a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn, ar ról tábhachtach ár n-oidhreachta agus dóibh siúd a oibríonn gan stad gan staonadh chun aire a thabhairt di.
Lean an tAire Noonan leis seo a leanas:
"Ní mór dúinn gach is féidir linn a dhéanamh chun tacú lenár n-oidhreacht seandálaíochta leochaileach a chosaint, chun í a cheiliúradh agus go mbeidh rochtain ag cách uirthi. Agus é sin á dhéanamh againn, seachadaimid go soiléir na gealltanais faoinár bplean nua oidhreachta náisiúnta, Oidhreacht Éireann 2030. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na pobail agus na hÚdaráis Áitiúla sin go léir as a spéis leanúnach i gcosaint séadchomharthaí seandálaíochta ar fud na tíre. Cabhróidh an infheistíocht seo lena chinntiú go leanann ár n-oidhreacht seandálaíochta ag saibhriú ár saolta.”
Ag labhairt dó faoin seoladh inniu, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD:
“Tá cúram dár n-oidhreacht seandálaíochta ríthábhachtach agus tá sé i gcroílár na bpobal ar fud na tíre seo. Tá flúirse séadchomharthaí ag Éirinn a dhéanann macalla d’am atá caite a bhí seasmhach agus a bhfuil dualgas orainn a chosaint. Le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Malcolm Noonan, TD, bhí an-áthas orm a bheith in ann cistí suntasacha a fháil i mBuiséad 2023 chun leanúint le Ciste na Séadchomharthaí Pobail chun an oidhreacht sin a choinneáil agus a chaomhnú.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke, TD:
“Táim thar a bheith sásta go bhfuil maoiniú suntasach leithdháilte ar Chiste na Séadchomharthaí Pobail arís do 2023. Is iontach an comhoibriú a fheiceáil idir na hÚdaráis Áitiúla agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta inár Roinn agus an ciste seo á riaradh. Táim fíorbhuíoch do na hÚdaráis Áitiúla as a gcuid oibre crua agus a rannpháirtíocht sa scéim seo.”
Is féidir le hÚdaráis Áitiúla iarratais ar dheontais a dhéanamh le haghaidh oibreacha ar shéadchomharthaí faoi úinéireacht phoiblí a bhfuil fócas soiléir oidhreachta acu agus gur léiríodh leas pobail nó poiblí agus tionscadail arna moladh ag Údarás Áitiúil de bhun iarratas ó iarratasóirí príobháideacha ar úinéirí nó caomhnóirí séadchomharthaí iad.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar dheontais 2023 ná an 14 Feabhra 2023.
I measc na dtionscadal a bhí maoinithe ag Ciste na Séadchomharthaí Pobail roimhe seo tá:
• Christ Church Cathedral, Dublin
• Vinegar Hill, Enniscorthy, Wexford
• Raphoe Castle (aka 'Bishop's Palace'), Raphoe, Donegal
• St. Columba’s Church & round tower, Swords, Dublin
• Ballintober Castle, Roscommon
• St Audeon's medieval church, Dublin
• Woodstown Viking Site, Waterford
CRÍOCH