Seolann an tAire Oideachais agus Scileanna Treoirlínte le haghaidh Comhpháirtíochtaí STEM a fhorbairt idir Scoileanna agus an Lucht Gnó/Tionscail
Ó An Roinn Oideachais; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Oideachais; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
In Ionad Nuálaíochta Oideachais DCU-Lego inniu (Déardaoin an 14 Samhain), sheol Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, treoirlínte nua a bhfuil mar aidhm leo cabhrú le scoileanna agus leis an lucht tionscail ceangail níos doimhne a fhorbairt eatarthu i dtaca le hábhair STEM.
Is é atá sna Treoirlínte le haghaidh Comhpháirtíochtaí STEM a fhorbairt idir Scoileanna agus an Lucht Gnó/Tionscail ná acmhainn nua atá ceaptha chun tacú le scoileanna agus le gnólachtaí agus leis an lucht fiontair caidreamh a dhúiseacht agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha inbhuanaithe a fhorbairt eatarthu.
Dúirt an tAire McHugh:
“Is é an mhórsprioc atá i gceist anseo ná an spéis atá ag daltaí in ábhair STEM a chur chun cinn. Ceann de na bealaí is fearr inar féidir é sin a dhéanamh ná an téacsleabhar a chur i leataobh agus na deiseanna fíorshaoil agus na dúshláin chorraitheacha a chruthaíonn poist san earnáil STEM a thaispeáint do dhaoine óga.”
Chuaigh leanaí ó Ghaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán, agus ó Scoil Bhríde, Léim an Bhradáin, i bpáirt le hionadaithe ó Intel, ó Ibec, ó Fujitsu agus ó Learnit chun na treoirlínte a sheoladh, áit ar bhain siad leas as róbataic Lego agus ar lainseáil siad balún roicéid chun na nithe atá foghlamtha acu trí STEM a léiriú.
Dúirt an tAire McHugh:
“Is é aidhm na dtreoirlínte seo ná scoileanna agus an lucht gnó agus tionscail a éascú ceangail láidre a fhorbairt eatarthu. Rachaidh na treoirlínte chun tairbhe do scoileanna agus do dhaltaí agus rachaidh siad chun tairbhe d’fhostóirí. A bhuí leis an gcaidreamh níos doimhne a bheidh ann leis an lucht tionscail, spreagfar ár ndaoine óga speisialtóireacht a dhéanamh in ábhair STEM agus, ar an mbealach sin, ligfear le todhchaí níos fearr níos cliste do chách.
“Is féidir linn ceangail leis an lucht tionscail a úsáid chun na deiseanna fíorshaoil agus na dúshláin chorraitheacha a chruthaíonn STEM a thaispeáint. Cabhróidh an caidreamh níos doimhne sin le hinnealtóirí agus eolaithe na todhchaí a chothú agus a fhorbairt.”
Dúirt Heather Humphreys T.D., an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta:
“Tá Comhpháirtíochtaí STEM idir Scoileanna agus an Lucht Gnó/Tionscail ina sárshampla de chláir nuálacha atá bunaithe ar obair i gcomhpháirt agus ar fhadbhreathnaitheacht. Is é sin an rud díreach a spreagtar sa chlár Poist sa Todhchaí in Éirinn – an lucht tionscail, an lucht oideachais agus an Rialtas a thabhairt le chéile chun an talamh a réiteach anois le haghaidh ár ngeilleagar a fhás sa todhchaí.
“Ceann de phríomhcholúin an chláir Poist sa Todhchaí in Éirinn is ea scileanna a fheabhsú agus tallann a fhorbairt agus a mhealladh d’fhonn nuálaíocht agus athrú teicneolaíochta a bhrú chun cinn, borradh a chur faoi fhás táirgiúlachta ar fud an gheilleagair, agus an t-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin a éascú. Beidh ról lárnach ag an mbonn scileanna STEM atá againn in Éirinn maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Trí chaidreamh níos dlúithe a chothú idir an lucht oideachais agus an lucht tionscail, is iad na torthaí a bheidh ar an tionscnamh seo ná aird dhaltaí an lae inniu a tharraingt ar na deiseanna a ghabhann le gairmeacha STEM, rannpháirtíocht mhéadaithe a spreagadh i ndisciplíní STEM agus, ar deireadh, cur leis an stór tallainne atá againn in Éirinn sa réimse ríthábhachtach seo.”
Is í an Roinn Oideachais agus Scileanna a d’fhorbair na treoirlínte i gcomhar leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, le GFT Éireann, le Ibec, le Comhlachas Tráchtála Mheiriceá agus le Fiontraíocht Éireann.
Gealladh na treoirlínte faoin Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026 agus faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020.
Is iad na treoirlínte agus an tacar uirlisí ar líne a ghabhann leo an bonn le haghaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon agus an lucht gnó/tionscail a chumasú ceangail oideachais atá ar ardchaighdeán, cuimsitheach agus ábhartha a chruthú eatarthu. Is ceangail iad sin a bhfuil mar aidhm leo an t-eispéireas foghlama i réimsí STEM/digiteacha a fheabhsú agus torthaí níos fearr a áirithiú do gach foghlaimeoir.
Dúirt an tAire McHugh:
“Dírítear san oideachas STEM ar raon eochairscileanna riachtanacha a fhorbairt. Trí thacú le scoileanna comhpháirtíochtaí a fhorbairt leis an lucht gnó agus tionscail, doimhneoidh daoine óga agus múinteoirí araon an spéis agus an mhuinín atá acu in ábhair STEM.
“Le linn dóibh obair le cuideachtaí, taispeánfar do dhaltaí gur réimse cruthaitheach taitneamhach é STEM agus, ag an am céanna, tabharfar léargas praiticiúil dóibh ar chodanna tábhachtacha den churaclam.
Mionsonraítear sna treoirlínte na tosaíochtaí ginearálta ba cheart a leagan síos chun a chinntiú go gcuirfear comhpháirtíochtaí atá fiúntach agus éifeachtach chun cinn.
Áirítear leo sin:
CRÍOCH
Tá na treoirlínte ar fáil anseo: https://www.education.ie/en/The-Education-System/STEM-Education-Policy/stem-partnerships.html