Geallann an tAire O’Donovan tréimhse breise chomhairliúcháin maidir le Scéim um Fhaoiseamh Tuile Ísealtailte an Ghoirt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan TD, go ndéanfaidh OPW agus Comhairle Contae na Gaillimhe socruithe maidir le tréimhse breise chomhairliúcháin faoi Scéim um Fhaoiseamh Tuile Ísealtailte an Ghoirt, tar éis do shrianta reatha Covid-19 a scaoileadh.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm tréimhse breise chomhairliúcháin a ligean nuair a scaoilfear srianta reatha Covid-19. Ceadóidh an tréimhse breise míosa seo cruinnithe duine-le-duine a thionól le húinéirí talún agus le daoine eile, de réir mar is gá. Tá sé tábhachtach tuairimí an phobail áitiúil agus úinéirí talún a fháil maidir le dearadh agus soláthar an tionscadail tábhachtach seo um fhaoiseamh tuile, ionas go dtabharfar an chosaint ar phriacal tuile atá de dhíth chomh géar sin chomh luath agus is féidir."
Dúirt an tAire freisin:
“Críochnaíonn an tréimhse reatha chomhairliúcháin ar 3 Aibreán; tá Comhairle Contae na Gaillimhe agus Oifig na nOibreacha Poiblí araon ag lorg tuairimí le linn na tréimhse chomhairliúcháin seo. Chomh luath agus a scaoiltear srianta Covid-19, tosóidh OPW agus Comhairle Contae na Gaillimhe an tréimhse breise chomhairliúcháin; fógrófar é seo ins na nuachtáin áitiúla agus ar shuíomh gréasáin an tionscadail. Táim ag súil le gníomhú leis an bpobal le linn na tréimhse breise chomhairliúcháin seo.”
CRÍOCH
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland