Seolann Airí Foley agus Madigan Ráiteas Straitéise 2021-2023 na Roinne Oideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit le freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Sóisialta Josepha Madigan TD Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais, a chlúdaíonn an tréimhse 2021-2023.
Dúirt an tAire Foley:
“Is cúis áthais dom an Ráiteas Straitéise seo a sheoladh ina leagtar amach an fhís agus an misean do mo Roinn agus don chóras oideachais do na trí bliana amach romhainn. Is í an fhís atá agam ná córas a fheiceáil ina mothaíonn gach leanbh agus duine óg go bhfuil meas orthu agus go mbíonn tacaíocht agus cothú ar fáil dóibh go gníomhach chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.
“Bíonn ról ollmhór ag scoileanna maidir lenár leanaí agus ár ndaoine óga a chothú agus a thacú. Táim tiomanta do chóras a bheith ar fáil a sholáthraíonn oideachas ar ardchaighdeán agus a chinntíonn cothromas deiseanna. Beidh mo Roinn ag obair leis na comhpháirtithe oideachais chun ceannaireacht agus tacaíocht straitéiseach a sholáthar chun oideachas ardchaighdeáin a sholáthar dár ndaltaí uile.
“Sa Ráiteas Straitéise seo leagtar amach spriocanna ardleibhéil agus na gníomhartha straitéiseacha a chuirfear chun cinn chun na spriocanna sin a bhaint amach thar an tréimhse go dtí 2023.
Dúirt an tAire Madigan:
“Mar an chéad Aire le freagracht ar leith don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil béim lárnach sa Ráiteas Straitéise seo ar an tábhacht a bhaineann le cothromas deiseanna do gach dalta, rud a léiríonn na tosaíochtaí, a fógraíodh cheana, atá agam sa réimse seo. Tá iarracht á dhéanamh againn córas oideachais a thógáil ina bhfuil an chuimsitheacht ina chroílár, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara agus na comhpháirtithe uile san oideachas. Ba chóir go mbeadh ár scoileanna ag fáiltiú roimh áiteanna do dhaltaí de gach cumas agus cúlra, agus go dtugtar deis do gach dalta foghlaim ó eispéireas daoine eile agus a lánacmhainneacht a bhaint amach taobh le taobh lena bpiaraí.
“Dhírigh eispéireas Covid-19 béim ar a thábhachtaí agus atá scoileanna dár leanaí agus an ról tábhachtach a bheidh acu maidir le dul i ngleic le tionchar Covid-19 ar oideachas leanaí.”
“Tá tacú le hoideachas agus cuimsiú speisialta ag croílár an ráitis straitéise seo, le pointí gníomhaíochta ábhartha i ngach réimse. Ó fheabhas a chur ar thacaíochtaí oideachais speisialta i scoileanna príomhshrutha, ár scoileanna speisialta a threisiú, oiliúint fheabhsaithe, idirghabhálacha spriocdhírithe, athchóiriú reachtaíochta, agus cultúr uilechuimsitheachta a neartú, go háirithe do dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste, tá áthas orm go bhfuil an Roinn Oideachais tiomanta don phrionsabal bunúsach ar oideachas oiriúnach a sholáthar don uile dhuine. Táim ag tnúth le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe go léirlena chinntiú go gcuirtear na gníomhartha seo i bhfeidhm.
“Tá iliomad dúshlán ag eascairt ó Covid19 agus leanann an scéal amhlaidh. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an tionchar ar dhaltaí, ar bhaill foirne agus ar theaghlaigh, agus ní mór dóibh seo a bheith mar thosaíochtaí againn. Caithfidh tacú le riachtanais leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus iad siúd atá i mbaol míbhuntáiste agus eisiamh oideachais a bheith i gcroílár an méid a éireoidh linn a bhaint amach tríd an oideachas. Táim ag tnúth le bheith ag obair sna blianta atá le teacht chun na tacaíochtaí do leanaí a mhéadú de réir na riachtanas a bhíonn acu.”
Clúdaíonn an Ráiteas Straitéise, atá foilsithe ar líne ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/raiteas-straiteise-2021-2023-an-roinn-oideachais/ an tréimhse ó 2021 go 2023.
Tá ceanglas arRanna Rialtais Ráiteas Straitéise nua a ullmhú nuair a cheaptar Aire nua.
Sa Ráiteas Straitéise leagtar amach an fhís, an misean agus na spriocanna straitéiseacha a threoróidh clár oibre na Roinne sa tréimhse trí bliana 2021-2023.
Is í an fhís ná:
“Córas oideachais ina mothaíonn gach leanbh agus duine óg go bhfuil luach air agus ina dtacaítear leis agus ina ndéantar é a chothú go gníomhach chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.”
