Infheistíocht níos airde ná a bhí riamh in Oideachas agus Scileanna agus maoiniú curtha ar fáil do na céadta múinteoirí nua agus breis agus 1,000 cúntóirí riachtanais speisialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Méadú de €360 milliún ar an Bhuiséad suas go €11.1 billiún a rachaidh chun tairbhe don oideachas speisialta, scoileanna beaga agus príomhoidí teagaisc
Cruthófar tuilleadh áiteanna ardoideachais agus cúrsaí nua tríú leibhéil mar chuid den chiste nua €60 milliún
Méadú ar mhaoiniú do phrintíseachtaí agus d’oiliúint faoin gCiste Náisiúnta Oiliúna
Soláthraíonn Buiséad 2020 athinfheistíocht shuntasacht inár gcóras oideachais agus oiliúna don cheathrú bhliain as a chéile.
Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. “I measc na nithe nach eol dúinn mar gheall ar an mBreatimeacht agus na sriantachtaí atá curtha acu sin ar Bhuiséad 2020, ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh ar son na ndaoine is leochailí agus leanúint orainn ag soláthar infheistíochta san oideachas do na glúnta atá le teacht.”
Ag tógáil ar na tionscnaimh a leag an Rialtas amach ina Phlean Gníomhaíochta don Oideachas, beidh €11.1 billiún, an tsuim ab airde riamh, i mbuiséad na Roinne Oideachais agus Scileanna sa bhliain 2020, méadú de 3.4% ó 2019.
Léiríonn sé sin ár dtiomantas leanúint ar aghaidh le córas oideachais uileghabhálach cumasaithe a chruthú. Tá sé mar fhócas againn deiseanna oideachais a fheabhsú do dhaoine óga agus do dhaoine fásta go léir.
Cuireann Buiséad 2020 leis an infheistíocht shuntasach atá soláthraithe ag an Rialtas seo le blianta beaga anuas do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Tógann sé sin ar an bhfeachtas chun méideanna ranga a laghdú. Tugann sé níos mó solúbthachta do phríomhoidí teagaisc. Soláthraíonn sé maoiniú nua don ardoideachas. Coinníonn sé scoileanna beaga – ar a maireann pobail - ag dul. Deimhníonn sé go mbeidh foirgnimh nua, feabhsaithe ag scoileanna, agus áiseanna ag coláistí agus ollscoileanna.
Thar na ceithre bhuiséad ó 2016, tá méadú beagnach € 2 billiún tagtha ar an bpacáiste maoinithe iomlán don Roinn Oideachais agus Scileanna.
I measc príomhghnéithe Bhuiséid 2020 san oideachas agus i scileanna tá:
Tabharfar ar ais Deontas na Gaeltachta do mhic léinn ar chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí atá maoinithe ag an Stát.
Tá pacáiste mór maoinithe á chur ar fáil ón gCiste Náisiúnta Oiliúna chun oiliúint faoi stiúir an ionaid oibre agus an fhostóra a mhéadú go suntasach, borradh a chur faoi líon na bprintíseachtaí agus cabhrú le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le Breatimeacht.
Dúirt an tAire McHugh:
Agus breis agus €11.1 billiún i gceist, tá buiséad níos airde ná a bhí riamh againn d’oideachas agus scileanna. Táimid ag díriú aon chúigiú den airgead sin isteach in oideachas speisialta. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ar cheann de na hinfheisteoirí is mó sa phobal. Táim meáite ar leanúint ar aghaidh ag cur ár straitéise cuimsitheachta agus an tábhacht a bhaineann le hoideachas speisialta chun cinn agus an dóigh a saibhríonn sé ár bpobail scoile.
Tá ár mbuiséad ag soláthar infheistíochta ar bhealach a aithníonn an tábhacht a bhaineann le pobail, trí scoileanna beaga a choinneáil ag dul, trí bhealaí nua a aimsiú chun infheistíocht a dhéanamh dár leanaí agus trína chinntiú go gcumasaímid ár ndaoine óga don todhchaí.”
Dúirt an tAire Mitchell O’Connor:
Ós rud é go bhfuil an tArd-Oideachas ríthábhachtach chun tacú le rathúlacht eacnamaíoch agus forbairt shóisialta na hÉireann amach anseo, tá lúcháir orm inniu pacáiste breise €150m a fhógairt lena n-áirítear € 74 milliún breise ó infheistíocht an Chiste Náisiúnta Oiliúna (NTF). Ní mór don ardoideachas a bheith chun cinn le haghaidh a thabhairt ar éifeachtaí Brexit agus chun freastal ar ár riachtanais scileanna digiteacha trí chur ar chumas na n-institiúidí díriú ar uas-sciliú, ar ath-sciliú agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
Soláthróidh infheistíocht bhreise de € 60 milliún faoin Tionscnamh Caipitil Daonna chomh maith le €18 milliún a thugann aghaidh ar bhrú déimeagrafach thart ar 5,700 áit bhreise do mhic léinn agus cabhróidh sé sin lenár mic léinn a dhéanamh seasmhach i leith na todhchaí. Ar a bharr sin, i 2020 seolfar na nithe seo a leanas: ciste suntasach athchóirithe ilbhliantúil de €90 milliún do na hOllscoileanna Teicneolaíochta; ciste € 3 milliún chun barr feabhais i dtaighde a chur chun cinn; agus tiomantas nua € 2 mhilliún chun tacaíocht a sholáthar do shláinte mheabhrach agus folláine mac léinn”
Dúirt an tAire Halligan:
Tá sé fíorthábhachtach go gcoinníonn Éire a hardchaighdeáin thraidisiúnta agus sinn ag tabhairt faoi lucht saothair oilte, a bhfuil tóir orthu go hidirnáisiúnta a fhorbairt, go háirithe agus sinn ag fanacht le héifeacht eacnamaíoch imeacht na Breataine ón AE a fheiceáil. Chuige sin cuirim fáilte roimh thiomantas buiséid an Rialtais seo tacú le 7,500 clárú printíseachta, ag éagsúlú an raon scéimeanna atá ar fáil agus ag cur Éire ar an bhealach cheart chun 20,000 duine a bheith faoi oiliúint printíseachta faoi dheireadh 2020.
Aithníodh freisin go bhfuil gá lenár lucht saothair uas-sciliú agus athoiliúint a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin geilleagair atá ag forbairt, trí €8 milliún de mhaoiniú breise a sholáthar do Skillnet Ireland agus € 6 milliún do thionscnaimh forbartha scileanna fostaithe. Tá sé ríthábhachtach freisin go leanann ár n-ollscoileanna agus ár n-institiúidí tríú leibhéal de bheith taobh thiar de thaighde agus nuálaíochta ar chúrsaí iar-Bhreatimeachta, ionas gur féidir linn naisc acadúla láidre agus forásacha a thógáil lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá áthas orm go gcuirfear € 3.3 milliún ar fáil dár n-ollscoileanna ionas go leanfaidh siad ar aghaidh ag cur fáis chun cinn i réimse an taighde agus na forbartha agus chun comhoibriú acadúil a fhorbairt go hidirnáisiúnta.”
CRÍOCH
Is féidir gnéithe eile den Bhuiséad Oideachais agus Scileanna 2020 a fheiceáil ag an nasc seo: