Ráiteas ar an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Rialtas tar éis a fhógairt go bhfuil an réadmhaoin a bhí i seilbh na Gníomhaireachta Forbartha don Mhol Digiteach (GFMD) i gceantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath lena haistriú go dtí an Ghníomhaireacht Forbartha Talún i lár 2022.
Is tionscadal claochlaitheach do Bhaile Átha Cliath í an athfhorbairt a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún ar an láthair 5.6 acra atá i seilbh na GFMD, lena dtiocfaidh féidearthachtaí i dtaca le méid suntasach tithíochta a sholáthar i gceantar lárnach, mar aon le féidearthachtaí i dtaca le húsáidí talún eile. Tá sé de rún ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún plean a réiteach le haghaidh forbartha ar shuíomh GFMD agus rachaidh siad i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus le páirtithe leasmhara eile i dtaca le húsáidí sibhialta agus pobail eile de bhreis ar an tithíocht.
Rinneadh an cinneadh tar éis athbhreithniú straitéiseach a choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, arbh é an tátal a baineadh as go bhfuil forbairt shuntasach tagtha ar earnáil na teicneolaíochta digití i mBaile Átha Cliath le fiche bliain anuas agus nach bhfuil an Ghníomhaireacht ag teastáil níos mó chun fás leantach na hearnála a chothú. Bhí ról lárnach ag an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach le linn na luathlaethanta agus Baile Átha Cliath á fhorbairt ina mhol teicneolaíochta. Ghabh an tAire Cumarsáide Eamon Ryan buíochas le bord agus le foireann na Gníomhaireachta as a n-obair chrua agus as a dtiomantas ó bunaíodh í in 2003.
Tá an Rialtas tiomanta i gcónaí d’athfhorbairt cheantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath. Beidh an tAire ag obair go dlúth le GFMD, leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún lena chinntiú go gcuirfear riachtanais chliaint agus fhoireann GFMD san áireamh, mar aon leis an bpobal ar a raibh sí ag freastal thar na blianta, agus an t-eagras á scor. Déanfar an ghníomhaireacht a scor i gcaitheamh na bliana atá romhainn agus déanfar na baill foirne bhuana a athlonnú laistigh den tseirbhís phoiblí.
CRÍOCH
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (GFMD) in 2003 d’fhonn maoirsiú a dhéanamh ar Thionscadail an Mhoil Dhigitigh. Socraíodh ar Thionscadal an Mhoil Dhigitigh a bhunú an chéad lá i bhfianaise a fheabhas a bhí ag éirí le braislí ardteicneolaíochta eile ar fud an domhain agus measadh go mbeadh ról tábhachtach aige mar chuid de bheartas an Rialtais i dtaca le forbairt an tionscail ardteicneolaíochta. Cuimsíonn punann réadmhaoine GFMD campas de thart ar 5.6 acra atá lonnaithe i gceantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath. I láthair na huaire, cuimsíonn 30 comhlacht atá lonnaithe ar Champas an Mhoil Dhigitigh agus a fhostaíonn 270 duine, cliantacht GFMD.
Go mall sa bhliain 2019, choimisiúnaigh an Roinn athbhreithniú straitéiseach ar an GFMD d’fhonn polasaí a threorú i dtaca le todhchaí an eagrais, lena n-áirítear cé acu atá an GFMD go fóill ag teastáil le freastal ar riachtanas socheacnamaíoch. Ba iad Grant Thornton a thug faoin athbhreithniú agus rinne grúpa stiúrtha tras-rannach agus gníomhaireachta maoirseacht air. Cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích in 2020.
Is é an tátal ar thángthas air i dtuarascáil Grant Thornton go bhfuil spás leorga solúbtha comhoibrithe ar fáil ar fud Bhaile Átha Cliath, más gá, ina bhféadfaí cliantacht an Mhoil Dhigití a lonnú. Fágann an scor bainistithe seo, a bhfuiltear ag súil é a bheith curtha i gcrích faoi lár 2022, nach mbeidh aon tionchar láithreach ann ar na cliantchomhlachtaí agus go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ag trádáil mar is gnách ar feadh thréimhse an scortha.
Tá réimse cuimsitheach de bhearta i bhfeidhm le tacú le hÉirinn mar lárionad don chéad ghlúin eile d’fhiontair dhigiteacha. Shínigh an tAire Ryan conradh go mall sa bhliain 2020 le cuibhreannas faoi stiúir Dogpatch Labs d’fhonn seirbhísí luasaire, réamhluasaire agus oiliúint don oiliúnóir a sholáthar chun gnólachtaí digiteacha nuathionscanta mar aon le héiceachóras digiteach nuathionscanta níos leithne a fhás. Soláthraíonn an conradh úr gné láidir réigiúnach agus náisiúnta do na seirbhísí nó tá moil ann a sholáthraíonn seirbhísí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i gCiarraí agus i nGaillimh.