Comhdháil Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht á fógairt ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD inniu go dtionólfar Comhdháil Náisiúnta ar Mhná san Fheirmeoireacht.
Agus é ag labhairt ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Ráth an Uisce, Co. Laoise, dúirt an tAire McConalogue
“Tosaíocht dom féin agus don Rialtas is ea comhionannas inscne. Níor tugadh an t-aitheantas a bhí tuillte ag mná san earnáil agraibhia in Éirinn dóibh i gcónaí agus táim ag obair chun aghaidh a thabhairt ar an gceist sin. Tugann comhdháil náisiúnta deis do pháirtithe leasmhara ionchur a sholáthar maidir le conas infheictheacht agus stádas na mban sa talmhaíocht a mhéadú."
Thug an tAire McConalogue tacaíochtaí sonracha chun cinn sa chéad Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) eile chun tacú le feirmeoirí ban infheistíochtaí a dhéanamh ar a bhfeirmeacha.
Dúirt an tAire
“Tá áthas orm go mbeidh an tIar-Aire Talmhaíochta Mary Coughlan ina cathaoirleach ar an gComhdháil Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht a bheidh ar siúl go luath. Mar gheall ar a saineolas agus a taithí tá sí chun tosaigh maidir le hathrú dearfach ar inscne san earnáil agraibhia.”
Is mná iad thart ar 13% de shealbhóirí feirme in Éirinn. Ag an am céanna, léiríonn sonraí CSO go bhfuil thart ar 75,000 oibrí feirme baineann in Éirinn. Díríonn sé seo ar níos mó ná 58,000 bean atá ag obair san fheirmeoireacht gan infheictheacht agus gan stádas mar shealbhóir feirme.
Aithnítear i gClár an Rialtais an gá atá le tuilleadh a dhéanamh maidir le comhionannas inscne agus áirítear ann tiomantas do Straitéis nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Is croíphrionsabal de chuid an Aontais Eorpaigh é an comhionannas inscne agus is cuspóir leathan é den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) nua 2023-2027. Áirítear i bPlean Straitéiseach nua CBT na hÉireann, a d'fhaomh an Coimisiún Eorpach le déanaí, tacaíochtaí chun comhionannas inscne agus rannpháirtíocht níos mó ag mná san fheirmeoireacht a chur chun cinn.
Ina theannta sin, aithníonn Fís don Bhia 2030, an straitéis 10 mbliana d'earnáil an agraibhia, an méid a chuireann mná le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála agraibhia, agus tá bearta ann chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus an bhoird. Mhol sé freisin comhdháil náisiúnta a reáchtáil chun saincheisteanna inscne san fheirmeoireacht a phlé. Deimhneofar tuilleadh sonraí, dáta san áireamh, níos déanaí.
Beidh an Chomhdháil Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht ar siúl sna míonna amach romhainn.