An tAire Hackett agus an tAire Noonan tagtha le chéile chun an Crotach a Chaomhnú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Pippa Hackett agus an tAire Malcolm Noonan tagtha le chéile, mar aon lena Ranna faoi seach, chun pleananna a bhrú chun cinn chun an crotach aitheanta a chaomhnú. D'fhógair Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra an Aire Noonan poist do 30 conraitheoir inné chun bheith ag obair le Clár Caomhnaithe an Chrotaigh, agus é beartaithe tús a chur leis an obair láithreach.
Tá Clár Caomhnaithe an Chrotaigh á reáchtáil agus á mhaoiniú go príomha ag an NPWS, atá faoi chúram an Aire Noonan, ach a bhuíochas d'infheistíocht bhreise airgid ón Roinn Talmhaíochta beifear ábalta na hoifigigh allamuigh a earcú níos luaithe ná mar a bheifí go hiondúil murach an infheistíocht sin a bheith ar fáil.
Ag tagairt don fheachtas earcaíochta láithreach, Dúirt an tAire Hackett:
'Tá ríméad orm tacú leis an tionscadal seo trína mbeidh daoine ábalta tús a chur le hobair níos túisce sa bhliain, mar go dteastaíonn daoine uainn anois. Tá an tréimhse réamhshéasúir ó Eanáir go dtí Márta ríthábhachtach agus ciallaíonn an t-earcú luath seo go mbeidh Oifigigh Allamuigh ábalta tús a chur leis an obair agus an bhunchloch a leagan don bhliain amach romhainn i gcomhar le húinéirí talún agus pobail agus sin a bheith déanta sula dtosaíonn séasúr an ghoir.
Is éard a dúirt an tAire Noonan agus é ag leagan béime ar an tábhacht atá leis sin a dhéanamh agus acmhainní a dhíriú ar an dícheall caomhnaithe agus sin amháin,
"Cuirim fáilte roimh an gcomhpháirtíocht seo idir mo Roinn agus Roinn an Aire Hackett. Is ábhar mór imní dúinn é cás an Chrotaigh ó thaobh caomhnaithe de, ceann de na cásanna is deacra agus is práinní dár linne: tá laghdú 96% tagtha ar líon na gCrotach goir ó dheireadh na 1980idí/ tús na 1990idí, agus tá siad anois i mbaol a ndíothaithe. Is cúis áthais dom go bhfuil tairbhe á baint cheana féin as an gcomhoibriú idir Foirne Gníomhaíochta an Chrotaigh, feirmeoirí agus pobail áitiúla ó thaobh an chaomhnaithe de. Cuirfidh an maoiniú seo ar ár gcumas an obair i gcomhar sin a neartú agus dul i mbun oibre le chéile chun an t-éan aitheanta seo, a bhfuil an-ghean air, a chosaint."
Tá Clár Caomhnaithe an Chrotaigh, a aimsíonn Crotaigh agus a thacaíonn leo a n-éin óga a thógáil, ar bun le cúig shéasúr anois. Bhunaigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra é in 2017 agus tháinig an Roinn Talmhaíochta ar bord mar chomhpháirtí in 2020. Is ionann pacáiste cómhaoinithe na bliana seo agus €500,000.
Labhair an tAire Hackett faoi luach breise mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht áfach agus dúirt,
"Tá mo Roinnse ag cuidiú le caomhnú an Chrotaigh cheana trí scéimeanna faoi stiúir áitiúil agus trí scéim shuaitheanta timpeallachta na Roinne, GLAS, ach ní maoiniú amháin atá i gceist leis an gcomhoibriú seo. Ciallaíonn sé chomh maith go mbeidh Oifigigh Chomhairleacha Crotaigh i mbun rannpháirtíochta leis na Comhairleoirí GLAS atá ann cheana agus a bhfuil forbairt déanta acu ar phleananna Crotaigh GLAS. Cuirfidh sin uasoiliúint ar chomhairleoirí a bhíonn ag obair i limistéir an Chrotaigh agus ullmhóidh an bealach do chaidreamh amach anseo idir lucht pleanála agrachomhshaoil agus sainchomhairleoirí. Tá dícheall i gcomhar dá leithéid riachtanach agus muid ag brath ar fheirmeoirí agus úinéirí talún na crotaigh dheireanacha sa tír a chosaint. Is fúthusan atá an méid atá i ndán don Chrotach agus tá a fhios agam go bhfuil siad réidh chun athruithe dearfacha a dhéanamh ar mhaithe leis an nádúr agus tacaíocht agus comhairle speisialtóra curtha ar fáil dóibh."
D'aontaigh an tAire Noonan agus dúirt,
"Is nasc é an Crotach le hÉire fhiáin ón am atá caite, agus tá na feirmeoirí agus úinéirí talún a thugann tacaíocht do líon na gcrotach goir atá fanta riachtanach don méid atá i ndán don éan. Tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú seo tuilleadh leis an obair thábhachtach atá tugtha chun críche acu cheana i gcomhar le Clár Caomhnaithe an Chrotaigh, agus go gcuideoidh sé lena chinntiú go gcloisfear fead ar leith an Chrotaigh ghlóraigh seo mar chuid d'fhuaim thuaithe na hÉireann sna blianta amach romhainn."
