Fógraíonn an Roinn sonraí maidir le Cruinnithe Poiblí agus Clinicí d'Fheirmeoirí a tharlóidh ar an láthair maidir le Scéimeanna nua faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go socrófar sraith cruinnithe poiblí agus clinicí d'fheirmeoirí a bhféadfaidh daoine freastal orthu chun cúnamh a fháil agus iad ag cur iarratas isteach ar líne ar an Scéim um Thacaíocht Ioncaim Bhunúsach don Inbhuanaitheacht (TIBI), ar scéimeanna eile atá bunaithe ar cheantar agus ar Chlár Éifeachtúlachta Carbóin na Bó Diúil (CÉCBD).
An Scéim um Thacaíocht Ioncaim Bhunúsach don Inbhuanaitheacht (TIBI) agus scéimeanna eile atá bunaithe ar cheantar
Beidh na Cruinnithe Poiblí TIBI ar siúl ó 8-10pm. Beidh roinnt cur i láthair ann ó oifigigh ón Roinn agus beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ina dhiaidh. 10 gCruinniú Phoiblí atá sa sceideal (féach liosta iomlán thíos).
Beidh na Clinicí TIBI d'Fheirmeoirí ar siúl ó 10am-4pm (Clinic d'Fheirmeoirí amháin) nó ó 12pm - 7pm (agus an Cruinniú Poiblí ag tosú ar a 8pm). Beidh tacaíocht duine le duine ar fáil sna Clinicí d'Fheirmeoirí chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas TIBI a chur isteach. 19 gClinic d'Fheirmeoirí atá sa sceideal (féach liosta iomlán thíos).
Dáta | Cineál | Ionad | Láthair | |
27/03/2023 | Clinic 10-4 | Áth Dara | Óstán Woodlands House | |
28/03/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Baile Átha Troim | Caisleán Bhaile Átha Troim | |
29/03/2023 | Clinic 10-4 | Muineachán | Óstán Four Seasons | |
30/03/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Baile Dhún na nGall | Óstán Central Bhaile Dhún na nGall | |
03/04/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Inis Díomáin | Óstán Falls | |
04/04/2023 | Clinic 10-4 | Órán Mór | Óstán Oranmore Lodge | |
05/04/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Cathair na Mart | Óstán Knockranny House | |
13/04/2023 | Clinic 12-7 | Droim Seanbhó | An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara | |
13/04/2023 | Cruinniú poiblí 8-10 | Cora Droma Rúisc | Óstán Landmark | |
18/04/2023 | Clinic 10-4 | An Sciobairín | Óstán West Cork | |
19/04/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Dún Mánmhaí | Óstán Parkway | |
20/04/2023 | Clinic 10-4 | Neidín | Marglann | |
21/04/2023 | Clinic 10-4 | An Cabhán | Oifig na Roinne | |
24/04/2023 | Cruinniú poiblí 8-10 | Port Laoise | Óstán Midlands Park | |
25/04/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Cluain Meala | Óstán Talbot | |
26/04/2023 | Clinic 10-4 | Baile Átha Luain | Óstán Athlone Springs | |
02/05/2023 | Clinic 10-4 | Carn Domhnach | Marglann | |
03/05/2023 | Clinic 10-4 | Bealach Conglais | Marglann | |
04/05/2023 | Clinic 12-7 | Cruinniú poiblí 8-10 | Inis Córthaidh | Óstán Riverside Park |
09/05/2023 | Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 | Trá Lí | Óstán an Róis | |
10/05/2023 | Clinic 10-4 | Béal an Átha | Óstán Great National |
Clár Éifeachtúlachta Carbóin na mBó Diúil
Anuas ar na Cruinnithe Poiblí agus ar na Clinicí d'Fheirmeoirí TIBI a luaitear thuas, tá an Roinn, i gcomhpháirt le Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann agus Bord Bia, tar éis 9 gcruinniú eolais phoiblí i ndáil le Clár Éifeachtúlachta Carbóin na mBó Diúil (CÉCBD) a eagrú a bheidh ar siúl sa chéad chúpla mí eile. Leagtar amach na láithreacha agus na dátaí ar fad sa liosta thíos. Anuas air sin, beidh seimineár gréasáin maidir le CÉCBD ar siúl ar an 4 Aibreán ó 7pm - 8.30pm.
Tosóidh na cruinnithe eolais poiblí ar a 8pm ach beidh oifigigh ón Roinn ar fáil ó 6pm ar aghaidh ag na hionaid seo a leanas ar na dátaí a luaitear leo, chun tacú le feirmeoirí a dteastaíonn cúnamh uathu lena gcuid iarratas CÉCBD.
Dáta | Ionad | Láthair |
21/03/2023 | An Muileann gCearr | Óstán Mullingar Park |
23/03/2023 | Tuaim | Óstán an Ard-Rí |
28/03/2023 | Inis | Óstán Treacys West County |
29/03/2023 | Cill Chainnigh | Óstán Newpark |
30/03/2023 | Cora Droma Rúisc | Óstán Landmark |
18/04/2023 | Beanntraí | Óstán Westlodge |
20/04/2023 | Trá Lí | Óstán Brandon |
02/05/2023 | Leitir Ceanainn | Óstán Mount Errigal |
03/05/2023 | Béal an Átha | Óstán Great National |
CRÍOCH