Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, Tara McCarthy; “Trí thaighde Bhord Bia, in éineacht le straitéis faoi stiúir an Aire agus a Roinnse chun teacht a bheith ar an margadh, ciallaíonn sé go bhfuil Bord Bia agus a chomhpháirtithe sa tionscadal réidh chun dul isteach sa mhargadh go sciobtha mar gheall ar theacht níos mó a bheith ann. Mar ullmhúchán don fhorbairt seo, dhíríomar inár staidéir margaidh ar an méid atá tábhachtach do thomhaltóir sa tSín, rud a chuidigh linn chun ár gcur chuige a chur in oiriúint, tuiscint a fháil ar an mbealach chun an mhargaidh agus forbairt a dhéanamh ar ár bpointí cruthúnais chun spriocanna a bhaint amach ar bhonn trádála. Tá a fhios againn go bhfuil sábháilteacht bia agus foinsí bia ina ngnéithe barrthábhachtacha sa tSín maidir le tomhaltas a spreagadh, agus cuireann Scéimeanna Cáilíochta agus Inmharthanachta Bhord Bia na caighdeáin atá ceadaithe ag an rialtas ar fáil atá de dhíth sa mhargadh seo chun muinín a spreagadh. In éineacht lenár ngníomhaíochtaí bolscaireachta branda, díreofar é seo ar aitheantas a fhorbairt do Mhairteoil na hÉireann de Cháilíocht Dhearbhaithe. Trí na ceaduithe seo, cuirtear ar ár gcumas dlús a chur le hiarrachtaí forbartha gnó agus caidrimh bhreise a bhunú le custaiméirí na Síne trí na cainéil seirbhíse bia agus ríomhthráchtála ar fud réigiúin tosaíochta. Léiríonn ár dtaighde dúinn gurb amhlaidh gur de réir mar a mhéadaíonn muinín le himeacht ama, méadaíonn na deiseanna freisin chun gearrthacha nua agus táirgí nua a sholáthar. Sa mhargadh seo ina bhfuil fás leanúnach ag teacht ar éileamh – táimid muiníneach go mbeidh an tSín ina ceann scríbe mór do mhairteoil na hÉireann amach anseo, trína bhféadfaí méideanna 25-30,000 tonna a ghiniúint.”