Preasráitis
Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha cosanta tuile ag Baile Ghealbhaird, Mainistir na Croiche
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil iarratas ó Chomhairle Contae Thiobraid Árann faofa faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim seo, tá maoiniú €76,500 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun draein nua uisce dromchla stoirme (400m ar fhad), dúnphoill, cuasáin agus sruth éalaithe chuig draein oscailte ar Abhann na Siúire a thógáil ag Baile Ghealbhaird, Mainistir na Croiche.
CRÍOCH
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland