Ceadaíonn an Rialtas Creat um Ghníomhú ar son na hAeráide don Earnáil Tráchtála Leath-Stáit
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceadú ón Rialtas le haghaidh Creat nua um Ghníomhú ar son na hAeráide don earnáil tráchtála leath-Stáit (an Creat), rud lena gcabhrófar lena chinntiú gur féidir leis an earnáil ról lárnach a imirt maidir le haistriú na hÉireann i dtreo geilleagar agus sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.
Beidh feidhm ag an gCreat maidir le gach cuideachta tráchtála leath-Stáit. Tá cúig cheangaltas ar áireamh sa Chreat, is iad sin:
Tá na ceangaltais ag teacht leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir leis an earnáil phoiblí i gcoitinne – mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 – i ndáil le lorg carbóin a thomhas, le soláthar poiblí glas, agus le praghsáil carbóin i meastóireacht caipitil. Is le cuideachtaí tráchtála leath-Stáit a bhaineann dhá cheann de na ceangaltais go sonrach (rialachas gníomhaithe ar son na haeráide, agus nochtaí airgeadais). Trína hainm a chur leis an gCreat, ghlacfadh gach cuideachta tráchtála leath-Stáit na ceangaltais atá ann chuici féin.
Agus an Creat á sheoladh aige, dúirt an tAire Ryan:
"Tá ról lárnach le himirt ag an earnáil phoiblí i gcoitinne maidir le haistriú na hÉireann i dtreo geilleagar agus sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de. Tá ról suntasach á imirt ag cuid mhór dár gcuideachtaí tráchtála leath-Stáit cheana féin maidir le sochaí na hÉireann a dhícharbónú. Is é an uaillmhian atá againn i ndáil leis an gCreat seo ná dul níos faide fós trí cheangaltas a chur ar gach cuideachta tráchtála leath-Stáit dul i mbun gnímh – ar aon dul leis na huaillmhianta aeráide atá againn laghdú 51% in astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus chun sinn a chur ar an mbóthar ceart i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050.
"Leis an gCreat, cabhrófar le gach cuideachta an ceangaltas atá uirthi, agus na bearta a dhéanfaidh sí chun an ceangaltas sin a chomhlíonadh, a léiriú go poiblí. Rachaidh sé sin chun tairbhe do gach cuideachta mar fhostóir agus maidir lena rannpháirtíocht le margaí airgeadais freisin."
Sna hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021, leagtar oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear cuideachtaí tráchtála leath-Stáit, a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh atá ag teacht lenár n-uaillmhianta náisiúnta i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide. Leis an gCreat, tugtar deis do chuideachtaí tráchtála leath-Stáit a léiriú cén dóigh a mbíonn na hoibleagáidí atá orthu faoi na hAchtanna á gcomhlíonadh acu.
Tá cuideachtaí tráchtála leath-Stáit neamhspleách ar an Rialtas. Oibríonn siad faoi stiúir ag bord stiúrthóirí agus tá sainordú tráchtála acu.
Is do 22 chuideachta a thagraíonn an téarma ‘earnáil tráchtála leath-Stáit’ go príomha. Tá thart ar 42,000 duine fostaithe san earnáil. Oibríonn cuid mhór de na cuideachtaí, amhail Bord na Móna, CIÉ, Coillte, EirGrid, Bord Soláthair an Leictreachais agus Líonraí Gáis Éireann, agus a bhfochuideachtaí, in earnálacha a bhfuil ról lárnach le himirt acu maidir leis an aistriú i dtreo Éire atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach.
De réir mar a leanann na heagraíochtaí sin le príomhphíosaí bonneagair a fhorbairt, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí gníomhú ar son na haeráide san áireamh i ngach gné dá gcuid oibre. Léirítear leis an gCreat an ról eiseamláire a imreoidh a lán eagraíochtaí laistigh den earnáil maidir le sochaí na hÉireann a dhícharbónú. Aithnítear leis freisin cineál leithleach na n-eagraíochtaí sin.
Is iad NewERA agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a d’ullmhaigh an Creat, le hionchur ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tabharfaidh NewERA tuairisc don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar chur chun feidhme an Chreata dhá uair sa bhliain.
CRÍOCH
Mar gheall ar chineál na gcuideachtaí tráchtála leath-Stáit, bhí creat (aeráide) ar leith ag teastáil dóibh. Leagfaí amach sa chreat sin an dóigh a bhféadfadh siad mórspriocanna earnála poiblí i ndáil le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Chomh maith leis sin, tá cineál an Chreata ina léiriú ar chineál leithleach na gcuideachtaí agus ar bhord agus lucht bainistíochta gach cuideachta a bheith freagrach as a gnáthoibríocht laethúil.
In alt 15 de na hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021, leagtar oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear eagraíochtaí san earnáil tráchtála agus leath-Stáit, a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, a mhéid is indéanta, ar mhodh atá ag teacht leis na nithe seo a leanas:
Ar aon dul leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2021 , tá feidhm ag sainordú earnála poiblí um ghníomhú ar son na haeráide maidir le gach comhlacht poiblí anois, seachas an earnáil tráchtála leath-Stáit, an earnáil scoileanna agus Údaráis Áitiúla. Leis an gCreat, comhlíontar don earnáil tráchtála leath-Stáit ról is inchomparáide leis an ról atá ag an sainordú earnála poiblí. Dá bhrí sin, tugtar leis an gCreat deis don earnáil tráchtála leath-Stáit a léiriú cén dóigh a gcomhlíonfaidh sí na hoibleagáidí atá uirthi faoin Acht.
Scríobhfaidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chuig na hAirí iomchuí is scairshealbhóirí anois chun a chinntiú go ndéanfar a litir ionchais scairshealbhóra faoi seach a nuashonrú chun go mbeidh inti na ceangaltais a chumhdaítear leis an gCreat.
Tugann NewERA, ar aonad gnó laistigh de Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta é, comhairle airgeadais agus tráchtála d’Airí agus Ranna Rialtais i ndáil le cuideachtaí atá faoi úinéireacht ag an Stát i raon éagsúil earnálacha.