Acmhainní ar líne chun tacú leis an gcultúr agus leis an bhfolláine
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirtear ceol, na healaíona, taispeántais agus imeachtaí folláine ar fáil don phobal fós le linn tréimhse dhúshlánach seo na dianghlasála. Cé go bhfuil srian ar ghluaiseachtaí mhuintir na hÉireann, tá institiúid agus ionaid fós á n-oscailt ag eagraíochtaí faoi leith chun rochtain a thabhairt don phobal ar imeachtaí taitneamhacha, cruthaitheacha agus eolasacha le linn na tréimhse dúshlánaí seo.
Inniu cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán acmhainní cultúrtha agus folláine ar líne ar fáil in áit amháin a bhfuil fáil éasca uirthi. Tá ceolchoirmeacha beoshruthaithe, léirithe ealaíne, taispeántais agus físeáin aclaíochta ar fáil anseo. Cuirfidh an Roinn leis na himeachtaí seo ar bhonn seachtainiúil.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD: “Cé go n-iarrtar orainn fanacht sa bhaile sa tréimhse dhúshlánach seo, tá go leor bealaí ann fós ar féidir linn naisc a choinneáil le daoine eile agus tacú lenár bhfolláine. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil fáil fós ag baill den phobal, má tá srian ar a gcuid gluaiseachtaí mar gheall ar chúiseanna sláinte, ar acmhainní cruthaitheacha, sláintiúla agus spraíúla. Tabharfaidh na hacmhainní seo tacaíocht do dhaoine le linn na tréimhse seo. Beidh siad oiriúnach do gach aoisghrúpa, gach duine aonair nó grúpa agus do theaghlaigh agus níl costas ar bith ag baint le cuid mhaith díobh.
“Tá ríméad orm gur féidir le mo Roinn réimse leathan acmhainní cultúrtha ar líne a chur ar fáil a chabhróidh leis an bpobal le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Tá súil agam go dtarraingeoidh siad aird mhuintir na hÉireann ó struis laethúla an ama i láthair. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go gcoinneoimid naisc le daoine eile agus go dtacóimid leis an bhfolláine agus muid sa bhaile, agus tacaíocht á tabhairt againn d’ealaíontóirí iontacha na hÉireann agus dóibh siúd in earnáil an chlutúir atá ag streachailt. Cé go bhfuil ár n-Institiúidí Náisiúnta Cultúir agus go leor de na forais agus gníomhaireachtaí dúnta faoi láthair – leanann siad leis an obair chrua a dhéanann siad chun tacú le daoine agus a dteaghlaigh le linn na tréimhse dúshlánaí seo.”
Cuirfidh an Roinn le liosta na n-imeachtaí seo go rialta, dátaí agus ionaid san áireamh, agus cuirfidh siad na sonraithe ar fáil ar ardáin shóisialta na Roinne agus ar shuíomh idirlín na Roinne anseo.
Tá an liosta iomlán ar fáil anseo:
Dé Sathairn, 15 Eanáir ar 12 i.n.
Chester Beatty
Dé Luain, 18 Eanáir ar 12 i.n.
Chester Beatty
Dé Máirt, 19 Eanáir ar 11 r.n.
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Dé Máirt, 19 Eanáir ar 11 r.n.
IMMA
Dé Máirt, 19 Eanáir ar 2 i.n.
IMMA
Dé Máirt, 19 Eanáir ar 7 i.n.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Dé Céadaoin, 20 Eanáir ar 11 r.n.
An Ceoláras Náisiúnta
Dé Céadaoin, 20 Eanáir ar 7 i.n.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Déardaoin, 21 Eanáir ar 11 i.n.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Déardaoin, 21 Eanáir ar 1.10 i.n.
Chester Beatty
Déardaoin, 21 Eanáir ar 7 i.n.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Ar líne anois
Spórt Éireann
Ar líne anois
Gailearaí Ealaíne Crawford
Ar líne anois
An Chartlann Náisiúnta
Ar líne anois
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Ar líne anois
Deich mBliana na gCuimhneachán
Ar líne anois
Other Voices
Ar líne anois
Cultúr Éireann
Ar líne anois
Hot Press
Ar líne anois
IMMA
Ar líne anois
Canadh Éireann