Athluacháil ar Údaráis Áitiúla curtha siar go dtí 2022
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar gheall ar COVID-19, chomhaontaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis an gCoimisinéir Luachála inniu (an 24 Feabhra 2021) go gcuirfidh an Coimisinéir an athluacháil ar an réadmhaoin inrátáilte sna limistéir údaráis áitiúil seo a leanas siar go dtí 2022:
Comhairle Contae an Chláir, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Tabharfar luachálacha nua mar thoradh ar an athluacháil a dhéanfar ar na húdaráis áitiúla seo chun críche i Meán Fómhair 2022 agus beidh éifeacht leo ar mhaithe le cuspóirí rátaí ó 2023 ar aghaidh.
Tá athluachálacha na n-údarás áitiúil seo mar chuid de chlár náisiúnta leanúnach lena chinntiú go ndéantar na luachálacha inrátáilte ar gach réadmhaoin tráchtála agus tionsclaíochta in Éirinn de réir córas rialta chun coibhneasacht a choimeád idir íocóirí rátaí aonair sa limistéar údaráis áitiúil céanna. Is é cuspóir na hathluachála chun trédhearcacht agus cothroime mhéadaithe a chruthú i gcóras rátála an údaráis áitiúil.
Níl réadmhaoin chónaithe ná tailte talmhaíochta inrátáilte agus ní dhéanann athluacháil difear dóibh, dá bharr.
Má theastaíonn eolas breise uait, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifig Luachála trí na sonraí seo a leanas a úsáid:
Guthán: 01 8171006
Ríomhphost: press.officer@valoff.ie