Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Glao ar iarratais Chatagóir 1 don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, ar fiú €1 billiún é, fógartha ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an ceathrú glao ar iarratais Chatagóir 1 don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF), ar fiú €1 billiún é, fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine an 17 Nollaig, 2021).
Is cuid lárnach de Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann é an Ciste seo agus tacófar le tionscadail athghiniúna a bheidh mar chéim mhór chun cinn agus a chuirfidh beocht i mbailte agus sráidbhailte tuaithe an athuair trína bhíthin.
Moltar do phobail tionscadail a chur chun tosaigh trína ndéanfar láir bailte a athnuachan, trína gcuirfear borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus trína ndéanfar áiteanna díobh a bheidh níos deise le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu agus le clann a thógáil iontu.
Tá béim láidir chomh maith ar thionscadail lena ndéanfar seanfhoirgnimh nó foirgnimh thréigthe a thiontú ina moil cianoibre, leabharlanna, spásanna ríomhfhoghlama, cultúir, fiontraíochta, spásanna don aos óg agus spásanna don phobal.
Is iad na tionscadail a bhfuil cead iomlána pleanála acu agus ceadanna eile i bhfeidhm agus a bhfuiltear réidh le tús a chur leo amhail dáta an iarratais a gheobhaidh maoiniú faoi Chatagóir a hAon.
Seo a leanas roinnt samplaí de na tionscadail a ceadaíodh maoiniú ina leith níos luaithe i mbliana:
Go dtí seo, tá €255 milliún curtha ar fáil anois do 164 tionscadal faoin RRDF, ar fiú €347 milliún ar an iomlán iad.
Ag fógairt an ghlao inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Inniu táim ag oscailt an ceathrú glao ar iarratais Chatagóir a hAon don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Táim ag iarraidh tionscadail uaillmhianacha a fheiceáil ar féidir tosú láithreach orthu lena bhféadfaí beocht a chur i mbailte agus sráidbhailte na tíre arís - chun go ndéanfaí áiteanna díobh a bheadh níos bríomhara agus níos deise le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu, le bheith i mbun gnó iontu agus le clann a thógáil iontu.Is é is aidhm leis an gCiste seo an fhís atá againn do cheantair thuaithe na hÉireann a fhíorú. Tá sé i bhfeidhm le go mbainfear amach cuspóirí ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’, a bhfuil tionchar thar a bheith dearfach á imirt aige cheana féin ar phobail fud fad na tíre.”
Dúirt an tAire chomh maith:
“Teastaíonn uaim tionscadail a fheiceáil lena bhféadfaí feabhas a chur ar shaol na mílte agus na mílte teaghlach a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe na hÉireann. Táim ag iarraidh tionscadail a fheiceáil trína dtabharfar aghaidh ar dhearóiliú, trína dtabharfar feidhm nua do sheanfhoirgnimh a mhairfeadh go ceann i bhfad agus trína dtabharfar mian an Rialtais maidir leis na deiseanna a bhaineann leis an gcianobair a thapú chun fíre. Mar atá feicthe againn cheana, tá an féidearthacht ann go gcuirfeadh an Ciste seo athrú ó bhonn ar bhailte agus ar shráidbhailte na tíre go brách. Mar sin, mholfainn go n-oibreodh pobail i gcomhar leis na húdaráis áitiúla atá acu chun tograí a mholadh lenar féidir difríocht ceart a dhéanamh dá gceantar."
Leis an gCiste seo, táthar ag féachaint le tacaíocht a thabhairt do thionscadail uaillmhianacha ar scála mór. Ina thaobh sin, táthar ag lorg iarratais mórscála, lena bhfuil maoiniú ar fiú €500,000 é ar a laghad á iarraidh. Ní mór iarratais ar an gCiste a bheith faoi stiúir comhlachta a fhaigheann maoiniú Stáit - Údaráis Áitiúla, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit, comhlachtaí tráchtála Stáit etc. - ach moltar go láidir go mbeadh comhoibriú idir páirtithe i gceist, lena n-áirítear comhoibriú leis an bpobal áitiúil.
Is é 12pm Dé hAoine an 29 Aibreán 2022 an dáta deiridh a nglacfar le tograí.
Tá sonraí iomlána an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar fáil ar anseo
An Clár Infheistíochta Forbartha Tuaithe
Áirítear líon idirghabhálacha maoinithe comhtháite i gClár Infheistíochta Forbartha Tuaithe na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail:
An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
Bunaíodh an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe d’fhonn an Toradh Straitéiseach Náisiúnta i ndáil le Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta a bhaint amach. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann an Ciste a riar.