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is í an tAire Pippa Hackett an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Cúrsaí Bithéagsúlachta. Is é an tAire Malcolm Noonan an tAire Stáit d'Oidhreacht & Athchóiriú Toghchán sa Roinn Tithíochta.
Tá Clár Caomhnaithe an Chrotaigh ag lorg iarratas le haghaidh na bpost ar Fhoirne Gníomhaíochta an Chrotaigh. Is féidir sonraí a fháil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra ar www.npws.ie/ nó trí ríomhphost a sheoladh chuig Agri.Ecology@chg.gov.ie
Is comhthionscnamh atá i gClár Caomhnaithe an Chrotaigh gClár Caomhnaithe an Chrotaigh (CCP) idir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra (An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Bunaíodh é in 2017. Is ionann an cómhaoiniú don chlár i mbliana agus €500,000.
Tá laghdú 96% tagtha ar líon na gCrotach Goir ó dheireadh na 1980idí/ tús na 1990idí, agus tá siad anois i mbaol a ndíothaithe mar speiceas goir in Éirinn. Is mar gheall ar chúinsí éagsúla a tharla an laghdú, ach tá obair an CCP riachtanach chun aghaidh a thabhairt air.
Cuireann an CCP bearta caomhnaithe i bhfeidhm. Bíonn oibrithe allamuigh díograiseacha ag obair i naoi gcinn de limistéir gheografacha mar chuid 'd'Fhoirne Gníomhaíochta an Chrotaigh', a chuireann cur chuige faoi stiúir áitiúil ar fáil ar mhaithe leis an gCrotach. Téann siad i mbun suirbhéireachta agus faigheann siad neadacha, téann said i mbun rannpháirtíochta le húinéirí talún agus tugann faoi bhearta ar leith (e.g. ag caint le húinéirí talún, ag feabhsú gnáthóige, agus ag cur fálta go sealadach timpeall ar neadacha chun iad a chosaint ó chreachadóirí, ag cur comhairle ar fáil do phleanálaithe agrachomhshaoil, etc.)
Is príomhchuid den CCP go dtí seo oideachas agus rannpháirtíocht an phobail níos leithne chomh maith (féach, mar shampla, struchtúir an Chrotaigh a nochtadh i dtrí bhaile/sráidbhaile in 2020 - beidh tuilleadh ag teacht in 2021) . Tá na caidrimh idir úinéirí talún agus Foirne Gníomhaíochta an Chrotaigh neartaithe.
Mhol an Tascfhórsa ar an gCrotach (fóram de pháirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear an NPWS, DAFM, NGOanna, Eagraíochtaí Feirmeoireachta, etc) go bhfuil cur chuige i gcomhar agus comhtháite ag teastáil chun an Crotach a chaomhnú. Mar fhreagra, tá an DAFM ag obair i gcomhar leis an NPWS ar an CCP, anuas ar an DAFM a bheith i mbun pleananna GLAS a riar ar leithligh don Chrotach agus ag tacú le EIP Chrotach Goir na hÉireann faoi chlár Forbartha Tuaithe na Roinne sin agus rinneadh infheistíocht €1.1m i scéim faoi stiúir áitiúil - Deisceart Loch Coirib agus Deisceart Liatroma.
Tá sé beartaithe leanúint le CCP in 2021, agus Foirne Gníomhaíochta an Chrotaigh i 9 gcinn de limistéir gheografacha a chlúdaíonn tuairim is leath de na limistéir a bhfuil a fhios go bhfuil an Crotach iontu in Éirinn. Beidh tuairim is 30 conraitheoir fostaithe do shéasúr na ngort. Cuireann an ranníocaíocht airgeadais ón DAFM chuig NPWS don CCP ar a gcumas conraitheoirí a fhostú luath sa bhliain, sula mbíonn tús le séasúr an ghoir. Tá an tréimhse réamhshéasúir thar a bheith tábhachtach ó lár mhí Eanáir go Márta chun ullmhú don uair a bhfillfidh an crotach ar a bhfearainn póraithe san earrach. Tabharfaidh sé deis d'Oifigigh Chomhairleacha Crotaigh (an duine atá i gceannas ar gach uile Foireann Gníomhaíochta áitiúil an Chrotaigh) laethanta oiliúna a reáchtáil do phleanálaithe GLAS atá ann cheana a bhfuil pleananna Crotaigh Glas curtha i dtoll a chéile acu, a bhfuil sinéirgí do lucht pleanála GLAS, rannpháirtithe agus an timpeallacht ghlactha mar thoradh orthu. Cuirfidh sin 'uasoiliúint' ar lucht pleanála a bhíonn ag obair i limistéir an Chrotaigh agus ullmhóidh an bealach do chaidreamh amach anseo idir lucht pleanála agrachomhshaoil agus sainchomhairleoirí.
CRÍOCH