Seolann an tAire Haughton feachtas nua chun cur i gcoinne comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta gan toiliú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógróidh an tAire Stáit um Cheartas Sibhialta agus Coiriúil, Hildegarde Naughton TD, inniu gurbh amhlaidh, mar chuid de phlean an rialtais i leith dul i ngleic le comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta gan toiliú, gur féidir tuairisciú a dhéanamh anois, ag Hotline.ie/report, maidir le comhroinnt ábhair neamhdhleathaigh ar líne. Cabhróidh Hotline le híomhánna agus físeáin a bhaint den idirlíon.
Tá an sásra tuairiscithe ina chuid d’fheachtas nua feasachta na Roinne Dlí agus Cirt chun aird a tharraingt gurb ionann comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta de dhuine eile, nó bagairt comhroinnt den sórt sin a dhéanamh, agus cineál drochúsáide agus chun a chur in iúl go bhfuil dlíthe ann anois chun stop a chur leis agus go bhfuil pionóis suas go príosúnacht seacht mbliana ann ina leith.
Le linn an feachtas a sheoladh dúirt an tAire Stáit um Cheartas Sibhialta agus Coiriúil, Hildegarde Naughton TD, an méid seo a leanas:
“Is gránna an rud é íomhá dhlúthphearsanta de dhuine a chomhroinnt gan toiliú a fháil ón duine agus d’fhéadfadh éifeachtaí marthanacha díobhálacha, de chineál mothúchánach agus meabhrach, a bheith ag gabháil le comhroinnt íomhá den sórt sin.
“Is cineál drochúsáide é íomhánna dlúthphearsanta a chomhroinnt, nó bagairt iad a chomhroinnt, agus níl aon leithscéalta ann ina leith. Is cuma cad atá taobh thiar de.
“Má chomhroinneann tú íomhá dhlúthphearsanta gan toiliú, tá tú páirteach sa drochúsáid agus tá reachtaíocht ann lena ngabhann bearta pionósacha cuí chun déileáil le gníomhartha na ndrochúsáideoirí.”
Le Dlí Coco, arb é an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara an teideal oifigiúil atá air agus a achtaíodh ar an 10 Feabhra 2021, cruthaíodh cionta nua lena ndéantar dáileadh neamh-chomhthoiliúil íomhánna dlúthphearsanta a choiriúlú. Bhí cur i ngníomh Dhlí Coco agus seoladh feachtais feasachta ina ngníomhartha tábhachtacha de chuid Phlean Dlí agus Cirt 2021 a sheol an tAire Nic an tSaoi níos luaithe i mbliana.
Mar thoradh ar thaighde neamhspleách a choimisiúnaigh an Roinn Dlí agus Cirt, is léir go maíonn aosach amháin ag gach 20 aosach gur comhroinneadh íomhá dhlúthphearsanta de nó di ar líne nó ar mheán sóisialta gan cead a bheith tugtha aige nó aici. Tagann méadú ar an líon sin go duine amháin as gach 10 nduine sna haoisghrúpaí 18-24 agus 25-37.
Duine a d’fhulaing an tionchar uafásach a bhaineann le comhroinnt ábhair dhlúthphearsanta gan toiliú is ea Alexandra Ryan, Bunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Goss Media. Cúig bliana ó shin, rinne fear a raibh caidreamh dlúthphearsanta ag Alexandra leis físeán díobh, agus iad in éineacht lena chéile, a thaifeadadh go rúnda. Chomhroinn duine eile an físeán sin ina dhiaidh sin gan toiliú a fháil uaithi. Tá a scéal á insint ag Alexandra Ryan mar chuid den fheachtas feasachta chun cabhrú le spreagadh a thabhairt d’íospartaigh eile an choir seo a thuairisciú. Agus í ag caint roimh an seoladh, dúirt sí an méid seo a leanas:
“Nuair a fuair mé amach gur thaifead duine a raibh iontaoibh agam ann físeán dlúthphearsanta díom i ngan fhios dom nó gan toiliú a fháil uaim, mhothaigh mé an-éidreorach agus an-leochaileach. Fuair bean eile an píosa scannánaíochta ansin agus comhroinneadh arís é gan toiliú a fháil uaim. An tráth sin, ní raibh aon dlí ann i gcoinne ábhar dlúthphearsanta a scannánú nó a chomhroinnt gan toiliú a fháil. Mhothaigh mé cloíte, go rabhthas ag tabhairt breithiúnais orm, agus náirithe.
“Thóg sé cúig bliana orm mo scéal a insint agus is féidir liom a rá go macánta go raibh an dúshaothrú gránna sin ina chúis le pian agus fulaingt mhothúchánach gan stad agus go mbím ag streachailt leis sin fós sa lá atá inniu ann. Ceapaim go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh guth a thabhairt d’íospartaigh a d’fhulaing rudaí den chineál céanna nó, i gcásanna áirithe, a d’fhulaing rudaí i bhfad níos measa.
