Fógraíonn an tAire Harris agus an tAire Daly ciste €3 mhilliún a bhfuil mar aidhm leis tacú le tionscnaimh mheabhairshláinte phobail ar fud na tíre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Daoine Scothaosta agus Meabhairshláinte, ciste €3 mhilliún a bhfuil mar aidhm leis tacú le tionscnaimh mheabhairshláinte phobail ar fud na tíre.
Tríd an gciste, tabharfar tacaíocht d’eagraíochtaí spóirt agus pobail a chuireann dea-mheabhairshláinte chun cinn agus a mhaolaíonn uaigneas sa limistéar áitiúil.
Dúirt an tAire Daly:
“A bhuí leis an gciste €3 mhilliún seo, cabhrófar le heagraíochtaí áitiúla feabhas a chur ar fholláine mheabhrach na ndaoine ina bpobal.
“Is ag grúpaí pobail áitiúil, amhail eagraíochtaí spóirt, clubanna don ógra agus grúpaí eile, atá líonra ball cheana féin. Tá bonneagar tógtha acu freisin lena gcumasaítear dóibh ceangal le líon mór daoine go héasca. Tríd is tríd, tá ardmheas ag na baill ar cheannairí na gclubanna sin agus tá an-iontaoibh acu astu.
“Is é is aidhm don chiste seo cúnamh a thabhairt do ghrúpaí deonacha pobail cur leis an obair iontach atá á déanamh acu cheana féin trí chleachtais choisctheacha agus luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm laistigh dá n-eagraíocht ar mhaithe le folláine an phobail.”
Dúirt Simon Harris TD, an tAire Sláinte:
“Infheisteoimid níos mó ná €1 billiún i seirbhísí meabhairshláinte i mbliana. Osclóimid an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar mar ospidéal úrscothach nua. Earcóimid tuilleadh ball foirne.
“Trí na beartais náisiúnta sin, is gá dúinn tacú leis an ról a imríonn ár bpobail áitiúla i réimse na meabhairshláinte. Téann eagraíochtaí pobail i bhfeidhm ar dhaoine nach féidir lenár seirbhís sláinte dul i bhfeidhm orthu. Tá iontaoibh ag an bpobal astu agus tá meas ag an bpobal orthu.
“Is ceannairí agus crainn taca dá bpobal iad, agus cumasófar leis an gciste seo dúinn aitheantas a thabhairt don obair luachmhar a dhéanann siad agus cabhrú leo cabhrú linn.”
Íocfar an ciste amach trí Choistí Forbartha Pobail Áitiúil agus trí Choistí um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, agus é ceaptha chun eagraíochtaí a chumasú gníomhartha nuálacha a chur i gcrích ar aon dul le beartais agus cuspóirí áitiúla agus náisiúnta chun tairbhe do dhaoine ina bpobal.
Tá an tAire Daly ag moladh do gach eagraíocht a bhfuil spéis acu sa chiste dul i dteagmháil leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (tríd an Údarás Áitiúil) agus leis an gCoiste um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga dá limistéar féin chun faisnéis a fháil faoin gcineál gníomhartha atá beartaithe faoin gciste.
Is féidir leat sonraí teagmhála do na hÚdaráis Áitiúla a fháil ar an suíomh Gréasáin seo a leanas:
CRÍOCH