Ráiteas leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ar fhoilsiú thuarascáil HIQA ar Baile an Oibricigh 2019
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, T.D., roimh an tuarascáil chigireachta is déanaí ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) ar Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh (Baile an Oibricigh). Thug HIQA faoin gcigireacht a fógraíodh i gcaitheamh trí lá, ón 16 go dtí an 18 Iúil, 2019 (na dátaí siúd san áireamh).
Ar an iomlán, is tuarascáil an-dearfach é seo ar an dul chun cinn a rinneadh, agus a leantar a dhéanamh, ar Champas Bhaile an Oibricigh. Thug an tAire an iomaí limistéar a feabhsaíodh faoi deara agus chuir sí a buíochas in iúl don Stiúrthóir, an bhainistíocht áitiúil agus foireann an Champais. Chuir an tAire a buíochas in iúl, chomh maith, don Chathaoirleach agus do baill den Bhord Bainistíochta, as na hathruithe a chur chun cinn le roinnt blianta beaga anuas. Thug sí moladh dóibh, chomh maith, as a dtiomantas láidir do chultúr feabhsaithe leanúnaigh, faoi mar a tugadh chun solais i dtuarascáil HIQA.
Dúirt an tAire:
“Ábhar ar leith sásaimh dom roinnt de na rudaí an-dearfacha a thabhairt faoi deara a dúirt na daoine óga a chónaíonn i mBaile an Oibricigh, go háirithe nuair a d’inis na daoine óga na cigirí gur bhraith siad sábháilte i mBaile an Oibricigh. Chaith an fhoireann leo go cothrom agus tugadh aire mhaith dóibh, agus nuair a tháinig saincheisteanna aníos nó nuair a tharla teagmhais dóibh, chuir an fhoireann an tacaíocht ar fáil dóibh chun iarracht a dhéanamh tréimhsí ina ndéantar iad a scaradh amach ó dhaoine eile nó ina mbíonn siad faoi shrianadh, a sheachaint.”
Tugadh faoin gcigireacht faoi dhá phríomhlimistéar:
Cé go raibh na torthaí an-dearfach, ar an iomlán, shainaithin HIQA líon beag limistéar ina dteastaíonn feabhsú. Déileálfar leis na limistéir seo, faoi mar a dtugtar cuntas air sa Phlean Gníomhaíochta, atá mar chuid den tuarascáil. Déileálfar leo sna míonna amach romhainn agus áireofar leis athbhreithniú ar mhaoirseacht foirne, chomh maith le beartas uileghabhálach campais maidir le nósanna imeachta sriantacha a bhfuil de chuspóir acu an úsáid a bhaintear as cleachtais shriantacha a laghdú níos mó agus a chinntiú go ndéantar monatóireacht ar mhaoirseacht agus ar chórais.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir:
“Cuirim fáilte roimh an bpróiseas leanúnach daingean cigireachta a chuireann HIQA ar fáil maidir le Baile an Oibricigh. Is deas liom an líon forbairtí dearfacha a thabhairt faoi deara a thug HIQA le fios. Tugtar cuntas sa Phlean Gníomhaíochta a bhaineann leis an tuarascáil a dtabharfaidh Baile an Oibricigh fúthu chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a thugtar chun solais sa tuarascáil agus tugaim faoi deara go ndéanfar iad seo a thabhairt chun cinn ar bhealach tráthúil sna míonna amach romhainn.”
CRÍOCH