“Ceapaim go mbeidh an reachtaíocht nua seo mar a bheadh líne tharrthála ann d’íospartaigh na coire seo. Tá súil á coinneáil agam ar chruthú na reachtaíochta seo le tamall fada agus ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach go dtuigfidh daoine anois - íospartaigh agus drochúsáideoirí araon - go mbaineann iarmhairtí troma le híomhá dhlúthphearsanta de dhuine a sheoladh nó a chomhroinnt gan toiliú leis an duine atá i gceist. Molaim Hildegarde Naughton TD agus an Roinn Dlí agus Cirt as a gcuid oibre maidir leis an reachtaíocht seo a chur chun cinn agus gabhaim buíochas leo as an obair a dhéanann siad chun cabhrú le híospartaigh ar fud na hÉireann tuairisciú a dhéanamh faoin gcoir seo trí bhealach a chur ar fáil dóibh chun teagmháil a dhéanamh le hotline.ie agus leis na Gardaí.”
Mar chuid den fheachtas feasachta freisin tá roinnt físeán nua agus sócmhainní meán sóisialta ann, mar aon le fógrán 30 soicind a d’fhorbair an ghníomhaireacht chruthaitheachta TBWA, ar fógrán é a bheidh le feiceáil mar fhíseán ar éileamh, ar Youtube agus ar ardáin meán sóisialta eile.
Fuarthas amach, mar thoradh ar an taighde neamhspleách, gurb amhlaidh, d’ainneoin nach maíonn ach líon beag daoine íomhá dhlúthphearsanta gan toiliú, gurbh iad seo a leanas na cúiseanna ba mhinice a spreag an chomhroinnt: ar mhaithe le spraoi; níor ceapadh nach scéal mór é; nó chun dochar a dhéanamh don duine san íomhá nó chun an duine sin a chrá. San fhógrán nua, scrúdaítear na hábhair spreagtha sin agus, ag an am céanna, féachtar le déileáil leis an tuairim a chuireann cuid den mhilleán, nó an milleán ar fad, ar an íospartach.
Is féidir le haon duine ar comhroinneadh íomhá dhlúthphearsanta de nó di ar líne gan toiliú a fháil uaidh nó uaithi teagmháil a dhéanamh le hotline.ie/report. Is é hotline.ie/report an lárionad náisiúnta chun ábhar neamhdhleathach ar líne a chomhrac. Láimhseálann sé tuairiscí faoi ábhar drochúsáide gnéasaí leanaí, le gníomhaíochtaí a bhaineann le dúshaothrú gnéasach leanaí, le ciníochas agus le seineafóibe, agus tá a scóip á leathnú aige chun seirbhís a chur ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh faoi íomhánna dlúthphearsanta a chomhroinntear gan toiliú.
Má chomhroinntear íomhá dhlúthphearsanta nó dlúthphearsanta ar líne gan toiliú a fháil uait, is féidir le Hotline.ie cabhair a thabhairt maidir leis an ábhar a thuairisciú agus a bhaint anuas. Ina theannta sin, déanfaidh sé idirchaidreamh leis an nGarda Síochána i ndáil le roinnt cásanna drochúsáide íomhánna dlúthphearsanta más mian leis an duine sin a dhéanamh. Tá rogha ann freisin i leith drochúsáid íomhánna dlúthphearsanta a thuairisciú go díreach don Gharda Síochána.
Dúirt an tAire Naughton an méid seo a leanas freisin
“Is ionann Dlí Coco agus céim mhór chun tosaigh maidir le dul i ngleic le ciapadh agus cumarsáid dhochrach agus baineann an feachtas seo le méadú na feasachta faoi ghnéithe éagsúla den reachtaíocht seo.
“Is minic a bhíonn drochúsáideoirí in ann úsáid a bhaint as bagairt chun íomhánna dlúthphearsanta mar ghné de rialú comhéigneach i gcaidrimh. Ní mór an teachtaireacht a chloisteáil, is é sin le rá, nach nglacfar, in aon imthosca, sa dlí agus sa tsochaí i gcoitinne, le comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta, ná le bagairt comhroinnt den sórt sin a dhéanamh, agus cloisfear an teachtaireacht sin.”
CRÍOCH
Nóta d’eagarthóirí
Beidh fógrán an fheachtais ar fáil chun amharc air tar éis sheoladh an fheachtais (11am Déardaoin) ar chainéil Youtube agus meán sóisialta na Roinne agus, chomh maith leis sin, beidh sé ar fáil ag www.gov.ie/noexcuses
- déileálann an chéad chion le dáileadh nó foilsiú íomhánna dlúthphearsanta gan toiliú agus le hintinn díobháil a dhéanamh. Maidir leis na pionóis is infheidhme ina leith sin, d’fhéadfadh fíneáil neamhtheoranta agus/nó príosúnacht 7 mbliana a bheith i gceist leo.
-- déileálann an dara cion le híomhánna dlúthphearsanta a ghlacadh, a dháileadh nó a fhoilsiú gan toiliú fiú amháin más rud é nach raibh sé ar intinn go sonrach díobháil a dhéanamh. Is é atá sa phionós uasta atá ann i leith an chiona sin ná fíneáil €5,000 agus/nó príosúnacht 12 mhí.