Fógraíonn an Taoiseach, an tAire Harris agus an tAire Donohoe 250 tionscadal agus infheistíocht €2 billiún i bPlean Caipitil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
“Infheisteofar níos mó ná €2 billiún i Seirbhísí Sláinte Poiblí thar an gcéad trí bliana eile”
D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar, Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, foilsiú Phlean Caipitil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu (an 2 Meán Fómhair 2019).
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an phlean, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:
“Faoi Éire 2040 - An Tionscadal, déanfaimid an infheistíocht i mbonneagar agus trealamh cúram sláinte a dhúbailt ó €5 billiún sna deich mbliana seo a thart go níos mó ná €10 billiún sna deich mbliana atá romhainn.
“Leagtar amach sa Phlean seo go gcaithfimid níos mó ná €2 billiún idir seo agus an bhliain 2021 ar ospidéil nua a sholáthar, ar shaoráidí áitiúla sláinte a fheabhsú sa phobal agus ar na céadta leaba ospidéil sa bhreis, ar leapacha iad a bhfuil géarghá leo, a chur ar fáil.
“Beag beann ar na mórdhúshláin atá romhainn, tá an infheistíocht seo á déanamh ag am ina bhfuil dul chun cinn dearfach á dhéanamh inár seirbhís sláinte. Tá amanna feithimh le haghaidh obráidí agus gnáthamh ag laghdú ar deireadh thiar thall. Faoi dheireadh na bliana, beidh níos mó ná 11,000 leaba ospidéil againn den chéad uair ón mbliain 2009 amach. Is féidir le níos mó agus níos mó daoine freastal ar an dochtúir saor in aisce anois agus tá conradh nua i bhfeidhm againn dár gcuid liachleachtóirí ginearálta agus altraí.
“Trí infheistiú a dhéanamh i saoráidí níos fearr, i dtrealamh níos nuaí agus i dtuilleadh foirgneamh, tá seirbhís sláinte á tógáil againn chun an cúram a theastaíonn uait a thabhairt duit nuair a theastaíonn uait é.”
Ag fógairt dó fhoilsiú an Phlean Caipitil, dúirt an tAire Harris:
“Léiriú eile ar an infheistíocht atá á déanamh inár seirbhís sláinte is ea an Plean Caipitil atá á fhoilsiú inniu.
“Is é seo céim a haon dár gclár infheistíochta caipitil deich mbliana. Tá rún daingean againn 250 tionscadal a chur i gcrích ar fud na tíre thar an gcéad trí bliana eile, ar lena linn a sholáthrófar 480 leaba nua, 30 ionad nua cúraim phríomhúil agus 58 n-aonad altranais phobail agus a dhéanfar infheistíocht shuntasach i dtionscadail mheabhairshláinte agus mhíchumais sa phobal.
“De réir mar a athchóirímid an tseirbhís sláinte ar aon dul le Sláintecare, tá sé ríthábhachtach go leanfaimis le hinfheistiú i mbonneagar caipitil agus go n-infheisteoimis i suíomhanna cúram pobail agus cúraim shóisialta.”
Foráiltear leis an bPlean Caipitil seo do bheagán níos mó ná €2 billiún a chaitheamh ar thionscadail chaipitil sláinte ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2021. Áireofar iad seo a leanas leo sin:
A bhuí leis an soláthar méadaithe cistiúcháin chaipitil seo, cuireadh ar chumas FSS dul chun cinn a phleanáil agus a chistiú i leith na dtionscadal a cuireadh ar áireamh i bpleananna roimhe seo agus tionscadail eile a ndearnadh meastóireacht orthu agus ar tugadh tosaíocht dóibh a chur ar áireamh sa phlean don bhliain 2019, lena n-áirítear cláir thosaíochta agus mórthionscadail chaipitil de chuid an Rialtais.
Tá an Roinn Sláinte ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun plean caipitil ilbhliantúil a fhorbairt do sheirbhísí sláinte i gcomhthéacs na gcostas méadaithe a bheidh ag baint le hOspidéal nua na Leanaí sa bhliain 2019 agus ina diaidh.
Dúirt Paschal Donohoe, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:
“Is é is Éire 2040 - An Tionscadal ann ná an creat uileghabhálach beartais agus pleanála le haghaidh fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha ár dtíre.
“Tugtar sa phlean uainn mórinfheistíocht phoiblí i mbonneagar sláinte chun ár riachtanais bhonneagair reatha a chomhlíonadh ionas gur féidir linn freastal ar fhás daonra measta a bheidh cothrom le haon mhilliún duine agus freagairt do phróifíl dhéimeagrafach athraitheach na hÉireann.
“Toradh eile a bheidh ar an bplean is ea go gcuirfear ar ár gcumas an fhís atá againn a bhaint amach, is é sin, córas cúram sláinte atá sábháilte, inrochtana, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a sholáthar. Déanfaimid é sin trí chistiú caipitil €10.9 billiún a sholáthar thar an gcéad deich mbliana eile, rud a éascóidh plean láidir uaillmhianach a bhfuil mar aidhm leis ár seirbhísí sláinte a fheabhsú.”
CRÍOCH