Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí faoi ÍDP a athoscailt d’oibrithe a n-imríonn na srianta is déanaí tionchar orthu.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis gur fógraíodh go dtabharfaí srianta sláinte poiblí nua isteach Dé hAoine, d’fhógair an tAire for Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, inniu na sonraí faoi Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) a athoscailt.
Tá athoscailt theoranta ÍDP in ainm is tacú leis na hoibrithe siúd a chaillfidh a bhfostaíocht mar thoradh díreach ar na srianta nua a thabharfar isteach ó Dé Máirt, an 7 Nollaig.
Íocfar cúig ráta de ÍDP, agus braithfidh an ráta ar thuilleamh seachtainiúil an duine.
Le ÍDP a ailíniú leis an SFPF agus le tuilleamh oibrithe páirtaimseartha a thabhairt san áireamh níos cruinne, íocfar ráta nua €150 leo siúd a thuill níos lú ná €151.50 sa tseachtain roimhe seo.
Úsáidfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim le stádas fostaíochta a dheimhniú do gach iarratas.
Cé gur cheart d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne, b’fhéidir go mbeidh orthu freastal ar ionad Intreo chun fianaise a sholáthar maidir lena stádas fostaíochta, faoi mar a bhíonn le déanamh i gcás íocaíochtaí eile a bhaineann le hobair.
Tuilleamh Seachtainiúil (Olltuilleamh) | **Ráta ón 7 Nol 2021 |
€400+ | €350 |
€300-€399 | €300 |
€200-€299 | €250 |
€151.50- €200 | €203 |
Níos lú ná €151.50 | €150 |
Ba cheart d’aon duine a chailleann fostaíocht mar thoradh díreach ar na srianta nua iarratas a dhéanamh ar ÍDP ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is é seo an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar ÍDP.
Is féidir le daoine aonair iarratas a dhéanamh ar ÍDP ó Dé Máirt, an 7 Nollaig agus gheobhaidh iarratasóirí incháilithe a gcéad íocaíocht Dé Máirt, an 14 Nollaig.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Mar gheall gur thug an Rialtas srianta nua isteach le scaipeadh Covid-19 a smachtú, tá ÍDP á oscailt agam athuair ar feadh tréimhse theoranta chun tacú leis na daoine siúd a chailleann a bhfostaíocht mar thoradh ar na srianta nua seo.
“Beidh ÍDP ar oscailt dóibh siúd a n-imrítear tionchar díreach orthu ó Dé Máirt, an 7 Nollaig.
“Faoi mar a bhí i gceist roimhe seo, beidh ceangal idir an ráta de ÍDP agus le tuilleamh duine roimhe seo agus beidh 5 ráta íocaíochta ar fáil, idir €150 agus €350 sa tseachtain.
“Ní theastaíonn ó dhuine ar bith dínn a bheith sa tsáinn seo, ach cuirfidh ÍDP a athoscailt dóibh siúd a n-imreofar tionchar díreach orthu tacaíocht ríthábhachtach i rith na tréimhse deacra seo.
“Is mian liom a dhearbhú do gach duine atá ag oibriú i gceann de na hearnálacha a ndéantar difear dóibh go mbeidh mo Roinn ar fáil le tacú leo má chailleann siad a bhfostaíocht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar ÍDP ná ar líne trí www.MyWelfare.ie.”
Leanfaidh an Rialtas le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcás agus déanfar cinntí amach anseo faoi ÍDP a dhúnadh i gcomhthéacs dul chun cinn a dhéanfar le tarchur a chur faoi chois agus an tionchair a imreoidh na srianta ar an margadh saothair.
CRÍOCH