An dara tráinse de Bhailte agus Sráidbhailte faoi tuath le tacaíochtaí oiriúnaithe COVID-19 a fháil fógartha ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sonraí fógartha ag Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu ( ar na tionscadail a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh faoin dara babhta de Scéim Fheabhsaithe Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte a thacaíonn le bailte agus sráidbhailte freagra a thabhairt ar COVID-19 agus dul in oiriúint dó.
Leagtar béim leis an maoiniú seo ar na bearta agus idirghabhálacha a chuidíonn le bailte agus sráidbhailte dul in oiriúint do riachtanais scartha sóisialta agus le timpeallachtaí sábháilte a chur ar fáil a spreagfaidh daoine dul ag siopadóireacht agus casadh le chéile i mbailte agus i sráidbhailte.
Sa leithdháileadh is déanaí seo de mhaoiniú, tá €3.3 milliún ceadaithe ag an Aire Humphreys le haghaidh 120 tionscadal ar fud na tíre.
Tá sin sa bhreis ar an €2.8 milliún a fógraíodh faoi Bhabhta 1 den scéim i mí Lúnasa.
Samplaí de na tionscadail ar éirigh leo maoiniú a fháil faoin leithdháileadh is déanaí is ea :
Dúirt an tAire Humphreys inniu :
"Tá an-áthas orm an dara babhta de mhaoiniú do thionscadail faoi Scéim Fheabhsaithe Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte a fhógairt. Tá béim leagtha ag na dúshláin a bhí ann le roinnt míonna anuas ar an ról lárnach atá ag ár gcuid bailte agus sráidbhailte i saol na ndaoine atá ina gcónaí faoin tuath. Is ann a bhíonn muid inár gcónaí, ag obair, ag siopadóireacht agus ag casadh lena chéile.
"Tá athrú ar an saol ó lá go lá mar gheall ar COVID-19, ach cuideoidh na tionscadail atá ceadaithe inniu agam le bailte agus sráidbhailte faoin tuath le dul in oiriúint do na hathruithe sin. Tá sé tábhachtach go mbeadh ár gcuid bailte agus sráidbhailte chomh fáiltiúil agus is féidir agus go gcuirfimis an bonneagar is gá ar fáil le go mbeidh daoine ábalta tairbhe a bhaint as siopaí agus seirbhísí áitiúla, agus casadh lena chéile, ar bhealach atá sábháilte ag an am seo.
"Maidir leis an maoiniú €3.3 milliún atá á leithroinnt inniu agam ar 120 baile agus sráidbhaile, is le haghaidh tionscadail is féidir a chur ar fáil go tapa é agus spreagfaidh sé daoine le cuairt a thabhairt ar ár gcuid bailte agus sráidbhailte, agus tabharfaidh sé muinín dóibh níos mó ama a chaitheamh iontu. Tá maoiniú an lae inniu sa bhreis ar leithroinnt €2.8 milliún a roinneadh ar 120 tionscadal i mí Lúnasa agus a fuair tacaíocht faoi phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil an Rialtais."
Dúirt an tAire chomh maith :
"Tá tionscadail curtha chun cinn arís eile ag na hÚdaráis Áitiúla, i gcomhar leis na pobail áitiúla, a chuideoidh le riachtanais ar leith a gcuid ceantar féin a shásamh. Tá tacaíocht tugtha de réimse leathan de bhearta nuálacha faoin mbabhta maoiniúcháin seo, lena n-áirítear ollphubaill agus trealamh chun imeachtaí agus féilte lasmuigh a éascú a cheannach chomh maith le spásanna teacht le chéile lasmuigh foscúla a chur ar fáil.
Tá áthas orm chomh maith go mbeidh mé ábalta tacaíocht a chur ar fáil chun líon Pointí Ceangailte Leathanbhanda a fheistiú ar fud na tíre, atá riachtanach do dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna iargúlta chun go mbeidh teacht acu ar an idirlín nó chun go mbeidh siad ábalta cianobair a dhéanamh."
Tá sonraí iomlána faoin 120 tionscadal a bhfuil tacaíocht faighte acu faoi Bhabhta 2 le fáil ar an láithreán gréasáin Gov.ie anseo.
Faoi Phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil, tá maoiniú breise €10 milliún curtha ar fáil chun tacú le bailte agus sráidbhailte beaga faoi Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020. Tá sin sa bhreis ar an €15 milliún atá curtha ar leataobh cheana féin don Scéim don bhliain 2020. Tugadh cuireadh d'Údaráis Áitiúla iarratais a chur ar aghaidh faoi 3 bhabhta éagsúla de mhaoiniú feabhsaithe mar fhreagra ar COVID-19 (Beart Luathaithe), agus ar Scéim Caighdeánach na mBailte agus na Sráidbhailte.
Rinneadh na tionscadail a ceadaíodh faoi Bhabhta 1 den Bheart Luathaithe a fhógairt an 3 Lúnasa agus is féidir teacht ar na sonraí anseo.
Is féidir teacht ar an liosta den 120 baile agus sráidbhaile a fuair maoiniú faoi Bhabhta 2 anseo.
Ba é an 28 Lúnasa 2020 an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh ar an 3ú babhta (an babhta deiridh) den Bheart Luathaithe. Tá na hiarratais sin á meas i láthair na huaire ag oifigigh Roinne.
Cabhróidh na tionscadail a ceadaíodh le gnóthaí/pobail i mbailte/sráidbhailte le dul in oiriúint do na dúshláin shonracha arna gcruthú ag COVID-19 (e.g. scaradh sóisialta) agus cur leis an líon cuairteoirí agus leis an méid gníomhaíochta eacnamaíochta sa ghearrthéarma: Is iad na grúpaí pobail agus gnóthaí áitiúla i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla a thug na tograí seo chun suntais.
Áirítear ar na tionscadail spásanna lasmuigh a chur in oiriúint do theacht le chéile sóisialta, ithe nó imeachtaí lasmuigh a óstáil; feachtais mhargaíochta chun daoine a mhealladh ar ais isteach sna bailte agus sráidbhailte; infheistíocht a dhéanamh chun cur le láithreacht ar líne bailte agus sráidbhailte agus í a fheabhsú; ollphubaill agus trealamh ardáin a cheannach chun tacú le féilte/imeachtaí áitiúla; feabhas a chur ar an réimse poiblí/bonneagar d'fhonn a chur ar a gcumas scaradh sóisialta a dhéanamh agus go mbeadh bailte/sráidbhailte níos fáiltí.