Seolann an tAire Smyth agus an tAire Heydon comhairliúchán ar an Dréacht-Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair Náisiúnta 2023-2025
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Martin Heydon, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, comhairliúchán a fhógairt inniu ar dhréacht-Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair Náisiúnta na hÉireann 2023-2025.
Cumhdaíonn an bithgheilleagar na hearnálacha agus na córais uile a bhíonn ag brath ar acmhainní bitheolaíocha, amhail ainmhithe, plandaí, miocrorgánaigh agus bithmhais dhíorthaithe, lena n-áirítear dramhaíl orgánach. Cuimsíonn an bithgheilleagar an fheirmeoireacht, gnólachtaí agraibhia, tionscail mhuirbhunaithe, an fhoraoiseacht, bainistíocht dramhaíola, soláthraithe fuinnimh, agus táirgí cógaisíochta agus biteicneolaíochta.
Áireofar leis an bPlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair Náisiúnta 2023-2025 liosta gníomhartha agus beart chun tacú tuilleadh le forbairt an bhithgheilleagair ar aon dul leis an Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBithgheilleagar. Is é an toradh a bheidh air sin ná go gcuirfear Éire ar an mbóthar ceart i dtreo an fhís náisiúnta, na prionsabail náisiúnta agus na cuspóirí straitéiseacha náisiúnta don bhithgheilleagar a bhaint amach.
Dúirt an tAire Smyth:
"Tá sé ríthábhachtach don roinn seo na tuairimí ó gach geallsealbhóir a fháil tríd an gcomhairliúchán seo. Beidh gníomhaíochtaí bithgheilleagair ar fud gach earnála dár ngeilleagar ina n-uirlisí éifeachtacha nuair a bheifear ag comhlíonadh ár n-uaillmhéine aeráide trí úsáid inbhuanaithe a bhaint as ár n-acmhainní nádúrtha, agus beidh príomhról acu i sochaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach freisin. Tacóidh an Plean Gníomhaíochta Bithgheilleagar atá le teacht leis an bhforbairt beartais le haghaidh ár mbithgheilleagair idir na blianta 2023 agus 2025, le linn cur leis an dul chun cinn a rinneadh ón Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBithgheilleagar sa bhliain 2018 i leith."
Dúirt an tAire Heydon:
"Tá ríméad orm an comhairliúchán seo a fhógairt. I gClár an Rialtais, sainaithníodh an bithgheilleagar mar phríomhdheis d’Éirinn, ár n-earnáil agraibhia san áireamh. Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 agus i bhFís don Bhia 2030 freisin an gá le plean gníomhaíochta le haghaidh an bithgheilleagar a uas-scálú má táthar chun an deis sin a réadú. Molaim go mór do mhuintir na hÉireann an dréachtphlean gníomhaíochta a scrúdú agus a n-aiseolas a chur isteach chun sinn a threorú agus an leagan deiridh á fhorbairt againn."
Tá sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán seo an t-aiseolas ó gheallsealbhóirí a bhailiú chun eolas a dhéanamh do ghnéithe den Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair, á chinntiú go mbeidh sé éifeachtach agus indéanta. Iarrtar ar rannpháirtithe aighneachtaí a dhéanamh le ríomhphost chuig bioeconomy@decc.gov.ie
Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh naoi seachtaine, agus is féidir amharc air ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann.
CRÍOCH
Cuimsíonn an bithgheilleagar earnálacha, córais, seirbhísí gaolmhara agus infheistíochtaí chun acmhainní bitheolaíocha, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais, a chaomhnú, a tháirgeadh, a athghiniúint, a úsáid, a phróiseáil, a dháileadh nó a thomhailt. Cumasaítear leis luach eacnamaíoch agus sóisialta a chur le hacmhainní bitheolaíocha, agus réitigh inbhuanaithe á soláthar i ngach earnáil den gheilleagar ar bhealach inbhuanaithe, inathnuaite agus ciorclach.
Déantar breithniú iomlánaíoch sa bhithgheilleagar ar an úsáid a bhainimid as acmhainní bitheolaíocha, le linn tacú le slándáil bia agus cothaithe, an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, an spleáchas ar acmhainní neamh-inbhuanaithe neamh-inathnuaite a laghdú, acmhainní nádúrtha a bhainistiú go hinbhuanaithe, iomaíochas a neartú, poist a chruthú agus tacú le haistriú cóir.
Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 , d’fhoilsigh an rialtas an chéad Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBithgheilleagar (2018). Tríd an ráiteas sin, aithníonn an rialtas go bhfuil an bithgheilleagar ríthábhachtach don dícharbónú, don inbhuanaitheacht agus don chiorclaíocht, agus spreagthach á sholáthar aige le haghaidh iomaíochais agus le haghaidh forbairt agus fostaíocht tuaithe agus réigiúnach.