An Bóthar Thuaidh – Obair Riachtanach um Dheisiú Bóthair (Aibreán 12 go Meitheamh 18, 2021)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé ar intinn ag Oifig na nOibreacha Poiblí obair riachtanach um dheisiú bóthair a dhéanamh ar an mBóthar Thuaidh i bPáirc an Fhionnuisce. Ó na 2000idí luath anuas, níl aon obair shuntasach déanta ar an mbóthar seo, seachas miondeisithe ar dhromchla an bhóthair anseo is ansúd. Tá an-drochbhail anois ar dhromchla an bhóthair agus tá sé dainséarach do lucht a úsáide. Tá drochbhail freisin ar an gcosán taobh leis agus ar na colbhaí.
Ritheann an Bóthar Thuaidh i bPáirc an Fhionnuisce comhthreomhar le hAscaill an Chiardhuibh ar an dtaobh ó thuaidh den Pháirc. Féadfaidh an pobal teacht isteach sa Pháirc trí gheataí fan an Bhóthair Thuaidh. Tá sé i gceist dromchla nua a leagan ar an mBóthar Thuaidh, agus ar na cosáin taobh leis, idir Teach Ratra agus Ceanncheathrú an Gharda Síochána. Chomh maith leis sin, déanfar na colbhaí eibhir a ghlanadh agus a athshuíomh agus cuirfear rampaí um cheansú tráchta feadh an bhóthair seo atá 2.5 ciliméadar ar fhad.
Is í an tréimhse idir an Cháisc agus Lá Saoire Poiblí an Mheithimh an t-am is oiriúnaí chun an obair seo a dhéanamh, roimh thréimhse bhroidiúil an tsamhraidh. Is tionscadal mór é seo a ghlacfaidh thart faoi deich seachtain chun a chríochnú; mar gheall ar chineál agus réimse na hoibre cuirfear isteach ar ghuaiseacht tráchta. Déanfar gach iarracht um a laghad cur isteach ar an bpobal agus is féidir agus an obair a chríochnú chomh tapa agus is féidir é sin a dhéanamh.
Le do thoil, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:
Tuigfear gur fhoilsigh OPW le déanaí staidéar um Iompar & Réthaistil le haghaidh chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil, ina bhfuil réimse moltaí maidir le gluaiseacht coisithe, rothaithe agus feithiclí sa Pháirc. Tabhair faoi deara nach mbaineann an obair seo le moltaí ar bith an staidéir sin.
Mapa leis seo, mar eolas.