Is é an ráiteas misean:
“Chun gnóthachtáil a lánacmhainneachta a éascú do leanaí agus do dhaoine óga tríd an bhfoghlaimchun cur le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na hÉireann.”
D’fhonn an fhís agus an misean seo a bhaint amach, tá trí sprioc ardleibhéil leagtha amach sa Ráiteas Straitéise:
Sprioc 1:Tacú le hoideachas ardchaighdeáin a sholáthar agus an taithí foghlama a fheabhsú chun freastal ar riachtanais gach dalta i scoileanna agus i suíomhanna luathbhlianta
Sprioc 2:Cinnte a dhéanamh de go bhfuil ann do chothromas deiseanna san oideachas agus go dtacaítear le gach dalta a lánacmhainneacht a bhaint amach
Sprioc 3:In éineacht lenár gcomhpháirtithe, ceannaireacht straitéiseach agus tacaíocht a thabhairt do sheachadadh na gcóras ceart agus an bhonneagair chirt don earnáil
Tá raon gníomhaíochtaí straitéiseacha mar bhonn leis na trí sprioc ardleibhéil seo.
Cuireann siad seo san áireamh na dúshláin atá roimh an gcóras faoi láthair. Go príomha ina measc seo tá an tionchar a bhí ag, agus a leanfaidh ó, Covid-19 ar theagasc agus ar fhoghlaim i scoileanna ar fud anchórais.
Cuireann siad san áireamh freisin an comhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sochaíoch ina mbíonn scoileanna agus an córas oideachais ag feidhmiú agus tábhacht an oideachais mar bhuncheart daonna faoin dlí idirnáisiúnta.
Aithnítear freisin ról an chórais oideachais maidir le cur le spriocanna an Rialtais uile a bhaint amach, ar nós athrú aeráide agus dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta agus tá tiomantas ann oibriú i gcomhar le Ranna Rialtais eile chun iad seo a bhaint amach.
I measc na bpríomhghníomhaíochta straitéiseacha, leagtar béim ar a bhfuil luaite thíos:
• tacú le pobail scoileanna trí Covid-19 agus ina dhiaidh sin, go háirithe na daltaí sin atá i mbaol míbhuntáiste oideachais;
• lucht saothair an oideachais a fhorbairt agus a thacú trí FGL, lena n-áirítear réimse an oideachaisspeisialta;
• an t-eispéireas foghlama a neartú agus an curaclam bunscoile nua, an tSraith Shóisearach a neartú mar aon le hathchóiriú na Sraithe Sinsearaí a chur chun cinn;
• tacú le timpeallachtaí uilechuimsitheacha a chur chun cinn inár scoileanna agus inár lárionaid oideachais;
• a chinntiú go mbíonn príomhphointí aistrithe éifeachtach agus go dtacaíonn siad leis na torthaí foghlama is fearr do gach dalta, agus iad ag gluaiseacht tríd an oideachas;
• tacú le foghlaim na Gaeilge, an soláthar lán-Ghaeilge a leathnú agus an polasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm;
• gníomhaíochtaí seach-churaclaim a chur chun cinn laistigh de scoileanna agus oibriú i dtreo páipéar polasaí ar an gceist seo;
• tacú le sláinte mheabhrach agus le folláine daltaí;
• tacú le rannpháirtíocht agus dul chun cinn daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna príomhshrutha agus i scoileanna speisialta trí acmhainní comhtháite a sheachadadh;
• an fhorbairt ar áiteanna i ranganna speisialta do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu i scoileanna príomhshrutha nua agus atá ann cheana a mhéadú;
• cuidiú le daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachaisacmhainní oideachais cuí a rochtain;
• dul i ngleic leis an mbearna coinneála agus gnóthachtála idir scoileanna DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna) agus scoileanna neamh-DEIS tríd an gclár DEIS;
• éagsúlacht na gcineálacha scoileanna a mhéadú;
• tacú le clár infreastruchtúir fairsing scoileanna a sheachadadh, a chuimsíonn dea-chleachtas i mbearta gníomhaíochta aeráide agus a sholáthraíonn áit do gach dalta.
Plean Gníomhaíochta don Oideachas
Leanann obair na Roinne maidir le Plean Gníomhaíochta don Oideachas a fhorbairt. Beidh tuilleadh mionléirithe agus forbartha anseo ar na gníomhaíochtaí straitéiseacha atá leagtha amach thuas ina mbeidh tosaíochtaí níos mionsonraithe a bheidh le seachadadh sa ghearrthéarma. Cruthóidh sé seo an deis monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo aidhmeanna na Roinne a bhaint amach.