Faoin gCiste seo, cuirtear infheistíocht ar fáil chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus sráidbhailte ina bhfuil daonra níos lú ná 10,000 duine, chomh maith leis na ceantair timpeall orthu, a bhainfidh amach an Toradh Straitéiseach Náisiúnta i ndáil le Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe chomh maith le forbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach sna ceantair sin.
Tá glaonna ar iarratais ar an gCiste á lorg faoi dhá chatagóir. Baineann Catagóir 1 le tionscadail a bhfuil an phleanáil agus an toiliú go léir is gá faighte ina leith agus a bhfuiltear réidh le tús a chur leo, agus baineann Catagóir 2 le tionscadail a raibh tuilleadh forbartha ag teastáil ina leith chun go mbeidís ullamh le stádas Chatagóir 1 a bhaint amach.
Go dtí seo, tá €255 milliún curtha ar fáil anois ar an iomlán do 164 dtionscadal ar fud na hÉireann faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, ar fiú €347 milliún ar an iomlán iad.
Seoladh beartas forbartha tuaithe nua na Roinne, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, i Márta 2021. Is é an beartas seo an beartas is uaillmhianaí agus is bunathraithí maidir le forbairt tuaithe leis na deicheanna de bhlianta. Cuirtear maoiniú ón RRDF ar fáil d’fhonn cuspóirí Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann a chur chun cinn inar leagadh béim ar an ngá atá le cur go mór leis an infheistíocht atá ann cheana agus dícheall a dhéanamh a bheith níos uaillmhianaí fós ar mhaithe le dul chun cinn mór agus tapa a dhéanamh ar an gcuspóir maidir le forbairt chothrom réigiúnach.
Is é seo an ceathrú glao ar iarratais faoin gCiste le haghaidh tograí faoi Chatagóir 1 a bhaineann le tionscadail chaipitil ar scála mór a bhfuil cead pleanála faighte ina leith agus atá réidh le tosú.
Ní mór do pháirtí ceannais an iarratais a bheith ina chomhlacht a fhaigheann Maoiniú Stáit. Tá cead ag páirtí ceannais 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh ar an nglao seo ar iarratais faoi Chatagóir 1.
Mar atá leagtha amach thuas, léiríonn na Bunspriocanna Inghnóthaithe mar atá leagtha amach i dTodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann cuspóirí an Chiste seo. Dá bhrí sin, is é fócas sáraitheach an ghlao seo maidir le hiarratais faoi Chatagóir 1 ná tacú le tionscadail chaipitil uaillmhianacha a chuireann an cás is fearr i láthair i ndáil leis an méid a chuirfidh siad le:
- Cuidiú ár gcuid bailte agus sráidbhailte tuaithe a athghiniúint, i gcomhréir leis an gcur chuige Lár Bailte ar dTús a bheidh ag tarlú go luath, trí thionscadail athghiniúna agus forbartha pleanáilte agus inbhuanaithe a spreagfaidh gníomhaíocht gheilleagrach níos mó agus líon custaiméirí níos mó, a thabharfaidh aghaidh ar aonaid fholmha agus faillí agus a chinnteoidh go mbainfear úsáid arís as foirgnimh oidhreachta agus foirgnimh eile atá ann cheana;
- Na saoráidí agus bonneagar ar scála cuí a chur ar fáil i gceantair thuaithe, i dtéarmaí cianoibre, cónaitheacht i lár bailte, forbairt gheilleagrach agus fiontraíochta agus mar sin de, a chuideoidh daoine a mhealladh ar ais le cónaí i gceantair thuaithe agus a spreagfaidh forbairt gheilleagrach laistigh de na ceantair sin.
Tuilleadh mionsonraí ar gov.ie
Is mar gheall go bhfuil tú cláraithe ar liosta meán cumarsáide na Roinne Forbartha Pobail agus Tuaithe a fuair tú an preasráiteas / fógra do na meáin seo.
Sa chás nach mian leat ríomhphoist den chineál seo a fháil níos mó ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, is féidir leat díchlárú trí fhreagra a sheoladh ar an ríomhphost seo agus an focal "díchláraigh" a chur sa líne ábhair agus féachfaimid le do sheoladh ríomhphoist a ghlanadh dár mbunachar sonraí.