Ráiteas an Aire Ryan ar Thuarascáil an GCC faoi Astuithe na Bliana 2019
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltím roimh an méid a d’fhoilsigh an GCC inniu a thugann le fios gur tháinig laghdú 4.5% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa 2019 na hÉireann i gcomparáid le leibhéil 2018. Seo an laghdú bliantúil is mó ar astaíochtaí ó 2011 i leith. Tá áthas ar leith orm faoi na feabhsuithe a léirítear leis an laghdú atá tagtha ar úsáid guail, agus leis an méadú ar an méid leictreachais atá á ghiniúint le cumhacht na gaoithe. Tháinig laghdú beagnach 4% ar astaíochtaí talmhaíochta, rud a léiríonn gur féidir dul chun cinn a dhéanamh a laghdaíonn costais agus a laghdaíonn astuithe. Níor tháinig ach laghdú 0.3% ar astaíochtaí iompair, rud a thugann le fios go gcaithfimid athdhíriú go mór ar iompar poiblí, rothaíocht agus siúl.
Cé gur céim sa treo ceart an laghdú ar astaíochtaí iomlána, mar sin féin sháraigh Éire an méid astaíochtaí a bhí ceadaithe di sa bhliain 2019. Cé gur dócha go mbeidh astaíochtaí na bliana 2020 níos ísle arís mar gheall ar an bpaindéim, ní dócha go gcomhlíonfaimid na spriocanna foriomlána atá leagtha amach ag an AE don bhliain.
Mar aitheantas ar na dúshláin atá romhainn tá an rialtas tar éis cur lena n-uaillmhian.
Gealladh inár gClár don Rialtas go ndéanfar laghdú 7% in aghaidh na bliana ar an meán ar astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa ó 2021 go 2030 (laghdú 51% laistigh de dheich mbliana) agus chun glan-astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050. Tabharfaidh mé an Bille um Ghníomhaíocht Aeráide isteach sa Dáil gan mhoill ina leagfar amach conas atá sé beartaithe againn an sprioc sin a bhaint amach.
Sonrófar sa chéad Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide eile na bearta a chaithfear a dhéanamh i ngach Roinn agus Comhlacht Rialtais d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaimid na tiomantais seo.
Dúshlán mór a bheidh i gceist agus beidh athruithe bunúsacha i go leor codanna de shaol na hÉireann ag teastáil chuige, ach deis a bheidh ann freisin chun geilleagar agus sochaí níos glaise a chruthú. Agus na hathruithe seo á ndéanamh againn, beimid in ann sláinte, leas agus slándáil ár ndaoine uile chomh maith le leas an domhain a fheabhsú.
CRÍOCH