Tosaíonn Oibreacha Cothabhála ar Abhainn na Sionainne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., cuairt chuig an Gearradh Nua, Míleac, Co. na Gaillimhe, áit a bhfuil tús curtha le hoibreacha cothabhála ar Abhainn na Sionainne.
Tá na hoibreacha seo á ndéanamh ag Uiscebhealaí Éireann, thar ceann an Ghrúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne; cuirfidh na hoibreacha seo le cumas sruthlaithe agus loingseoireachta ar chainéal na habhann. Tosófar na hoibreacha i gcúig áit feadh na Sionainne le linn an tséasúir reatha comhshaoil, ag tosú gar do Mhíleac, Co. na Gaillimhe agus ina dhiaidh sin ó thuaidh i Ros Comáin agus Liatroim. Glacfaidh se timpeall sé seachtaine gach ceann de na tionscadail seo a chríochnú.
Ins na tionscadail seo is gá an obair a dhéanamh san abhainn féin, chun crainn, craobhacha agus casarnach atá ag cur bac ar shruthlú an uisce a bhaint amach. Tá an tuairisciú cuí maidir le Measúnaithe Cuí déanta sular tosaíodh ar an obair seo féach anseo .
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tríd an Grúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne, oibríonn OPW go dlúth leis na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann le hAbhainn na Sionainne chun bearta a chur i bhfeidhm a chuideoidh le bainistiú priacal tuile san abhantrach. Fáiltím roimh thús na hoibre seo a chuirfidh feabhas le sruthlú an chainéil ar an Sionainn. Is léiriú é ar ghné amháin den chomhoibriú idir na gníomhaireachtaí Stáit atá páirteach sa Ghrúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hUiscebhealaí Éireann as an obair thábhachtach seo a dhéanamh ar son an Ghrúpa. Tá tionscnaimh eile á gcur chun cinn um chuidiú le bainistiú priacal tuile ar Abhainn na Sionainne; orthu seo tá tionscadal chun deireadh a chur le sraith srianta nó caolais uisce i limistéar Challaí na Sionainne.”
Lean an tAire leis:
“Chomh maith leis na hoibreacha seo, tá 12 scéim fhaoisimh tuile i limistéar na Sionainne críochnaithe ag OPW, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla. Tá 37 scéim fhaoisimh tuile eile á gcur chun cinn faoin infheistíocht Rialtais €1.3bn i mbearta faoisimh tuile le linn saolré an Phlean Forbartha Náisiúnta. I láthair na huaire tá scéimeanna faoi thógáil ag Inis (Theas), Baile Átha Luain agus Gort an Tobair. I dteannta a chéile, nuair a bheidh na scéimeanna seo go léir críochnaithe, tabharfar cosaint ar 95% de na maoine atá léirithe faoi phriacal suntasach tuile.”
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
1. Gearradh Nua laistíos ó Chomhlaí Marlborough agus lastuas ón droichead rochtana ag Loc Victoria, Co. na Gaillimhe
2. Coillte Connaidh lastuas ó Ard an Aifrinn, gar do Bhaile Shéamais, Co.Liatroma
3. Cora Rúscaí, Co. Ros Comáin
4. Port, laistíos ó shráidbhaile Liatroma, Co. Liatroma
5. Baile na Lice, lastuas ó Thearmann Bearaigh, Co. Ros Comáin
Bhunaigh an Rialtas Grúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne in Eanáir 2016 chun comhoibriú leanúnach a neartú idir na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann leis an tSionainn.
Um breisiú ar an gcosaint iomlán tuile ó scéimeanna faoisimh tuile, ghlac an Grúpa Comhordaithe Oibre Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne cinntí suntasacha ó bunaíodh é.
Cuimsíonn an obair atá déanta go dtí seo:
• Leagan amach Clár Oibre bliantúil a thugann suntas don réimse leathan gníomhaíochtaí atá pleanáilte ag gach comhalta den Ghrúpa, rud a chuireann leis an gcomhordú maidir le bainistiú priacal tuile ar feadh na Sionainne,
• Críochnú ar oibreacha dírithe cothabhála i gcúig láthair a chuireann le cumas sruthlaithe an chainéil agus a choscann díothú breise ann,
• Ísliú triallach na leibhéal uisce ar Loch Aillionn mar chabhair chun priacal dóchúil tuile a mhaolú,
• Críochnú ar staidéar um scrúdú a dhéanamh ar chúis, ráta agus réimse na srianta laistíos ó Chora an Phairtín sa tSionainn Íochtarach. Tá obair bhreise ar bun chun roghanna agus bearta molta sa cheantar seo a léiriú,
• Críochnú ar réamh-mheasúnú maidir le clár um chothabháil straitéiseach ar Abhainn na Sionainne,
• Criochnú ar staidéar um scrúdú ar shochair dá gcuirfí deireadh le srianta nó caolais uisce i gceantar na gCallaí,
• Tacú Rialtais le haghaidh OPW chun maoiniú €7m a sholáthar don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ionas go bhféadfadh Uiscebhealaí Éireann, ar son an Ghrúpa, clár straitéiseach comhordaithe cothabhála a fheidhmiú ar Abhainn na Sionainne agus srianta i gceantar na Callaí a bhaint amach.
Is iad comhaltaí an Ghrúpa Príomhoifigigh Feidhmiúcháin nó a chomhionann ó na Gníomhaireachtaí Stáit seo a leanas:
• Oifig na nOibreacha Poiblí
• Údaráis Áitiúla, dá n-ionadú ag an Cumann Bainistíochta Contae & Cathrach
• Uiscebhealaí Éireann
• Bord Soláthair an Leictreachais
• Iascaigh Intíre Éireann
• An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta
• An Roinn Talmhaíochta, Bia & na Mara
• Bord na Móna
• An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
• Uisce Éireann
Tá téarmaí tagartha an Ghrúpa ar fáil ag gov.ie/opw
Tá Clár Oibre, Miontuairiscí agus ábhar eile a bhaineann le gach cruinniú den Ghrúpa ar fáil ag gov.ie/opw